Ceiliúradh an dá Chéad 2005
Dob’ é 2005 cothrom dhá chéad bhás Bhrian Mherriman.
Comóradh Chumann Merriman

D’eagraigh Cumann Merriman roinnt imeachtaí faoi leith i gcomhar bliain an dá chéad tar éis bás Bhrian Merriman. Gheobhair liosta cuimsitheach des na himeachtaí seo ar leathanach innéacsa Scoileanna 2005.
Is féidir acomair ilmheán i a dhearcadh, leis, ar Scoil Samhraidh 2005. Cuir cuairt ar an leathanach seo chun pictiúir de dhaoine is d’imeachtaí a fheiscint, agus agallaimh le cainteoirí is le rannpháirtithe a chloisint.
Merriman sna meáin

I dtreo dheireadh 2005 chraol RTÉ Radio 1 roinnt clár mar gheall ar Bhrian Merriman agus ar Chúirt a’ Mheán Oíche.
Bhíodar so ar fáil le clos ar láithreán RTÉ i ach baineadh de iad tar éis tamaill.
Seo bunsonraí na gclár:
- The Appeal of the Midnight Court (43:58s)
- Seo clár faisnéise a dhein Cathal Póirtéir chun Brian Merriman a cheiliúradh dhá chéad bliain tar éis a bháis. Clár dhátheangach ab ea é.
- Scríbhneoirí Faoi Chaibidil, 9 (27:31s)
- Clár 9 – Brian Merriman, a craoladh 2 Nollaig 2005. Pléann Alan Titley agus Liam P. Ó Murchú an file agus a dhán.
An Chúirt ar dlúthcheirnín
Seoladh dhá dhlúthcheirnín faoi leith ag Scoil Samhraidh 2005 le ceiliúradh a dhéanamh ar dhá chéad bliain ó bhás Bhrian Merriman. Dhá léamh den dán Cúirt an Mheán Oíche, agus iad fíor‑éagsúil óna chéile, atá ar fáil ar na dlúthdcheirníní seo.
Dlúthcheirnín Sheáin Uí Cheallaigh

Rugadh Seán Ó Ceallaigh (1896 – 1994) i bhForúir, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir. Bhí neart cainteoirí dúchais Gaeilge fós beo sa cheantar le linn a óige. Gaeilge an Chláir an Ghaeilge a shealbhaigh sé go rí‑mhaith. Bheadh Cúirt an Mhean Oíche cloiste aige, á aithris ag seanfhir an Chláir. Is dócha gur éirigh cuid mhaith acu sin suas agus Brian Merriman féin fós ina bheathaidh. Mar sín, tá nasc cinnte idir an léamh seo agus caint bheo na gCláiríneach le linn ré Mherriman. Bhí an Ceallach ina Ardmháistir ar an gColáiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh agus ina Theachta Dála do cheantar an Chláir idir 1959 agus 1969.
Mac le Seán is ea an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh agus le cead agus tacaíocht uaidh sin d’eisigh Leabharlann Chontae an Chláir an dlúthdhiosca seo den aithris a rinne a athair ar an dán. Níor cuireadh ar díol é ach dháil an Leabharlann cóipeanna de saor in aisce ar scoileanna an chontae. Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le Leabharlann Chontae an Chláir ar 00 353 65 682 1616.
Dlúthcheirnín Chumann Merriman & Raidió na Gaeltachta

D’eagraigh Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir Scoil Gheimhridh 2005 léamh drámatúil de Chúirt an Mheon‑Oíche don ócáid sin. B'iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Ó Ceallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain a léigh agus b'é Darach Mac Con Iomaire a léirigh.
Tháinig an fhoireann le chéile arís chun an dán a léamh go poiblí i mBaile Mhuirne, i nGaeltacht Mhúsgraí. Tamaill ina dhiaidh sin dhein RTÉ Raidió na Gaeltachta taifeadadh ar an léamh agus is é an taifead sin atá ar an darna dlúthdhiosca. Léigh an fhoireann chéanna an dán arís ar an 31 Deireadh Fómhair 2005 mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh.
Tá an dlúthcheirnín seo ar fáil ag Díolacháin Leabharlann Raidió, RTÉ., Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4. Is féidir cóip a cheannach ar‑líne trí láithreán RTÉ, leis, nó cuir glaoch ar RTÉ ar 00 353 1 208 3326.
Sleachta

Tá cúpla sliocht as na dlúthcheirníní nasctha againn den leathanach seo chun blaiseadh a thabhairt ar an dá léimh.
'Sé Ba ghnáth me ag siubhal…
céad líne an dáin. Déanann sé comparáid shuimiúil idir léamh nua‑aimseartha, ’dramatúil’ agus léamh, atá gach pioc chomh soifisticiúil céanna, a thagann dírach le traidisiún an bhéaloideais.
Cuireann Múscail! Corraigh!
an chéad charachtar um a bhuaileann an file i láthair: an Báile féin.
Dlúthcheirnín Sheáin Uí Cheallaigh
Dlúthcheirnín Raidió na Gaeltachta
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil