Tráthchláir bhusanna agus traenacha
Bus Éireann

Bíonn seirbhísí bus is cóistí ar fáil i rith na seachtaine as príomhchatharacha, príomhaerfoirt agus cuid mhaith stáisiún traenach. Tá Gleann Maghair láimh le Cathair Chorcaí, ar an taobh thoir dhi, agus freastalaíonn seirbhísí áitiúla bus air.
Féach láithreán Bhus Éireann i gcomhair praghasanna agus tráthchlár cruinn.
Iarnród Éireann

'S é Stáisiún Cheannt, i gCathair Chorcaí, an stáisiúin traenach is gaire do Ghleann Maghair. Stadann busanna go agus ó Ghleann Maghair díreach lasmuigh dhe. Bíonn gluaisteáin le fáil ar cíos ann, leis.
Seasaíonn mogallra traenach na hÉireann go cuíosach maith le Cathair Chorcaí, agus is féidir gur é seo céadrogha neart daoine nách mbeadh ag tiomáint.
Bíonn praghsanna agus tráthchláir cothrom le dáta ar fáil ar láithreán Iarnród Éireann.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil