Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2017

Do bhaill agus do Chairde Chumann Merriman

Is oth le Coiste Chumann Merriman a fhógairt nach mbeidh Scoil Samhraidh Merriman á reachtáil againn i mbliana. Is trua linn gurb amhlaidh atá go háirithe ó tá 50 bliain ó bhunú Chumann Merriman i 1967 á cheiliúradh againn i 2017.

Ba mhaith le Coiste Chumann Merriman leanacht leis an Scoil Gheimhridh agus tá rún againn 50ú Scoil Gheimhridh Merriman a eagrú i dtús na bliana 2018.

Ag an gcéad chruinniú eile de Choiste Chumann Merriman pléifear na féidireachtaí agus na dúshláin a bhainfeadh le 50ú Scoil Samhraidh Merriman a reachtáil sa bhliain 2018 agus roinnfear cinneadh an Choiste in am tráth lenár mbaill agus lenár gcairde.

Gabhaimid buíochas ó chroí leis na baill agus leis na cairde a thacaigh linn féin agus lenár gcuid imeachtaí thar na blianta, agus iarraimid orthu fanacht dílis don gCumann. Tá sé ríthábhachtach do shláinte agus do thodhchaí an Chumainn go mbeadh bonn láidir faoi bhallraíocht an Chumainn sna blianta romhainn. Is féidir clárú le Cumann Merriman ach €25.00 a sheoladh chuig:

Cumann Merriman, c/o Oifig na nDán,
Coláiste Mhuire gan Smál,
An Cuarbhóthar Theas,
Luimneach,
Éire.

Tá baill chláraithe i dteideal freastal ar Mhórchruinniú Bliantúil Chumann Merriman Teoranta. Cuirfear baill chláraithe an Chumainn ar an eolas faoi dháta agus ionad Mhórchruinniú 2017 i rith an tsamhraidh.

Coiste Chumann Merriman, 5 Iúil 2017