Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoil Samhraidh Mherriman 2005

Ar an leathanach seo tá fáilte roimh gach éinne go Scoil Samhraidh 2005, dátaí, an téama, an t‑ionad, agus naisc d’fhaisnéis chuimsitheach uirthi.

Ar an Leathanach seo

  1. Fáilte go dtí an Scoil
  2. Buíochas is admháilacha
  3. Téama na Scoile agus bunfhaisnéis uirthi
  4. Cúlra dlúthcheirníní a sheolfar ag an Scoil

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Fáilte go dtí an Scoil!

Bliain faoi leith is ea 2005. Mura raibh tú riamh i láthair ag Scoil Mherriman, b'fhiú go mór do chéad bhlaiseadh a thógaint aisti i mbliana. Ar thaobh eile den scéal, más duine des na seanfhondúirí thú beidh a fhios agat cheana gur bliain í seo nár chóir a chailiúint!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú is le maoin Scoil Samhraidh 2005:

Brian Merriman 1805 – 2005 — ceiliúradh

An Chúirt ar dlúthdhiosca

Seolfar dhá dhlúthdhiosca faoi leith ag Scoil Samhraidh 2005 le ceiliúradh a dhéanamh ar dhá chéad bliain ó bhás Bhrian Merriman. Dhá léamh den dán Cúirt an Mheán Oíche, agus iad fíor‑éagsúil óna chéile, atá ar fáil ar na dlúthdhioscaí seo.

Dlúthdhiosca Sheáin Uí Cheallaigh

Rugadh Seán Ó Ceallaigh (1896 – 1994) i bhForúir, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir. Bhí neart cainteoirí dúchais Gaeilge fós beo sa cheantar le linn a óige. Gaeilge an Chláir an Ghaeilge a shealbhaigh sé go rí‑mhaith agus bheadh Cúirt an Mhean Oíche cloiste aige, á aithris ag seanfhir an Chláir. Ní hamháin sin ach is dócha go mbeadh cuid mhaith acu sin ar an saol agus Brian Merriman féin fós ina bheatha. Bhí an Ceallach ina Ardmháistir ar an gColáiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh agus ina Theachta Dála do cheantar an Chláir idir 1959 agus 1969. Mac le Seán is ea an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh agus le cead agus tacaíocht uaidh sin d’eisigh Leabharlann Chontae an Chláir an dlúthdhiosca seo den aithris a rinne a athair ar an dán. Níor cuireadh ar díol é ach dháil an Leabharlann cóipeanna de saor in aisce ar scoileanna an chontae. Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le Leabharlann Chontae an Chláir ar 00 353 65 682 1616.

Dlúthdhiosca Chumann Merriman & Raidió na Gaeltachta

D’eagraigh Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir Scoil Gheimhridh 2005 léamh drámatúil de Chúirt an Mheon‑Oíche don ócáid sin. B'iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Ó Ceallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain a léigh agus b'é Darach Mac Con Iomaire a léirigh. Tháinig an fhoireann le chéile arís chun an dán a léamh go poiblí i mBaile Mhuirne, i nGaeltacht Mhúsgraí. Tamaill ina dhiaidh sin dhein RTÉ Raidió na Gaeltachta taifeadadh ar an léamh agus is é an taifead sin atá ar an darna dlúthdhiosca. Tá an fhoireann chéanna chun an dán a léamh arís ar an 31 Deireadh Fómhair 2005 mar chuid d’Oireachtas na Gaelainne i gCorcaigh.

Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.