Cé sinn?


Bunaíodh Cumann Merriman i 1967 in omós do Bhrian Merriman, údar dáin Raibiléiseach na hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche. Tá sé mar aidhm aige suim a chothú sa bhfile agus i stair is traidisiún Tuamhumhan, ceantar ársa sa Mhumhain, ina bhfuil coda de Thiobraid Árann is Luimneach, i dteannta Chontae an Chláir ina hiomláine.
Ta sé mar aidhm ag Cumann Merriman suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann, leis: an teanga, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is ar eile. Eagraíonn an Cumann dhá ócáid bhliantúil: an Scoil Samhraidh agus an Scoil Gheimhridh, mar a mbíonn na nithe seo uilig á gcur chun cinn go fonnmhar.
Is féidir tuilleadh a fháil amach mar gheall orainn ach a dhul go dtí an rannóg sa láithreán, Mar Gheall Orainn, a bhfuil an cúram sin uirthi!
Is féidir leat clárú lenár bhfothán RSS Gaeilge leis, chun go gcuirfí ar an eolas thú nuair a chuirtear abhar nua lenár láithreán.
Nuacht is imeachtaí reatha
Curtha cothrom le dáta: Luan, 11ú Eanáir 2010.
Scoil Samhraidh 2010
Ionad agus dáta an chéad Scoil Samhraidh eile:
- Ionad
- Amharclann Glór, Inis
- Dátaí
- 18 go 22 Mí Lúnasa (Céadaoin go Domhnach)
- Téama
- Le fógairt
- Stiúrthóir
- Le fógairt
Tá maolú ar líon laethanta na Scoile i mbliana. Fós féin, níl aon athrú ar réimse ná ar ilghnéitheacht an chláir. Bí ag faire ar ár bhfothán nuachta RSS.
Scoil Gheimhridh 2010
Ionad agus dáta an Scoil Gheimhridh seo:
- Ionad
- Óstán Meyrick, Gaillimh
- Dátaí
- 29 go 31 Eanáir (Aoine go Domhnach)
- Téama
- Máirtín Ó Direáin: 1910 go 2010
- Stiúrthóirí
- Liam Ó Dochartaigh is Máire Ní Neachtain
Tá eolas i dtaobh téama, cláir, táillí agus cainteoirí na Scoile ar fáil, maraon le preaseisiúint agus faisnéis ar scoláireachtaí, lóistín is ar chúrsaí taistil.
Nuacht is imeachtaí atá thart
Scoil Samhraidh 2009
Ní foláir do gach glúin cinní a ghlacadh i dtaobh a bhfuil i ndán di, i dtaobh a cuid tosaíochtaí agus i dtaobh a háit sa saol mór. Is casta ar fad iad na socruithe seo do cheannairí polaitiúla, do lucht deartha polasaithe agus don ghnáthphobal ná mar a bhí siad le blianta fada. Tá éiginnteacht agus imní faoin todhchaí tagtha i gcomharbacht ar an gcinnteacht agus ar an muinín a spreag an Tíogar Ceilteach.
B'iúd é fócas Scoil Samhraidh 2009. Cérbh iad na triallacha a bhí anois romhainn?
Is féidir blaiseadh den Scoil a fháil ach an leathanach súil siar ilmheán seo a dhearcadh.
Scoil Gheimhridh 2009
Is deacair a chreidiúint go bhfuil sé 20 bliain ó tionóladh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGaillimh cheana. Trí oileán Árann a bhí mar théama an taca seo i 1989, agus b'é Breandán Ó hEithir a thug an chéad léacht.
Is breá linn a bheith ar ais i nGaillimh do Scoil Gheimhridh 2009 agus tá muid ag súil le hardscoil i gCathair seo na dTrí nUisce Uí Chonaire, Gealchathair Uí Chadhain agus Baile an Chaisil Uí Eithir.
Summer School 2008

I measc príomhimeachtaí Scoil Samhraidh 2008 bhí plé le Carmel Wynne, colúnaí ar an Irish Times, ar chúrsaí collaíochta i bpobal an lae inniu. Pléadh geilleagaraí agus tráchtaire meán Marc Coleman an fás daonra, lena bhfuiltear ag súil, aníos arís go 8 miliún le linn an chéid seo, agus impleachtaí réigiúnda a ghabhann leis. Thug Fintan Vallely léacht, léirithe le giotaí ceoil, ar ghluaiseachtaí sa cheol traidisiúnta, inné is inniu, agus béim faoi leith ar cheol an Chláir.
Ceithre chéad biain tar éis do na hIarlaí an Róimh a bhaint amach, bhí deis ag rannpháirtithe taispeántas cumhachtach drámatúil faoi Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain (1550 – 1616) a fheiscint. Aisteoir/scríbhneoir, Donal O’Kelly, a bhfuil neart gradam faighte aige, a chuir taispeántas oíche na Céadaoine, ‘Running Beast’ i láthair. Michael Holohan, buaiteoir an Celtic Music Prize, a chum an ceol. Tá taispeántais aonair chumhachtacha Dhonal O’Kelly (an seó clúiteach, ‘Catalpa’, ina measc) feicithe ag lucht féachana timpeall na cruinne, agus tithe lán aige. Ní haon ionadh!
Scoil Gheimhridh 2008

I 1951 a d’fhoilsigh Niall Ó Dónaill Forbairt na Gaeilge agus tá sé leathcéad bliain anois ó d’fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (1958). Deineadh comóradh ar an gCaighdeán, agus ar rudaí eile nach é, ag an Scoil Gheimhridh seo, an naoú gceann i gCathair na Mart, a d’fhéach siar ar chur i bhfeidhm chaighdeán um ghramadaí Gaeilge. Léiríodh agus pléadh úsáid chomhaimseartha na Gaeilge sna meáin agus i réimsí eile.
Scoil Gheimhridh 2007
Reachtáileadh Scoil Gheimhridh 2007, “Anocht is uaigneach Éire” Imeacht na nIarlaí 1607, idir an 26ú agus an 28ú de Mhí Eanair i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. B'é Liam Ó Dochartaigh a stiúirigh.
Fóiríor, tá moill mhór ar an leathanach achoimre i gcónaí. Foíllseofar grianghraif, agallaimh agus físghiotáin ar an leathanach seo ach níltear ag súil leis go ceann tamaill eile.
Fós féin, is féidir grianghraif de phreasócáid na Scoile sin a fheiscint, marab ann ach sop in ionad na scuaibe!
Tabhair faoi ndeara — de bharr gur i nGaeilge amháin a reachtáiltear Scoileanna Geimhridh Merriman, is ins an rannóg Gaeilge amháin den láithreáin a fhoíllsítear leathanaigh Ghréasáin ina dtaobh.
Leabhar na Bliana
An tOllamh Seán Ó Coileáin a sheol leabhar na bliana, Éigse Chairbre, le Bláthnaid Uí Chatháin. Ar fhilíocht ó Chairbreacha i gContae Chorcaí agus ón gceantar máguaird idir 1750 agus 1850 atá an leabhar seo.
Scoil Samhraidh 2007
Rith Scoil Samhraidh 2007 ón 19ú go dtí an 25ú Lúnasa i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir agus tá roinnt grianghraf curtha leis an leathanach ilmheán súil siar. Ina theannta san, is féidir éisteacht le hamhrán á rá ag Jimmy Smyth, le hachoimire ar léacht John Coolahan, nó is féidir cur i láthair Sheáin Uí Laoire, ‘Inhabiting the Land’ a íoschóipeáil i bhfoirm PDF nó ina Phowerpoint Show. Ní beag atá na comhaid seo, áfaigh. Tá 115 sleamhnán sa cháipéis, agus graificí ar ardchaighdeán inti. Úsáid leathanbanda más féidir!
Scoil Samhraidh 2006

Deineadh comóradh ar Mhícheál Cíosóg i Scoil Samhraidh 2006. Mhair an Cláiríneach cáiliúil seo le linn tréimhse corraitheach athbheochana in Éirinn: athbheochan teangan, litríochta agus spóirt.
Dearc an leathanach achoimire ilmheán i gcomhair ghrianghraf, fhíseán agus fuaimghiotán, agallamh le Maeve Binchy san áireamh.
Scoil Gheimhridh 2006

Tá achoimire ilmheán ar Scoil Gheimhridh Mherriman 2006 ar fáil, leis. Sa chnuasach seo tá grianghraif d’imeachtaí éagsúla na Scoile, agallaimh le cainteoirí agus rannpháirtithe araon, agus agallamh físeáin le Bríona Nic Dhiarmada, údar Téacs Baineann: Téacs Mná, Leabhar na Bliana Chumann Merriman 2006.
An Chúirt ar Dlúthcheirnín
Seoladh dhá dhlúthcheirnín faoi leith ag Scoil Samhraidh 2005 le ceiliúradh a dhéanamh ar dhá chéad bliain ó bhás Bhrian Merriman. Dhá léamh den dán Cúirt an Mheán Oíche, agus iad fíor‑éagsúil óna chéile, atá ar fáil ar na dlúthdcheirníní seo.
Dlúthcheirnín Sheáin Uí Cheallaigh

Rugadh Seán Ó Ceallaigh (1896 – 1994) i bhForúir, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir. Bhí neart cainteoirí dúchais Gaeilge fós beo sa cheantar le linn a óige. Gaeilge an Chláir an Ghaeilge a shealbhaigh sé go rí‑mhaith. Bheadh Cúirt an Mhean Oíche cloiste aige, á aithris ag seanfhir an Chláir. Is dócha gur éirigh cuid mhaith acu sin suas agus Brian Merriman féin fós ina bheathaidh. Mar sín, tá nasc cinnte idir an léamh seo agus caint bheo na gCláiríneach le linn ré Mherriman. Bhí an Ceallach ina Ardmháistir ar an gColáiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh agus ina Theachta Dála do cheantar an Chláir idir 1959 agus 1969.
Mac le Seán is ea an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh agus le cead agus tacaíocht uaidh sin d’eisigh Leabharlann Chontae an Chláir an dlúthdhiosca seo den aithris a rinne a athair ar an dán. Níor cuireadh ar díol é ach dháil an Leabharlann cóipeanna de saor in aisce ar scoileanna an chontae. Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le Leabharlann Chontae an Chláir ar 00 353 65 682 1616.
Dlúthcheirnín Chumann Merriman & Raidió na Gaeltachta

D’eagraigh Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir Scoil Gheimhridh 2005 léamh drámatúil de Chúirt an Mheon‑Oíche don ócáid sin. B'iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Ó Ceallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain a léigh agus b'é Darach Mac Con Iomaire a léirigh.
Tháinig an fhoireann le chéile arís chun an dán a léamh go poiblí i mBaile Mhuirne, i nGaeltacht Mhúsgraí. Tamaill ina dhiaidh sin dhein RTÉ Raidió na Gaeltachta taifeadadh ar an léamh agus is é an taifead sin atá ar an darna dlúthdhiosca. Léigh an fhoireann chéanna an dán arís ar an 31 Deireadh Fómhair 2005 mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh.
Tá an dlúthcheirnín seo ar fáil ag Díolacháin Leabharlann Raidió, RTÉ., Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4. Is féidir cóip a cheannach ar‑líne trí láithreán RTÉ, leis, nó cuir glaoch ar RTÉ ar 00 353 1 208 3326.
Sleachta

Tá cúpla sliocht as na dlúthcheirníní nasctha againn den leathanach seo chun blaiseadh a thabhairt ar an dá léimh.
'Sé Ba ghnáth me ag siubhal…
céad líne an dáin. Déanann sé comparáid shuimiúil idir léamh nua‑aimseartha, ’dramatúil’ agus léamh, atá gach pioc chomh soifisticiúil céanna, a thagann dírach le traidisiún an bhéaloideais.
Cuireann Múscail! Corraigh!
an chéad charachtar um a bhuaileann an file i láthair: an Báile féin.
Dlúthcheirnín Sheáin Uí Cheallaigh
Dlúthcheirnín Raidió na Gaeltachta
Ceiliúradh an dá Chéad 2005
D’eagraigh Cumann Merriman roinnt imeachtaí faoi leith i gcomhar bliain an dá chéad tar éis bás Bhrian Merriman. Gheobhair liosta cuimsitheach des na himeachtaí seo ar leathanach innéacsa Scoileanna 2005.
Is féidir acomair ilmheán i a dhearcadh, leis, ar Scoil Samhraidh 2005. Cuir cuairt ar an leathanach seo chun pictiúir de dhaoine is d’imeachtaí a fheiscint, agus agallaimh le cainteoirí is le rannpháirtithe a chloisint.
Merriman i mBeirlín
I mí an Mharta 2006, d’eagraigh Cumann Merriman Scoil i mBeirlín chun ceiliúradh a dhéanamh ar an aistriúchán Gearmánaise a dhein Ludwig Christian Stern de Chúirt an Mheán Oíche i 1905.
Tá bailiúchán grianghraf agus roinnt fuaimghiotán agus físghiotán, a tógadh le linn na Scoile seo ar fáil ar an leathanach súil siar. Tóg blaise de, agus fáilte!
Ar Lorg Shorcha

Bhí céadtaispeáint scannáin mar chuid de Scoil Gheimhridh 2007! Tá roinnt blianta caite ag an stiúrthóir, Bríona Nic Dhiarmada, ag forbairt clár faisnéise ar Shorcha Ní Ghuairim, amhránaí shean‑nóis cáiliúil as Roisín na Mainiach, Carna, Conamara. Taispeánadh ar ThG4 é ar 31 Eanáir 2007 ach cuireadh i láthair don chéad uair é os comhair halla láin i gCathair na Mart ar an Satharn 27ú. Tá agallaimh le Bríona ar fáil ar leathanach achoimire ilmheán Scoil Gheimhridh 2006.
Merriman sna Meáin

I dtreo dheireadh 2005 chraol RTÉ Radio 1 roinnt clár ar Bhrian Merriman, ar Chúirt a’ Mheán Oíche agus ar Mháirtín Ó Cadhain. Táid ar fáil le clos ar láithreán RTÉ i gcónaí.
Is gá seinnteor cuí ar nós Realplayer nó Media Player Classic a bheith suite ar do ríomhaire d’fhonn éisteacht leis na cláir seo. Tá an dá sheinnteoir seo saor in aisce agus buanchumasaithe ach cuireann RealPlayer d’fhiachaibh ar úsáideoirí a gcuid sonraí pearsanta a chlárú ar dtúis, áfaigh. Tá naisc ceapaithe againn caol díreach des na cláir le caoinchead RTÉ Raidio 1:
- The Appeal of the Midnight Court (43:58s)
- Seo clár faisnéise a dhein Cathal Póirtéir chun Brian Merriman a cheiliúradh dhá chéad bliain tar éis a bháis. Is clár dhátheangach é.
- Scríbhneoirí Faoi Chaibidil, 9 (27:31s)
- Clár 9 – Brian Merriman, a craoladh 2 Nollaig 2005. Pléann Alan Titley agus Liam P. Ó Murchú an file agus a dhán.
- Scríbhneoirí Faoi Chaibidil, 13 (29:58s)
- Clár 13 – Máirtín Ó Cadhain, a craoladh 30 Mí na Nollaig 2005.
Déan Teagmháil Linn

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil i dtaobh imeachtaí Chumann Merriman, Scoil Gheimhridh 2007 san áireamh, ach teagmháil a dhéanamh linn tríd foirm r‑phoist Chumann Merriman, nó ar an nguthán ag 00 353 86 382 0671.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le n‑ár nOifigeach Preas trí ríomhphost nó ar an nguthán ag 00 353 87 646 1661.
Baile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil