Scoil Gheimhridh na Fíor‑Mhílaoise
Tionóladh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nDún Garbhán den chéad uair riamh anuraidh. Bhain an lucht freastail ana‑shásamh as an Scoil sin agus go háirithe, ba mhór acu an deis cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht uasal na Rinne. An Ghaeilge féin a bhí mar théama anuraidh againn; cúrsaí creidimh atá faoi chaibidil i mbliana. Arís, ní hiontas go gcuirfeadh Cumann Merriman suim san ábhar seo, gné lárnach de chultúr na hÉireann san am a caitheadh agus gné láidir fós i saol príobháideach na muintire, fiú má tá an ghné phoiblí faoi léigear faoi láthair.
Ábhair agus daoine
Táthar ag súil go mbeidh seisiúin ag an Scoil ar na hábhair seo a leanas: an traidisiún Gaelach críostaí; géarchéim na hEaglaise Rómhánaí in Éirinn; iarrachtaí ag daoine éagúla athfhás a spreagadh san eaglais sin (mná go háirithe); dearcadh ar Éirinn ó dhaoine a chaith blianta sa treas domhan; traidisiúin eile seachas an eaglais rómhánach; gluaiseachtaí agus creidimh nua ag teacht go hÉirinn le blianta beaga anuas; agus filíocht agus amhráin ar théama na Scoile.
Páirteach sa Scoil beidh: Louis Marcus, Seán Ó Duinn O.S.B., Seán Óg Ó Baoill, Máirtín Mac Donnchadha, Irene Ní Mháille, Úna Nic Éinrí, Máirtín Ó Murchú, Seán Mac Réamoinn, Doireann Ní Bhriain agus Eoghan Ó hAnluain.
Leabhar na bliana
Is é Saoi na hÉigse: Féilscríbhinn Sheáin Uí Thuama (Eagarthóirí: Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin) Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman. An tOllamh Máirtín Ó Murchú a sheolfaidh an leabhar ag an Scoil Gheimhridh.
Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh i nDún Garbhán, an dara Scoil Gheimhridh ag Cumann Merriman sna Déisibh.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil