Conas ballraíocht a ghlacadh i gCumann Merriman
Bunaíodh Cumann Merriman chun ainm agus saothar Bhrian Merriman a bhuanú, agus chun spéis a chothú i ngach gné de dhúchas na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht agus an ceol. Reachtáiltear an Scoil Samhraidh agus an Scoil Gheimhridh gach bliain chun na cuspóirí seo a chur i gcrích. Is féidir le duine ar bith clárú mar bhall den Chumann ach táille bhliantúil €35 a dhíol. Faigheann gach ball cóip de Leabhar na Bliana (saothar nua taighde ar an nGaeilge, de ghnáth).
Is féidir clárú le Cumann Merriman ach scríobh go dtí an Rúnaí Ballraíochta. Bíodh d’ainm, seoladh iomlán agus an táille sa chlúdach litreach.
Rúnaí Ballraíochta
Deirdre Ní Loingsigh
Rúnaí Ballraíochta Chumann Merriman,
Stiúrthóir na Gaeilge,
Ollscoil Luimnigh,
Cathair Luimnigh,
Éire.
Guthán: 00 353 61 213 463
R‑phost: foirm r‑phoist Chumann Merriman
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil