Cúntas iarbháis le Cumann Merriman

D’eisigh Cumann Merriman an cúntas iarbháis seo a leanas nuair a cailleadh an Dr. Ó hIrghile.
Pádraig Ó hIrghile, 1923 – 2008
Cúis mhór bhróin ag Cumann Merriman is ea bás an Dr. Phádraig Uí Irghile, iar‑Uachtarán na hÉireann.
Le tríocha bliain anuas is é a bhí ina Éarlamh ag an gCumann, é ina chomharba san oifig sin ar bheirt Uachtarán eile, Eamon de Valera agus Cearbhall Ó Dálaigh. Bhí suim domhain aige i ngnóthaí an Chumainn ón uair a bunaíodh é i 1967. Ba é, tar éis an tsaoil, a nocht leacht cuimhneacháin Bhriain Merriman sa bhFiacail an bhliain chéanna sin.
Agus cúis bhróid ag an gCumann ba ea gur Chláiríneach thar aon duine eile a bhí ina Éarlamh againn. B'annamh Scoil Samhraidh Merriman nach raibh sé fein agus a bhean chéile Méabh sa láthair ann. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena bhaintreach, lena mhuintir, agus le pobal an Chláir.
Ar dheis Dé go raibh a anam.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil