Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Imeacht i Luimneach

Ar an Leathanach seo

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


27 Iúil 2005 — ceiliúradh i Luimneach

An tsiúlóid á tosnú ag Prionnsias de Priondargast

Cothrom an lae 200 bliain go díreach ó bhásaigh Brian Merriman i Luimneach ar 27 Iúil 1805, tugadh aitheantas foirmeálta dó ag Comhairle na Cathrach i bpearsa Leas-Mhéara Chathair Luimnigh, an Comhairleoir Jim Long, i Halla na Cathrach ar 10.45 a.m. Bhí thart ar 80 duine i láthair agus is é an t-iar-Mhéara, Proinnsias de Priondargast, a bhí i bhfeighil na hócáide. Ar an ócáid seo chomh maith, bhronn Cathaoirleach Chumann Merriman trí leabhar a bhain le Merriman agus a shaothar ar an Leas‑Mhéara, le comóradh an dá chéad a cheiliúradh. Is iad na leabhair a bronnadh: cóip chomórtha den eagrán deifnídeach de Cúirt an Mheon‑Oíche (a sheol Cumann Merriman an lá céanna) leis an scoláire Gaeilge, Liam P. Ó Murchú ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; Merriman: I bhFábhar Béithe, cnuasach nua aistí le Liam P. Ó Murchú ar an bhfile (agus Leabhar na Bliana 2005 ag Cumann Merriman); agus The Midnight Court, aistriúchán nua le Ciaran Carson ar mhórshaothar Mherriman, a foilsíodh níos túisce i mbliana le linn ‘Cúirt’, an Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta i nGaillimh, le hurraíocht ó Chumann Merriman.

Camchuairt ar Luimneach Mherriman

Pleaiceanna comórtha áitreamh Bhrian Merriman, ar tí a nochtadh

On 11.30 go dtí 2.00, stiúraigh Prionnsias de Priondargast an slua ar chamchuairt an cheantair inar mhair Brian Merriman agus a mhuintir ina dhiaidh .i. Sráid Mhuire, Plás Merriman, agus Sean-Sráid an Chláir. Bhí deis chomh maith tuairisc ar bhaiste garmhic le Brian Merriman a fheiceáil i gclárleabhar an pharóiste i dteach an pharóiste le hais Eaglais Mhuire sa Bhaile Gallda. Bhí d’onóir ag Liam Ó Dochartaigh (Cathaoirleach Chumann Merriman) agus ag Liam P. Ó Murchú (eagarthóir théacs na Cúirte) na pleaiceanna i gcuimhne ar Bhrian Merriman ar bhalla Uimh. 5 Sean‑Sráid an Chláir a nochtadh. Limerick Civic Trust (Denis Leonard) a d’ullmhaigh na pleaiceanna, ceann Béarla agus ceann Gaeilge. Léigh baill de Chonradh na Gaeilge, Luimnigh sleachta gearra as an gCúirt ar an ócáid seo.

Ar 3.00 in Óstán Pery Best Western seoladh, seoladh Cúirt an Mheon‑Oíche, eagrán deifnídeach Liam P. Uí Mhurchú, faoi cheangal speisialta do bhaill Chumann Merriman mar chomóradh ar cheiliúradh an dá chéad bliain ó bhás an fhile.

Preasócáid

Baill de Choiste Chumann Merriman lasmuigh den tigh atá ar shuíomh áitrimh Bhrian Merriman

Tionóladh preasócáid ar 4.00 ag 2 Cearnóg Pery (The Georgian House & Garden) le sonraí faoi chlár Scoil Samhraidh 2005 a phoibliú. Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Leas‑Mhéara Luimnigh, an Comhairleoir Jim Long, agus an Comhairleoir Bernard Hanrahan, ionadaí Mhéara an Chláir. Bhí ríméad ar an slua Con Howard, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, a fheiceáil sa láthair.

Rannpháirtithe

Páirteach in imeachtaí an lae, bhí na baill seo a leanas de choistí Chumann Merriman: Diarmuid Breathnach, Bob Collins, Catherine Devine, Aisling Ní Bheacháin, Deirdre Ní Loingsigh, Máire Ní Neachtain, Marian O’Callaghan, Liam Ó Dochartaigh, Mary O’Flaherty, Eoghan Ó hAnluain, Liam P. Ó Murchú agus Úna Uí Chuinn, chomh maith le Síne Nic an Ailí, mac léinn as Ollscoil Luimnigh, atá ag cabhrú leis an gCumann i mbliana.

Léim go: Abhaile | Suas | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2012 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.