Scoil Samhraidh Mherriman 2003
Is féidir breathnú ar an téama ar bhealach an‑leathan: trí léirithe samhailteacha ealaíontóirí, trí shaothar nach bhfuil baileach chomh pearsanta sin ó iriseoirí, ó staraithe, agus ó lucht eitneagrafaíochta, nó ó shaothar áit éigin idir eatarthu ó phinn scríobhaithe taistil agus lucht aistí. "Léirithe" a gineadh taobh istigh is taobh amuigh den tír, is ábhar don chlár plé i mbliana. An tOllamh Brian Farrell, craoltóir iomráiteach agus acadamhach a bhfuil na blianta fada caite aige féin ag taifeadadh scéal na hÉireann a osclóidh an Scoil.
Cainteoirí na Scoile
Foirmeacha ealaíne a dhíríonn ar na hÉireannaigh agus a léiríonn gnéithe dá gcuid taithí is údar spéise do chuid de na rannpháirtithe: breathnóidh Pat Burke ar roinnt de dhrámaí Brian Friel, cíorfaidh Helena Wulff, antrapólaí ón tSualainn, an damhsa, pléifidh Máirín Nic Eoin, litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, agus díreoidh Desmond Bell, ar ghnéithe de dhéantús scannán, ceird a bhfuil duaiseanna bainte amach aige féin inti. Lámhscríbhinní Gaeilge, na taifid is faide, gan bhriseadh ar Éire, a bhfuil mílaois go leith faoina réim agus a bhfuil idir shaothair stairiúla agus chruthaitheacha le fáil iontu a bheas faoi chaibidil ag Neil Buttimer, agus pléifidh Tim Robinson le foinse ollmhór eile de fhaisnéis dúchasach ar an stair agus ar an tsamhlaíocht trí fhocail an tseanchaí. Beidh an cineál sin faisnéise mar ghné den phlé a dhéanfaidh Guy Beiner ar thraidisiúin bhéil a bhaineann le 1798, breathnóidh Ricca Edmondson ar shaothar strainséirí a rinne taifeadadh ar Éirinn trí mhodhanna socheolaíochta, léithéidí na scoláirí Arensberg and Kimball, beirt a rinne taighde ceannródaíoch antrapolaíochta i gCo. an Chláir sna tríochaidí.
An Ghaeilge
Tabharfaidh iriseoirí céimiúla a mbarúil féin faoi scéal na hÉireann a ríomh sna meáin: Susan Mc Kay maidir le tuairisciú ar Thuaisceart Éireann, Cathal Goan (is cinnte go gcuirfear spéis ar leith ina thuairim siúd os rud é gur ainmníodh é le gairid mar Ard Stiúrthóir ar RTÉ) faoi ról na teilifíse maidir le hÉire a choinneáil sa phicitiúr agus Breandán Delap faoi na meáin Ghaeilge. Is í an Ghaeilge an fhoinse don chuid is mó dár gcuid logainmneacha, agus is iad a bheas mar ábhar ag Pádraig Ó Cearbhaill. Is scáthán ar na hathruithe atá ag teacht ar phobal, teanga an phobail sin agus pléifidh Siobhán Ní Laoire an scéal ó thaobh na Gaeilge de. Beidh Fidelma Ní Ghallchobhair ag plé le gné eile den teanga bheo: an gá atá le téarmaíocht nua a chruthú. Pléann Mícheál Ó Conghaile leis an teanga ar bhonn níos liteartha agus tá a áit féin bainte amach aige ag léiriú agus ag breathnú ar Éirinn tríd an teach foilsitheoireachta a bhunaigh sé. Beidh ranganna Gaeilge á stiúradh gach maidin ag Eoghan Ó hAnluain ar mhaithe leo siúd ar mhian leo athshealbhú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge.
Ní dhéanfar faillí in ábhair áitiúla ach oiread: labhróidh Michael Griffin faoi Tom Darmody, file ainrianta Clárach a mhair san 18ú céad, labhróidh Tom Munnelly faoi amhráin agus bailitheoirí amhrán, pléifidh Patricia Lysaght gnéithe de chultúr dúchasach an Chláir agus faoin mbailitheoir béaloidis Tadhg Ó Murchadha, agus tabharfaidh Brian Ó Dálaigh caint faoin scoláire cáiliúil as Co. an Chláir: Eoghan Ó Comhraí.
Fáiltiú an AE
Cuirfidh an tUas.Peter Doyle fáiltiú ar bun don scoil thar cheann an Aontais Eorpaigh. Tabharfar turas lae ar an gCéadaoin, an 21ú Lúnasa ar cheantar Iardheisceart an Chláir, chomh fada le Ceann Léime trí Chill Rois, Cill Chaoi, Cill Bheathach agus Carraig a’ Chabhaltaigh.
Mar is iondúil, beidh ranganna seite ar siúl faoi stiúir Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy, agus Club Merriman le banna céilí na Four Courts ar bun gach oíche. Tiomnófar oíche Chéadaoine do cheol an Chláir faoi cheannas PJ Crotty. Cuirfear clabhsúr leis an scoil sa ghnáth‑bhealach le reacaireacht filíochta le David Hanly, Doireann Ní Bhriain agus Eoghan Ó hAnluain.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil