Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Seán Mac Réamoinn, 1921–2007

Beathaisnéis ar an Dr. Seán Mac Réamoinn, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, a cailleadh i 2007.

Ar an Leathanach seo

  1. An t-agallamh deireanach a thug an Dr. Mac Réamoinn, le linn Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2007.
  2. Cúlra, oideachas agus gairm.
  3. An cúntas iarbháis a d'eisigh Cumann Merriman don Dr. Mac Réamoinn.
  4. Cúntais iarbháis sa phreas don Dr. Mac Réamoinn.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Alt omóis le Diarmuid Breathnach

Cúlra agus óige

In aon chuntas ar Sheán Mac Réamoinn níor mhór dul i muinín scata aidiachtaí: ceannródaíoch, cíocrach chun foghlama, eachtrúil, fiafraitheach, forbarthach, scéalach, siúlach... I mBirmingham Shasana 27 Samhain 1921 a rugadh é. B'fhéidir a rá gur mhair sé i gcomhaois leis an stát nua. Ba iad a thuismitheoirí James Redmond ó Bhuaile Mhaodhóg agus Wilhelmina Bruen ó Shligeach. Níorbh fhada gur thug gnó an árachais James Redmond go Baile Átha Cliath. Agus is ann, i Scoil Choinneach, a bhí Seán ar scoil. Ach arís thug ardú céime an t‑athair go Cluain Meala agus is ar scoil ag na Bráithre Críostaí a bhí Seán ansiúd; bhí sé riamh ina dhiaidh sin ceanúil ar an dúthaigh sin. Bhí sé in aois mheánscoile nuair a d’aistrigh an teaghlach go Cathair na Gaillimhe. Ba gheall le cuid den Bhreac-Ghaeltacht an chathair sin sna luath‑thríochaidí agus cuireadh go scoil lánGhaelach é, Coláiste Iognáid. I rith a óige bhuail cúpla babhta tinnis é, rud a bhí ina ábhar imní ag a thuismitheoirí; an bheirt leanbh a rugadh roimh Sheán is amhlaidh a scuab fliú mór 1918–19 chun siúil iad.

Bhí An Taibhdhearc agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh i mbláth a maitheasa agus chuir Seán sin chun tairbhe i gcúrsaí acadúla, scríbhneoireachta, agus aisteoireachta. Bhí tionchar go háirithe ag an Ollamh Liam Ó Briain air, agus scríobhadh sé geamaireachtaí Nollag don Taibhdhearc leis. Gaeilge (agus Sean‑Ghaeilge) agus Fraincis na hábhair aige agus chabhraigh céim mháistir leis post treasrúnaí a fháil i Roinn Ghnótha Eachtracha na hÉireann.

Radio Éireann

Cathair an‑shuimiúil ba ea Baile Átha Cliath le linn Chogadh 1939–45; bhí comhluadar scríbhneoirí ann agus bhí an tOireachtas nuabhunaithe, Comhar, Inniu, Glúin na Bua agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge uilig tagtha ar an saol; An Comhchaidreamh fuinniúil, eagras a bunaíodh i 1936 d’fhonn naisceacha a chothú idir cumainn Ghaelacha na n‑ollscoileanna uilig. B'fheidir a rá gurbh i lár an aonaigh a bhí Seán. Chaith sé tréimhse stairiúil ina eagarthóir ag Comhar. Ach ba mhian leis riamh cur lena eolas ar thír na hÉireann agus nuair a tháinig annus mirabilis Radio Éireann i 1947 chuir sé isteach ar phost ann mar oifigeach a bheadh ag taisteal na hÉireann leis an Aonad Taistil d’fhonn ábhair le haghaidh cláir raidió a bhailiú. Séamus Ennis agus Seán a ceapadh; fágadh an réilthín Eamonn Andrews sa tríú háit!

Cuimhnítear go háirithe ar cheann de na chéad turais a rinne siad chun ceirníní a dhéanamh de chaint Pheig Sayers, ar fearr iad, b'fhéidir, de theist ar chumas na mná sin ná a bhfuil sna leabhair féin. Cuimhnítear freisin ar an taisteal a rinne Seán le Ben Kiely chun an tsraith The Nine Counties of Ulster a chur le chéile. Is i rith an ama sin a chuir sé eolas maith ar Ghàidhlig na hAlban agus ar an mBreatain Bheag agus ar an mBreatnais. Níorbh aon ionadh go mbronnfadh an Eisteddfod ardonóracha air ar ball.

Ba é Seán a thug gur tháinig bláth arís ar an gcraoltóireacht ó Chorcaigh i 1957–58 tar éis gur ceapadh é ina Oifigeach Réigiúnda. Pointe suntasach eile ina shaol an freastal proifisiúnta a rinne sé ar Vatacáin a Dó sna seascaidí luatha. Scríobhfadh sé ar ball Vatacáin a Dó agus an Réabhlóid Chultúrtha. Is iomaí leabhar eile a bheadh ina chumas murach an iriseoireacht agus an chraoltóireacht laethúil. Ó 1974 ar aghaidh bhí sé gafa le bainistíocht agus é ina Cheannasaí Clár Raidió agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar Ghnóthaí Eachtracha Raidió Teilifís Éireann.

Gníomhaíochtaí eile

Chun tuairisc iomlán a thabhairt ar a shaol chaithfí cur síos ar scata rudaí a raibh dlúthbhaint aige leo: ’Tuarascáil’ san Irish Times sna seascaidí agus sna seachtóidí; na portráidí de dhaoine aige in Scéala Éireann (An Mhuintir s'againne); a chumas mar léirmheastóir; an eagarthóireacht a rinne sé ar The Pleasures of Gaelic Poetry; an tréimhse a chaith sé ina bhall d’Údarás RTÉ agus de Bhord na Gaeilge; an dochtúireacht a bhronn Ollscoil na hÉireann air…

Thiteadh sé ormsa taisteal míosúil traenach go Corcaigh a dhéanamh leis ar feadh trí bliana chun freastal ar Choiste Comhairleach Raidió Chorcaí. Tig liom a dheimhniú gur chomhráití den scoth é agus éisteoir thar barr. An t‑aon locht a gheobhadh comrádaí taistil air nach raibh sé riamh sásta caitheamh anuas ar dhuine eile. Chaithféa a thomhas ar an gcor a bhainfeadh sé as a chroiméal cén drochmheas a bhí aige ar dhuine!

Cumann Merriman

Ní cur síos iomláin ar Sheán Mac Réamoinn go lúfaí gurbh dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman é. Bronnadh ballraíocht saoil oinigh air níos déanaí agus bhí sé ina bhall den Choiste Acadúil go dtí a bhás.

Na blianta deiridh

Ní raibh an tsláinte go maith aige féin ná ag a bhean Pat (nee Hall) ar feadh tamaill fhada sular éag sé 17 Eanáir in Ospidéal Naoimh Uinsionn, Baile Átha Cliath. Thugadh a iníonacha Seona agus Laoise agus a mhac Brian tacaíocht leanúnach gan staonadh dóibh. Bhí scata mór cairde aige ach ní miste leo sin mura luaimse ach beirt a thugadh cabhair ar leith dó i rith an tinnis: Seán óg Ó Baoill agus Louis Marcus.

I measc na gcairde a labhair ina thaobh tar éis an aifrinn éagnairce i nDún Droma bhí Séamus Heaney, Garret Fitz Gerald, Ciarán Mac Mathúna, Nuala O’Faolain, John Horgan, Louis Marcus, Bob Collins, Richard Ryan, an Dr. Harri Pritchard-Jones agus an t‑iriseoir Mary Maher.

Bhí a Soilse Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, sa láthair agus in aice na haltóra bhí an Dr. Diarmuid Martin, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus an tUrramach Terence Mc Caughey, ministéir Preispitéireach. Ba é an an ceiliúraí an tAthair Tom Stack, duine de dhlúthchairde an Réamonnaigh.

An t‑agallamh deireanach a thug Seán Mac Réamoinn

Ní raibh Seán Mac Réamoinn i mbarra na sláinte ar feadh an cúpla bliain sara cailleadh é ach bhí a mheabhair chomh géar is a bhí sí riamh. Theip air freastail ar an Scoil Gheimhridh le linn an tréimhse sin agus cé go dtiocfadh sé go dtí an Scoil Samhraidh i gcónaí ní fhéadfadh sé ach lá nó dhó a chaitheamh ann. Fóiríor, b'í Scoil Samhraidh 2006 an Scoil dheireanach go raibh sé i láthair ann. Dhein se túirlingt i Lios Dúin Bhearna ag deireadh na seachtaine agus d’fhreastail ar an léacht deireanach, 'Irish-Ireland’: Self‑delusion, then and now le John A. Murphy. Ar aghaidh leis ansan go tigh tábhairne an Roadside, mar a raibh rannpháirtithe na Scoile, seanfhondúirí Mherriman agus sean‑chairde san áireamh, ag scor na seachtaine.

D'inneoin an-tarrac a bheith air, bhí sé lán-tsásta agallamh a thabhairt mar gheall ar bhunú Chumann Merriman. Go bhfios dúinn, is é seo an t‑agallamh deireanach a thug sé. I bhfianaise an bhaint a bhí aige, ní hamháin le bunú agus forbairt Chumann Merriman, ach le hiarrachtaí eile roimhe sin chun Brian Merriman agus Cúirt an Mheán Oíche a chur chun cinn, is deacair agallamh níos oiriúnaí a shamhlú. Tá fáilte romhat éisteacht leis an agallamh nó cóip de a shábháil go logánta.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Cúntas iarbháis

D’eisigh Cumann Merriman an cúntas iarbháis seo a leanas nuair a cailleadh an Dr. Mac Réamoinn.

Seán Mac Réamoinn 1921 – 2007

Is cúis bhróin an‑mhór do Chumann Merriman bás an Dr. Sheáin Mhic Réamoinn, inniu 17 Eanáir 2007.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn, ball saoil oinigh agus ball den Choiste Acadúil ab ea é go dtí lá a bháis.

Fear é a thug treoir agus údar machnaimh don Chumann agus is cinnte gur chuir sé go mór le cáil agus le feabhas an Chumainn de bharr a fhlaithiúla is a roinn sé a mhóreolas agus mar gheall ar an domhaintuiscint a bhí aige ar shaol na hÉireann agus ar shaíocht na Gaeilge go háirithe.

Chuir a ghuth cinn sainiúil go mór leis na léamha breátha a rinne sé ag na hócáidí filíochta ar dlúthchuid iad de chlabhsúir Scoileanna Merriman.

Suaimhneas síoraí go raibh aige.

Cuntais iarbháis eile

Irish Times, 18 Mí Eanáir

Sean Mac Réamoinn, who has died at the age of 85, was an extraordinary member of a generation of Irish public servants that was in itself marked by exceptional talent and breadth of vision: he was passionately devoted to Ireland and things Irish, intolerant of stereotypes and skin‑deep patriotism, polymathic, witty in several languages, and the embodiment of a conviviality always adorned with good manners and a sheer sense of fun.

He was a prime mover in the development of the Merriman Winter School, which was devoted to the Irish language in its many aspects. At the Merriman Summer School, from which this had sprung, he regularly acted as a sort of pied piper to devoted bands of foreign students... Not just in Irish and English, but in Welsh, French or Italian, as the occasion required, he would deliver himself of bon mots that sounded as if they had been prepared hours or even days before, but were actually fresh minted. How else could one explain his instant response to a French visitor who asked him what the word crúbeen meant. Think of it, the bemused Frenchman was instructed, as the patois of tiny feet.

The Sunday Tribune, 21 Mí Eanair 2007

I never saw anyone turn away at the door for fear of being bored by Sean Mac Réamoinn. He did important things in his life, and one of them which no obituary will omit, was that with his friends, a marvellous band of bilingual and Ireland-loving men and women, he founded Cumann Merriman. The Merriman people relished the language and what’s more they relished life — they liked other people and drinking and singing and listening to singing and being attracted and set‑dancing and gossip and the acquisition of detailed, intimate knowledge of every corner of this island. Their summer school aimed to rescue Irish for pleasure and emotion.

(Nuala O’Faolain.)

Irish Times 22 Mí Eanair 2007

Just to be in his company was to feel honoured and to feel endorsed. From the beginning, his kindness, his quickness, his critical esteem were all important to my own self-esteem and important to the self‑esteem of this country.

(Athfhriotail ar chaint Shéamuis Heaney ag an socraid.)

Irish Times 23 Mí Eanair 2007

Ina cholún seachtainiúil sa pháipéar seo, tar éis an chéad Scoil Merriman i 1968, scríobh Seán Ó Ríordain, file: Ní ag cáineadh na scoile ná Mhic Réamoinn atáim nuair a deirim gurb ionann iad. Má thugann tú comharthaí sóirt na scoile seo fé ndeara is gearr go bhfeicfidh tú croiméal Mhic Réamoinn ag nochtadh chughat as an gceo... go lá sochraide Mhic Réamoinn sheas an t‑ionnanú a rinne an file idir é agus Scoil Merriman agus Mac Réamoinn.

(Eilís Ní Anluain.)

The Sunday Independent 28 Mí Eanair 2007

In fact the so‑called Gaelic Mafia was merely a meeting of minds among those who wanted to invigorate the Irish imagination by integrating the Irish language with the reform of Irish society along radical lines. But if the Gaelic Mafia had existed, Mac Réamoinn would have been the Godfather. Mac Réamoinn’s pluralism made nonsense of any such name calling. In time his wit won over many who had been hostile to Irish and made them feel at home in Mac Réamoinn’s republic. And I am convinced that any future Irish Republic must look like a meeting of Cumann Merriman, where Northern Protestants will rise before dawn to roust the lazy republicans out of bed.

(Eoghan Harris.)

The Guardian 16 Mí na Feabhra 2007

From 1962 to 1965, he reported on the second Vatican Council, which raised both hopes and fears among Irish Catholics. For his part, he enthusiastically welcomed it for bringing the church kicking and screaming into the 20th century. He was happy to bid farewell to some of the minor stupidities of Irish life: We have got rid of the prudishness and petty puritanisms that made us think that sexuality was a tremendously important thing... Mac Réamoinn was a stalwart of Cumann Merriman... which in 1967 began organising lively summer (and later winter) schools to discuss political and cultural issues. He was a member of many other groups and organisations ranging from the anti‑apartheid movement to the Irish theological association.

Comhar Mí na Feabhra 2007

Labhair dáréag ar fad den altóir ag Aifreann na sochraide, agus d’fhéadfá éisteacht le dáréag eile, le chomh greannmhar agus chomh spéisiúil is a bhí a gcuid scéilíní faoi Sheán Mac Réamoinn. Ach ní greann ar fad a bhí ann; ghabh na hiriseoirí Mary Maher agus Nuala O’Faoláin buíochas lena seanchara Seán faoi threoir agus comhairle a thabhairt dóibh agus iad ina n‑iriseoirí óga, agus bhí mná a chaointe ann freisin: Pádraigín Ní Uallachain, a cheol Slan, a Ghrá agus Doireann Ní Bhriain Mo Ghile Mear.

Bhí cáil an raibiléiseachais ar Sheán lena bheo, chomh maith le cáil an eiciúiméineachais. Silim go mbeadh sé féin an‑sásta Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, a fheiceáil ar thaobh amháin den altóir, an Ministéir Preispitéireach Terence Mc Caughey ar an taobh eile, Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, ag na raillí, agus iad uilig ag éisteacht go haireach le Louis Marcus, Giúdach agus dlúthchara le Seán, ag aithris scéalta ón gcrannóg arbh é Seán féin fear a gcumtha nó a gcéad inste. I bhfocla Sheáin Uí Ríordáin, tá pearsa imithe as an saol.

(Liam Mac an Iomaire.)

Léim go: Abhaile | Suas | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.