Brian Merriman — bliain ar leith
Bliain ar leith í an bhliain 2005 do dhaoine a bhfuil gean acu ar Bhrian Merriman agus ar a mhórshaothar, Cúirt an Mheán Oíche.
Tar éis gur chaith sé an chuid is mó dá shaol in oirthear an Chláir, fuair Brian Merriman bás i Sean‑Sráid an Chláir, Luimneach ar 27 Iúil 1805. Tá comóradh á dhéanamh ag Cumann Merriman i mbliana ar dhá chéad bliain ó bhás an fhile. Díreofar aird ar Mherriman, ar Cúirt an Mheán Oíche, agus ar Éirinn a linne ag Scoil Gheimhridh 2005 agus ag Scoil Samhraidh 2005, agus tá roinnt imeachtaí eile beartaithe le saol agus saothar Mherriman a cheiliúradh.
Táthar ag súil go mbeidh imeachtaí comórtha eile in oirthear agus in iarthar an Chláir, agus i gcathair Luimnigh, le linn bhliain seo an dá chéad ó bhás Bhriain Merriman.
Imeachtaí an Bhliain Chomórtha
Scoil Gheimridh Chumann Merriman
28 – 30 Eanáir
Seo an 37ú Scoil Gheimhridh as a chéile agus thionóladh í i mBun Raite, Co. an Chláir, 28 – 30 Eanáir. Brian Merriman 1805 – 2005 an téama agus do b'é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, a stiúir. I measc na n‑imeachtaí bhí léamh de théacs iomlán Cúirt an Mheán Oíche (1,026 líne), a cumadh sa bhliain 1780. B'iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain na léitheoirí, agus b'é Darach Mac Con Iomaire (Taibhdhearc na Gaillimhe) an léiritheoir.
Cumann Merriman agus ‘Cúirt’
19 – 24 Aibreán
Chuaigh Cumann Merriman i gcomhar le Cúirt, an Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta, i nGaillimh, 19 – 24 Aibreán. Tá coimisiún tugtha ag an bhFhéile Litríochta do Chiarán Carson as Béal Feirste aistriúchán nua de Cúirt an Mheán Oíche a dhéanamh le urraíocht ó Chumann Merriman. Tá súil go gcuirfidh Galway Youth Theatre leagan stáitse den téacs nua i láthair le linn fhéile Chúirt na Gaillimhe i mbliana. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag an Galway Arts Centre.
Cumann Merriman agus Cumann Éire san Ochtú Céad Déag
9 – 12 Meitheamh
Beidh Cumann Merriman ag dul i gcomhar le Cumann Éire san Ochtú Céad Déag i reachtáil comhdhála acadúil dar teideal Brian Merriman i gComhthéacs na hEorpa, in Ollscoil Luimnigh, 9 – 12 Meitheamh. I measc na rannpháirtithe, beidh Joop Leerssen (Ollscoil Amsterdam), Liam P. Ó Murchú (Coláiste na hOllscoile Corcaigh), Kevin Whelan (Ollscoil Notre Dame) agus Micheál Ó Suilleabháin (Ollscoil Luimnigh). beidh turas faoi threoir go dtí An Fhiacail i gcontae an Chláir mar chuid de chlár na comhdhála. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithrean an ECIS.
27 Iúil i Luimneach
27ú Iúil
Beidh Craobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge, i gcomhar le Cumann Merriman, ag ceiliúradh Bhrian Merriman ar chothrom an lae ar éag sé i gCathair Luimnigh. Cuirfear tús leis an ócáid ag Oifig an Mhéara in Oifigí na Cathrach ag 10.45. Ina dhiaidh sin treoróidh Prionsias de Priondragás turas siúlóide ar ha hionaid i Luimneach a raibh baint ag Merriman leo. Léifear míreanna as Cúirt an Mheán Oíche ag Sean‑Sráid an Chláir. Cuirfidh an Canónach Mícheál Liostún filíocht agus amhráin i láthair ag Sráid Mhingarait, mar a raibh scoil ag an bhfile Seán Ó Tuama an Ghrinn. Mar chlabhsúr, beidh fáiltiú ar bun sa Chistin, Halla Íde, ag 18 Sráid Thomáis. Tá cuntas ar an lá seo ar fáil ar an leathanach seo.
Scoil Samhraidh Chumann Merriman
20 – 27 Lúnasa
Seo an 38ú Scoil Samhraidh. I Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir, a bheidh sí, idir 20 – 27 Lúnasa. Brian Merriman 1805 – 2005 — ceiliúradh téama na Scoile, agus beidh sraith de sheimineáir ar théacs Cúirt an Mheán Oíche le Liam P. Ó Murchú mar chuid den chlár chomh maith le léachtaí ar théamaí a phléitear sa Chúirt ag léachtóirí aitheanta. Beidh béim faoi leith ar fhilíocht chomhaimseartha sa dá theanga, Gaeilge agus Béarla, i rith na Scoile seo, leis. Is é Bob Collins, iar‑Phríomhstiúrthóir RTÉ, stiúrthóir na Scoile, lena bhfuiltear ag tnúth go mór.
Cumann Merriman agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
23ú Meán Fhómhair
Beidh Cumann Merriman ag dul i gcomhar le Ranna Gaeilge Choláiste na hOllscoile, Corcaigh i reachtáil ceardlann lae do mhic léinn iarchéime Dé hAoine 23 Meán Fómhair. Is é Traidisiún Lámhscríbhinní na hÉireann téama na ceardlainne. Beidh sé ar siúl i Seomra G.01, Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is iad Pádraig Ó Riain, Liam P. Ó Murchú, Séan Ó Duinnshléibhe is Caitríona Ó Dochartaigh na léachtóirí. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Caitríona Ó Dochartaigh ar 00 353 21 490 3357.
Cumann Merriman agus Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath
1ad Nollaig
Cuirfear clabhsúr ar chlár comórtha Chumann Merriman le léacht phoiblí atá á reachtáil i gcomhar le Scoil an Léinn Cheiltigh d’Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar 1 Nollaig. Labhróidh Liam P. Ó Murchú ar lámhscríbhinn Mherriman féin atá ar coimeád i Leabharlann na hOllscoile i gCambridge. B'é Liam P. Ó Murchú a d’fhoilsigh an t‑eagrán deifnídeach de Cúirt an Mheán Oíche in 1982, agus déanfar an t‑eagrán seo a cheangal le aistí nua ar an bhfile agus ar a mhórshaothar leis an scoláire céanna do Leabhar na Bliana 2005 ag Cumann Merriman. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar Scoil an Léinn Cheiltigh ar a láithreán féin.
Más mian leat faisnéis ar Scoileanna blianta eile a fháil, téir go tosach chartlann Scoileanna Chumann Merriman.
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil