Tráthchláir bhusanna agus traenacha
Bus Éireann

Bíonn seirbhísí bus is cóistí ar fáil i rith na seachtaine as príomhchatharacha, príomhaerfoirt agus cuid mhaith stáisiún traenach. Stadann formhór busanna a théann go Bun Raite ag roinnt áiteanna ar an mbealach.
Féach láithreán Bhus Éireann i gcomhair praghasanna agus tráthchlár cruinn.
Iarnród Éireann

Is in Inis agus Luimneach atá na stáisiúin traenach is gaire do Bhun Raite agus is feidir bus a fháil ansin chun an chuid eile den turas a dhéanamh. Bíonn gluaisteáin le fáil ar cíos i Luimneach.
Faraor, is soir anoir a bhíonn formhór treoanna traenach san iarthar! Mar sin, is áiseach an tseirbhís í seo dóibh siúd a thiocfadh go dtí an Scoil Gheimhridh ó Bhaile Átha Cliath. Do b'fhearr go minic busanna nó gluaisteán ar cíos don té atá in iarthar na tíre cheana, áfach.
Bíonn praghsanna agus tráthchláir cothrom le dáta ar fáil ar láithreán Iarnród Éireann.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil