Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Preaseisiúint a fhógraíonn Scoil Gheimhridh Mherriman 2002

Ar an leathanach seo tá an preas eisiúint i gcomhair Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2002.

Ar an Leathanach seo

Nascleanúint an Láithreáin

Níl an cháipéis seo ar fáil ach as Gaeilge.


Anois teacht an Eúró…

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGleann Maghair, Corcaigh, (den gcéad uair riamh) ó Aoine go Domhnach, 1 – 3 Feabhra 2002. Eúró, ’sé do Bheatha Abhaile téama na Scoile, an 34ú Scoil Gheimhridh ag Cumann Merriman.

Anois agus an t-aistriú airgeadra ón bPunt Éireannach go dtí an Eúró beagnach curtha i gcrích agus gan ach cúpla lá eile fágtha ag an bPunt, is mithid athmhachnamh a dhéanamh ar an ngaol idir Éire agus tíortha eile an Aontais Eorpaigh. Sin é a bheidh á phlé ag an Scoil Gheimhridh seo. Dhá phríomhábhar a bheidh i gceist: cúrsaí reatha polaitiúla, go háirithe i gcomhthéacs an droim láimhe a thug vótóirí na hÉireann do Chonradh Nice, agus an ceangal cultúir — trí mheán na Gaeilge — idir Éire agus mór‑roinn na hEorpa.

Is é an tOllamh John A Murphy a osclóidh an scoil. Cathal Mac Coille ó RTÉ a thabharfaidh an chéad léacht tráthnóna Dé hAoine; Boston, Berlin agus Béal a’ Mhuirthead teideal a chuid cainte. Maidin an tSathairn, labhróidh Grace Neville, Aodh Ó Canainn agus Andrea Nic Thaidhg ar an ábhar Gaelú na hEorpa agus Eorpú na Gaeilge faoi chathaoirleacht Mhíchíl Mhic Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tadhg Ó Dúshláine — ar as Gleann Maghair dó ó thus — a thabharfaidh léacht thráthnóna an tSathairn ar Eorpú an Dúchais sa Seachtú hAois Déag.

Páirteach sa Scoil Gheimhridh beidh: John A Murphy, Cathal Mac Coille, Antaine Ó Faracháin, Mícheál Mac Craith, Grace Neville, Aodh Ó Canainn, Andrea Nic Thaidhg, Seán Ó Coileáin, Tadhg Ó Dúshláine, Meidhbhín Ní Úrdail, Michael Davitt agus Liam Ó Muirthile.

Is é 1560 – 1781 Beathaisnéis le Maire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, an seachtú himleabhar sa sraith iomráiteach de bheathaisnéisí scoláirí agus scríbhneoirí na Gaeilge, Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman. An tOllamh Seán Ó Coileain a sheolfaidh an leabhar ag an Scoil Gheimhridh, iarnóin an tSathairn i gColáiste ‘n Phiarsaigh, Gleann Maghair.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh seo i nGleann Maghair, an chéad scoil riamh ag Cumann Merriman i bpríomhchathair na Mumhan. Cuirfear clabhsúr ar an scoil le Cúirt Éigse, léamh filíochta le Michael Davitt agus Liam Ó Muirthile, beirt de bhunaitheoirí Innti agus beirt Chorcaíoch…

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr



Cóipcheart © 1999–2012 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.