Scoil Gheimhridh Mherriman 2005
TOSACH
Reachtáilfear Scoil Gheimhridh an Dá Chéad Chumann Merriman i mBun Raite, Contae an Chláir ón 28ú go dtí an 30ú Eanáir. In Óstán Shannon Shamrock a bheidh formhór na n‑imeachtaí. Is é Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir an Oideachais Idirnáisiúnta in Ollscoil Luimnigh, an Stiúrthóir arís i mbliana.
Aoianna & cainteoiri
Nuala Ní Dhomhnaill, príomhfhile na Gaeilge ár linne, a osclóidh an scoil. Is é an Dr. Gearóid Denvir a thabharfaidh an chéad léacht ar réamhtheachtaí Mherriman san Eoraip agus in Éirinn agus ar scríbhneoirí Gaeilge a tháinig faoin anáil Mherriman ó cumadh Cúirt an Mheán Oíche sa bhliain 1780. An Dr. Máire Ní Annracháin a bheidh i mbun cathaoirleachta ar an léacht tosaigh seo.
Cruinneoidh ‘Cúirt na mBan’ le chéile maidin an tSathairn, 29 Eanáir, le breithiúntas a thabhairt ar mhórshaothar Mherriman; sin iad an Dr. Grace Neville, Ana Ní Shúilleabháin, an Dr. Úna Nic Éinrí agus Dr. Bríona Nic Dhiarmada. Beidh Máire Ní Neachtain ina reachtaire ar Chúirt seo na mbua agus na mbéithe
.
Mórimeacht Scoil Gheimhridh 2005 is ea léamh den 1,026 líne de théacs iomlán Chúirt an Mheon‑Oíche (teideal an fhile féin ar a dhán), oíche an tSathairn. Is iad na léitheoirí: Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain, agus is é Darach Mac Con Iomaire ó Thaibhdhearc na Gaillimhe a bheidh i mbun léirithe. Cuirfidh an scoláire, Liam P. Ó Murchú as Corcaigh, an seisiún seo i láthair.
Foillsiúchán
Merriman: I bhFábhar Béithe is teideal do Leabhar na Bliana 2005 Chumann Merriman, aistí nua le Liam P. Ó Murchú ar Bhrian Merriman agus ar a shaothar, maille le heagrán deifnídeach an scoláire chéanna, Cúirt an Mheon‑Oíche (1982) ceangailte in aon leabhar amháin. An tOllamh Breandán Ó Buachalla, Ollscoil Notre Dame, SAM, a sheolfaidh an leabhar in Óstán Chaisleán Bhun Raite, iarnóin an tSathairn.
Ábhair faoi leith
Le caoinchead TG4, den chéad uair, taispéanfar scannán nua le Louis Marcus, Cosc ar Ghnéas ag Scoil Gheimhridh 2005 ar théama na cinsireachta liteartha in Éirinn, le béim faoi leith ar aistriúchán Frank O’Connor de Chúirt an Mheán Oíche.
Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an tríú Scoil Gheimhridh seo i mBun Raite. Grúpa nua bancheoltóirí, Líadan, iarscoláirí uile ó Ionad Cheol Cruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh, a bheidh i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.
Cuirfidh Biddy Jenkinson agus Nuala Ní Dhomhnaill clabhsúr cuí le himeachtaí Scoil Gheimhridh an Dá Chéad Chumann Merriman le léamh filíochta maidin Domhnaigh, 30 Eanáir.
CRÍOCH
Merriman Winter School 2005
START
Cumann Merriman will hold its bicentenial Winter School in Bunratty, County Clare, from 28 – 30 January 2005. The principal location will be the Shannon Shamrock Hotel (00 353 61 361 177). The Director of the 2005 Winter School is Liam Ó Dochartaigh, Director International Education, at the University of Limerick.
Guests & speakers
The Winter School will be opened by the leading poet in Irish, Nuala Ní Dhomhnaill. The opening lecture will be given by Dr. Gearóid Denvir of NUI Galway on Merriman’s European and Irish literary antecedents and descendants. Dr. Máire Ní Annracháin of NUI Maynooth will chair this session.
A Court of Women ('Cúirt na mBan') will pass judgement on Merriman’s masterpiece on Saturday, 29 January (Dr. Grace Neville, Ana Ní Shúilleabháin, Dr. Úna Nic Éinrí and Dr. Bríona Nic Dhiarmada, with Máire Ní Neachtain, Mary Immaculate College, Limerick, presiding).
The major event at the Winter School will be a reading on Saturday evening of the entire 1,026 lines of the original Cúirt an Mheon‑Oíche (Merriman’s own spelling of the title of his poem), written in 1780. The readers will be Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley and Doireann Ní Bhriain. The reading will be produced by Darach Mac Con Iomaire (Taibhdhearc na Gaillimhe), and will be introduced by UCC scholar, Liam P. Ó Murchú.
Publication
Cumann Merriman’s annual publication is Merriman: I bhFábhar Béithe (Merriman: In favour of Women), recent essays on Brian Merriman by Liam P. Ó Murchú, along with a reprint of the definitive 1982 edition of Cúirt an Mheon‑Oíche by the same author. The book will be launched on Saturday afternoon in Bunratty Castle Hotel by Professor Breandan Ó Buachalla of the University of Notre Dame, USA, a powerful and engaging speaker.
Features
TG4 have arranged a preview of a new film by Louis Marcus, Cosc ar Ghnéas, which will be shown following the book launch on Saturday afternoon. This film deals with literary censorship in Ireland and in particular with the banning of Frank O’Connor’s translation of Chúirt an Mheán Oíche.
The Merriman Winter School in Bunratty will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided in the Clonmoney Suite, Shannon Shamrock Hotel, by the group Líadan, all women, and all graduates of the Irish World Music Centre at the University of Limerick.
The Bicentenary Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 30 January, with a joint poetry reading by Nuala Ní Dhomhnaill and Biddy Jenkinson, the leading women poets in Irish of their generation.
END
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil