Brian Merriman 1805 – 2005 — ceiliúradh
Dáta éisithe
- Le scaipeadh
- 17.30
- 27 Mí Iúil 2005
TOSACH
Fógraíodh sonraí faoi Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2005 i Luimneach ar an gCéadaoin 27 Iúil, cothrom an lae 200 bliain go díreach ó bhásaigh Brian Merriman i Sean‑Sráid an Chláir sa chathair sin ar 27 Iúil 1805.
Is i Lios Dúin Bhearna a bheidh Scoil Samhraidh na bliana seo ó Shatharn go Satharn, 20 – 27 Lúnasa. Is é Bob Collins Stiúrthóir Scoil Samhraidh 2005, iar‑Phríomhstiúrthóir RTÉ agus Príomhchoimisinéir nua‑cheaptha ar Choimisiún Comhionannais an Tuaiscirt.
Seán Donlon, Seansailéir Ollscoil Luimnigh, agus iar‑Ambasadóir na hÉireann chuig Stáit Aontaithe Mheiricieá, a osclóidh an Scoil.
Scoil ar leith í Scoil Samhraidh 2005 le comóradh a dhéanamh ar 200 bliain ó bhás Bhrian Merriman. Tá sé i gceist féachaint siar agus ceiliúradh a dhéanamh ar Chúirt an Mheán Oíche, agus féachaint romhainn agus tábhacht leanúnach phríomhthéamaí na Cúirte a mheas. Beidh clár méadaithe ann i mbliana leis na hábhair seo a leanas a chlúdach:
- Cúirt an Mheán Oíche: an dán; teanga an dáin; tionchar an dáin
- Bhrian Merriman féin, agus a ré – An Clár, Luimneach, an t‑oideachas, an chléir, agus an comhtheács ginearálta stairiúil
- Iniúchadh ó dhearcadh na linne seo ar phríomhthéamaí an tsárdháin, Cúirt an Mheán Oíche
- An fhilíocht chomhaimsearta i nGaeilge agus i mBéarla
Beidh béim faoi leith ar an bpósadh, ceann de phríomhthéamaí an dáin agus mórábhar suime fós i saol an lae inniu. Téamaí eile a iniúchfar iad saol na mban, agus an chléir, san ochtú céad déag agus inniu, chomh maith le ról na hÉireann san Eoraip le linn Mherriman agus lenár linn féin.
In ómós do Bhrian Merriman, file, agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfilíocht chomhaimseartha i gcomhthéacs chomóradh seo an dá chéad, beidh Cúirt an Mheán Lae ina ghné ar leith de scoil na bliana 2005, le filí Gaeilge agus Béarla ag léamh a saothair féin.
Beidh deiseanna ag rannpháirtithe staidéar agus mionléamh a dhéanamh ar bhuntéacs Chúirt an Mheon‑ Oíche i rith na seachtaine le Eoghan Ó hAnluain agus le Liam P. Ó Murchú. Seolfar dhá dhlúthdhiosca den Chúirt á léamh le linn na Scoile: ceann leis an iar‑Theachta Dála as Contae an Chláir, Seán Ó Ceallaigh, nach maireann (athair an Easpaig Fiachra Ó Ceallaigh), a taifeadadh roinnt mhaith bliana ó shin, a bheidh á thabhairt amach ag Leabharlann an Chláir; agus ceann den léamh a rinneadh ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i mBun Raite, arna thaifeadadh agus arna fhoilsiú ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. B'iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain na léitheoirí, agus b'é Darach Mac Con Iomaire an léiritheoir.
Beidh na gnáthsheisiúin ar Renew your Irish ann, chomh maith le ranganna rince seite le Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, seisiúin amhránaíochta, agus turas go dtí An Fhiacail agus Loch Gréine, ceantar Bhriain Merriman in oirthear an Chláir, gan trácht ar Chlub Merriman gach oíche go maidin.
Daoine
I measc na rannpháirtithe i Scoil Samhraidh seo an Dá Chéad beidh:
- Maeve Binchy
- William Binchy
- John Coolohan
- Linda Connolly
- John F Deane
- Seán Donlon
- Garret FitzGerald
- Áine Hyland
- Finola Kennedy
- Declan Kiberd
- Gabriel Kiely
- Margaret Mc Curtain
- Doireann Ní Bhriain
- Úna Nic Éinrí
- Bríd Ní Neachtain
- Meidhbhín Ní Úrdail
- Donnchadh Ó Corráin
- Brian Ó Dálaigh
- Denis O’Donovan TD
- Nuala O’Faolain
- Eoghan Ó hAnluain
- Patrick J Hillery
- Liam P Ó Murchú
- Muiris Ó Rócháin
- Eamon Ryan TD
- Willie Smyth
- Alan Titley
- Katherine Zappone
Beidh na filí, Ciaran Carson, Pádraig Daly, Celia de Fréine, Sinéad Morissey, Gabriel Rosenstock is Peter Sirr ag cur leis an Scoil, leis.
DEIREADH
Tuilleadh faisnéise
- Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar Scoil Samhraidh 2005 ach scéala r‑phoist a sheoladh go foirm r‑phoist Chumann Merriman nó glaoch a chur ar 00 353 86 382 0671.
- Tá faisnéis theagmhála ghinearálta i gcomhair Cumann Merriman le fail ar an láithreán seo.
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire Ní Neachtain, ár nOifigeach Preas, thar r‑phost nó thar guthán ar 00 353 86 382 0671.
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumann Merriman trí fhoirm phoist an láithreán seo, leis.
Uimhreacha úsáideacha
- Liam Ó Dochartaigh
- 00 353 86 382 0671
- Máire Ní Neachtain
- 00 353 86 382 0671
- Úna Uí Chuinn
- 00 353 87 932 4725
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Súil Siar
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil