Scoil Gheimhridh Mherriman 2004
Reachtálfar 36ú Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i mBun Raite, in oirdheisceart Chontae an Chláir, gar do chathair Luimnigh, ó Aoine go Domhnach, 30 Eanáir go 1 Feabhra 2004. In Óstán Fitzpatrick i mBun Raite a bheidh formhór imeachtaí na Scoile agus is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, stiúrthóir na scoile don seachtú bliain as a chéile.
Déanfar comóradh le linn na Scoile ar fhoilsiú Séadna, leis an Athair Peadair, i bhfoirm leabhair i 1904. Breathnófar chomh maith ar phrós comhaimseartha na Gaeilge, 100 bliain tar éis don Phiarsach a fhógairt Here at last is literature
.
Siobhán Ní Shúilleabháin, duine de phríomhúdair na Gaeilge in iliomad genre, a osclóidh an Scoil. Is de bhunadh Chorca Dhuibhne í agus cónaí uirthi i gCathair na Gaillimhe le blianta fada.
An Dr. Liam Mac Mathúna, Cláraitheoir Choláiste Phádraig Droim Conrach, a thabharfaidh an chéad léacht tráthnóna Dé Aoine, Séadna in aois a chéid. Gaillimheánach lonnaithe i Luimneach, Pádraic Breathnach, Coláiste Mhuire gan Smál, a thabharfaidh léacht thráthnóna an tSathairn ar a shaol scríbhneora féin.
Beidh siompóisiam maidin an tSathairn leis an Dr Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ag trácht ar staid reatha fhoilsiú an phróis agus Joe Steve Ó Neachtain, gearrscéalaí agus úrscéalaí, gan trácht ar a shaothar ilghnéitheach eile, ag caint ar a shaothar féin. (Éan bréan a mholas é féin
, a deir sé.) Páirteach sa Scoil freisin beidh an Dr. Pádraigín Riggs (Corcaigh), an Dr. Bríona Nic Dhiarmada (Luimneach) agus an Dr. Gearóid Denvir (Gaillimh).
Ócáid ríspeisialta i mbliana is ea foilsiú Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman, 1983 – 2002 Beathaisnéis le Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach. Seo é an tOchtú Imleabhar sa sraith seo ó na húdair chéanna. Éacht taighde, scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta is ea an tionscadal seo ar cuireadh tús leis breis is 20 bliain ó shin. Déanfar ceiliúradh cuí ar shraith na mBeathaisnéisí ag an Scoil Gheimhridh agus is í an Dr. Angela Bourke (Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath) a sheolfaidh an t‑imleabhar is deireanaí i mBun Raite. Casfaidh Pádraigín Ní Uallacháin cúpla amhrán leis an ócáid a cheiliúradh.
Beidh Léamh Próis maidin an Domhnaigh (Lá ’le Bríde) le clabhsúr a chur ar imeachtaí na Scoile. Léifidh Joe Steve Ó Neachtain, Déirdre Ní Ghrianna, Pádraig Ó Cíobháin agus Alan Titley sleachta as a saothar féin.
Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh i mBun Raite. Is iad Donncha Ó Loinnse agus Caitlín Ní Bheaglaoich a bheidh i bhfeighil Chlub Merriman an dá oíche.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil