Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Cainteoirí Scoil Samhraidh Mherriman 2005

Ar an leathanach seo tá faisnéis ar chainteoirí agus léachtóirí Scoil Samhraidh Mherriman 2005; ar a gcúlraí agus ar a gcuireann siad leis an Scoil.

Ar an Leathanach seo

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Cainteoirí is léachtóirí i mbliana

Maeve Binchy
Iriseoir, Údar. An iliomad úrscéal scríofa aici (Light a Penny Candle, Firefly Summer, The Lilac Bus 7rl). D.Litt. Oin () 1990. Rinne freastal ar Chéad Scoil Mherriman (Inis, 1968)!
William Binchy
Ollamh Regius le Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Údar agus comhúdar ar leabhair ar dhlí príobháideach idirnáisiúnta, tortanna agus dlí teaghlaigh. Rinne ionadaíocht thar cheann na hÉireann ag Comhdháil an Háig ar Dhlí Príobháideach Idirnáisiúnta maidir le téamaí an phósta agus uchtú idir‑thíortha.
Ciaran Carson
File. Naoi gcnuasach foilsithe aige. Tá Duais Litríochta Éireannach an Irish Times, Duais T.S. Eliot agus Duais Aistriúcháin Oxford Weidenfield (ar son Inferno, Dante, 2002) ar chuid de na duaiseanna a bronnadh air. Is aistriúchán ar Chúirt an Mheán Oíche le Merriman an saothar is deireanaí uaidh. Cúis áthais agus bhróid ag Cumann Merriman go raibh baint acu le ‘macleabhar’ seo Mherriman a thabhairt ar an saol!
Bob Collins
Iar‑Stiúrthóir RTÉ. Ceangal sean-bhunaithe aige le Cumann Merriman. Stiúraigh sé dhá Scoil Samhraidh i dtús na n‑ochtóidí.
Linda Connolly
Léachtóir Sinsearach sa tSocheolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Na leabhair is deireanaí uaithi: The Irish Women’s Movement: from Revolution to Devolution, 2003; Documenting Irish Feminisms, 2004. Social Movements in Ireland (le Niamh Hourican) le teacht go luath.
John Coolahan
Ollamh emeritus le hOideachas, Ollscoil na hÉireann, Máigh Nuad. Go leor oibre déanta aige mar chomhairleoir ní hamháin don Roinn Oideachais ach ar leibhéal idirnáisiúnta leis. Tá Irish Education: history and structure, 2000, ar cheann dá chuid leabhar.
Pádraig Daly
File, sagart Aibhistíneach, aistritheoir. Tá The Last Dreamers: new and selected poems ar cheann dá chuid cnuasach. Aistriúchán dár teideal, Without shoe or horse, 2005, ar dhánta Liam Inglis, Aibhistíneach a bhásaigh in 1778 an saothar is deireanaí óna pheann.
John F. Deane
File, úrscéalaí, gearrscéalaí, aistritheoir, ball d’Aosdána. Toghadh mar Ard-Rúnaí ar Acadamh Eorpach na Filíochta é in 1996. Is iomaí duais ard‑ghradamach buaite aige, Duais Litríochta Marten Toonder ina measc. Aistríodh a shaothar go Gearmáinis, Fraincis, Bulgáiris, Iodáilis, agus Sualainnis. Foilseoidh Carcanet The Instruments of Art an saothar is deireanaí dá chuid i mbliana.
Celia de Fréine
File, drámadóir, scriptscríbhneoir (Ros na Rún). Bhuaigh Duais Patrick Kavanagh (1994), Duais Chomórtas Filíochta Dhún Laoghaire (1996), Sparántacht ón gComhairle Ealaíon (1997).Duais Smurfit‑. Cnuasaigh dá dánta is ea Fiacha Fola agus Faoi Chabáistí is Ríonacha.
Seán Donlon
Iar‑Rúnaí, Roinn Gnóthaí Eachtranacha, Ambasadóir na hÉireann i Washington. Comhairleoir do John Bruton le linn dósan a bheith ina Thaoiseach. Seansailéir Ollscoil Luimnigh.
Garret FitzGerald
Geilleagraí, polaiteoir, scríbhneoir. Aire Gnóthaí Eachtranacha 1973 – 77. Ceannaire Fhine Gael. Taoiseach Meitheamh 1981 – tosach 1982 agus arís 1982 – 87. Seansailéir Ollscoil na hÉireann.
Áine Hyland
Ollamh Oideachais agus Leas‑Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta ar Mhíbhuntáiste Oideachais. Duine d’údair na hÉireann ar stair an oideachais, bhí sí ar dhuine den bhuíon a cheap an Rialtas i 1995 le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mBunreacht.
Finola Kennedy
Is geilleagraí í an Dr. Finola Kennedy. Caiteachas poiblí agus daoneoalíocht a príomhréimsí saineolais. Foilsíodh a leabhar, Cottage to Crèche: Family Change in Ireland, le gairid.
Declan Kiberd
Ollamh le Litríocht Angla‑Éireannach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ar a chóchompord le litríocht na Gaeilge. Is mórshaothair leis Inventing Ireland, 1995 (Duais Litríochta an Irish Times 1997) agus Irish Classics, 2000.
Gabriel Kiely
Ollamh le Beartais Shóisialta agus Obair Shóisialta, agus Ollamh Jean Monnet ar Bheartais Eorpacha i leith an Teaghlaigh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ar chuid den iliomad saothar leis tá Theorising Irish Social Policy, 2004, comheagarthóir i dteannta B. Fanning, P. Kennedy agus S. Quin.
Betty Mc Coy
Múinteoir rince sean‑bhunaithe a raibh ról lárnach aici in athbheochan agus i gcur chun cinn rincí seite.
Margaret Mac Curtain
Staraí, ceannródaí i ngort stair na mban Éireannach. Ball d’Ord na nDoiminicéanach. Léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 1963 – 94. Ollamh ar chuairt i Kansas, Boston, Baltimore. Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na Cartlainne Náisiúnta 1997 – 2002.
Johnny Morrissey
Máistir rince. Múinteoir rince seite a bhfuil aithne mhór air, casann sé an consairtín.
Sinéad Morrissey
An file is óige a bhuaigh Duais Patrick Kavanagh (1990). Mhúin sí sa tSeapáin agus sa Nua Shéalainn. Between Here and There (2002) ceann de na cnuasaigh is deireanaí uaithi.
Doireann Ní Bhriain
Craoltóir agus comhairleoir ealaíne. Rannpháirtí rialta ag léamh filíochta téamúil Scoileanna Mherriman.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Chumann Merriman agus stiúraigh sí Scoil Samhraidh 1999.
Úna Nic Éinrí
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Cuireann an Dr. Nic Éinrí spéis ar leith i bhfilíocht an 18ú aois. Canfar an Dán…, 2003, an saothar is deireanaí uaithi, eagrán de dhánta Liam Inglis, sagart Aibhistíneach (bás: 1778).
Bríd Ní Neachtain
Ball d’fhoireann na Mainistreach anuas go 1999. As Conamara don chainteoir dúchais seo. Bhí ar stáitsí Hong Kong, Broadway, Dún Éideann, Londain... Cuimhnítear ar a ról in Cré na Cille sa Taibhdhearc. Ní baol go ndearmadfar go ceann i bhfad a léamh ar pháirt na mná óige (Cúirt an Mheán Oíche) ag Cúirt na Gaillimhe i mbliana.
Meidhbhín Ní Úrdail
Léachtóir i Roinn na Nua‑Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Foilsíodh ábhar a tráchtais dochtúireachta: The Scribe in Eighteenth and Nineteenth Century Ireland: Motivations and Milieu, 2000. Ag ullmhú eagráin den scéal Cath Cluana Tarbh do Chumann na Sgríbheann Gaedhilge.
Donnchadh Ó Corráin
Ollamh le Stair an Meánaoise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Iliomad ábhar foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de luath stair na hÉireann: dlí canónta agus dúchasach, léann na Lochlannach, ainmneacha, ginealaigh... Údar ar go leo gnéithe de luath stair shóisialta na hÉireann... Bunaitheoir agus Eagarthóir Peritia, Journal of the Medieval Academy of Ireland.
Brian Ó Dálaigh
Staraí as Contae an Chláir. Tá Ennis in the Eighteenth Century, 1995, aistí ar Mherriman i County Clare Studies, 2000, agus ar Eoghan Ó Comhraí i North Munster Antiquarian Journal, 2004 ar chuid dá shaothar. Chuir sé eagar ar Corporation Book of Ennis, 1990; The Strangers Gaze: Travels in County Clare: 1534 – 1950 agus ba chomheagarthóir é ar Irish Townlands, 1998 agus Irish Villages, 2003.
Denis O’Donovan
Dlíodóir agus TD do cheantar Chorcaí Thiar Theas. Cathaoirleach ar an gCoiste Uile Oireachtais ar an mBunreacht leis na réimsí inar inmholta nó gur gá athruithe bunreachtúla a dhéanamh iontu.
Nuala O’Faolain
Léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath tráth, léiritheoir teilifíse, leis an mBBC ar dtús agus in RTÉ ina dhiaidh sin. Tamall mar cholúnaí san Irish Times. Scríobh sí trí leabhar mór‑rachairte: Are you Somebody?, 1996; My Dream of You, 2001 (úrscéal); Almost there, 2003.
Eoghan Ó hAnluain
Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath go dti go ndeachaigh sé ar scor. Stiúraigh sé 24 Scoil Gheimhridh, bhí sé ina Rúnaí ar Chumann Merriman sna blianta tosaigh agus ina Chathaoirleach idir na blianta 1992 – 97.
Pádraig Ó hIrghile
Is iomaí aireacht rialtais a bhí faoina chúram sular déanadh Coimisinéir Eorpach ar Ghnóthaí Sóisialta dó i 1973. Uachtarán na hÉireann idir 1976 is 1990. Ceangal aige le Cumann Merriman ó Scoil Samhraidh 1968. Éarlamh an Chumainn ó 1976 mar chomharba ar na hUachtaráin Eamon de Valera agus Cearbhall Ó Dálaigh.
Liam P. Ó Murchú
Léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Is é an t‑údar is mó é ar dhán Mherriman agus ní bheidh dul thar a eagrán den dán, Cúirt an Mheon Oíche, 1982. Is mór an chomaoin atá curtha aige ar an bhfile agus ar Chumann Merriman, i mbliana go háirithe.
Muiris Ó Rócháin
Duine d’fhondúirí Scoil Willie Clancy, é ina Stiúrthóir ar an scoil ó 1973. Mórfhigiúr i ndomhan an cheoil thraidisiúnta. Cathaoirleach ar Chomhairle Raidío na Gaeltachta.
Gabriel Rosenstock
Duine d’fhilí Innti. Scríbhneoir, aistritheoir, eagarthóir. Timpeall céad leabhar scríofa/aistrithe aige. Dúil aige sa Haiku mar sheánra. Ball d’Aosdána. Sampla maith dá stíl, dá ghreann agus dá ghrinneas is ea Ólann mo mhiúil as an nGainséis, 2003.
Eamon Ryan
TD de chuid an Pháirtí Ghlais, i mBaile Átha Theas. Togahdh ar dtús é i mBealtaine 2002. Tá cúram air i leith Cumarsáide, Acmhainní Nádúrtha, Fionntraíochta, Trádála agus Fostaíochta. Cathaoirleach ar Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath.
Peter Sirr
File, aistritheoir, saor‑scríbhneoir. Ina Stiúrthóir ar Ionad Scríbhneoirí na hÉireann go dtí 2003. Ina eagarthóir ar Poetry Ireland Review. Seacht gcnuasach foilsithe aige, Selected poems, 2004 agus Nonetheless, 2004.
Willie Smyth
Ollamh le Tíreolaíocht, Colásite Ollscoile Chorcaí. Cathaoirleach ar Ionad na hÉireann ar Léann na hIimirce. Stiúrthóir Scoil Samhraidh Mherriman 1998.
Alan Titley
Scoláire, colúnaí leis an Irish Times, úrscéalaí, staraí liteartha, drámadóir... Iliomad duaiseanna buaite aige. Léiriú ar a iléirmiúlacht é Amach, 2004, scéal do dhéagóirí a bhuaigh Duais Bisto i 2004. Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Katherine Zappone
Fealsamh, oide agus taighdeoir neamhspleách. Ball de Choimisiún Chearta Daonna na hÉireann, iar‑Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn, go leor foilsithe aici ar chúrsaí feimineachais, eitice, ceisteanna comhionannais agsu oideachais. Tá Charting the Equality Agenda: A Coherent Framework for Equality Strategies in Ireland North and South (2001) agus Re‑Thinking Identity: The Challenge of Diversity (2003) ar chuid de na saothair is deireanaí uaithi.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2012 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.