Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2016

Léim go: dátaí | clárú | clár | preaseisiúint | Slógadh na Boirne.

‘Gallant allies in Europe’ /
‘Comhghuaillithe calma san Eoraip’

  • Dátaí: 29 Mí Meithimh go 2 Mí Iúil (Céadaoin go Satharn).
  • Téama: ‘Gallant allies in Europe’ / ‘Comhghuaillithe calma san Eoraip’.
  • Ionad: Glór, Inis, Contae an Chláir.
  • Stiúrthóir Onórach: Pat Cox, President, European Parliament 2002-2004.
  • Stiúrthóir Acadúil: Dr Bríd Quinn, University of Limerick.

Clárú

  • Níl aon réamh-chlárú i gcomhair Scoileanna Chumann Merriman. Is leor a theacht go dtí an clárú ar 19.00, ar an gcéad lá!
  • Mara bhfuil uait ach a bheith i láthair ag seisiúin faoi leith tá fáilte romhat; tar go dtí iad agus díol an táille ag an doras.
  • Is minic imeachtaí de chuid Scoileanna Merriman díolta amach, mar sin féin.  Má tá fonn fé leith ort a bheith i láthair ag seisiúin éigint, b’fhiú áit a chur in áirithe. Is féidir é seo a dhéanamh le Glór, ar líne nó ar an ngutháin leis an oifig ticéad ar 065 684 3103.
  • Ina theannta seo, tabhair faoi deara nach bhfuil ráta lae ar fáil i mbliana.

Clár

Íoschóipeáil clár Scoil Samhraidh 2016 i riocht PDF.

Dé Céadaoin 29 Meitheamh

slógadh-na-boirne-clár-mionsamhail

11.00-16.00

  • Slógadh na Boirne, Ceiliúradh na Gaeilge i gContae an Chláir.
  • Ionad Mhíchil Cíosóg, An Carn, Co. an Chláir.
  • Preaseisiúint i gcomhair Slógadh na Boirne.
  • Íoschóipeáil clár Shlógadh na Boirne
    (i riocht PDF).

19.00

  • Fáiltiú ⁊ clárú

20.00

  • Oscailt na Scoile: Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach, Cumann Merriman.
  • Introductory Remarks: Bríd Quinn
  • Léacht: Our Gallant allies in Europe: a Marriage of Convenience?
    Professor Diarmaid Ferriter.

Déardaoin 30 Meitheamh

Clar-na-Scoile-2016-mionsamhail

10.00-12.00

  • Alliances with Europe
  • History Ireland Hedge School with Hiram Morgan, Sylvie Kleinman, Angus Mitchell & Mike Cronin with Tommy Graham

12.15

  • Cúirt An Mheán Lae: Biddy Jenkinson
  • Á cur i lathair ag Máire Ní Neachtain

15.00

  • Painéal: ‘Exaltation among the nations’: Our women & men in Europe – former MEPs
  • Nuala Ahern, Sean Ó Neachtain, Emer Costello
  • Cathaoirleach: Jillian van Turnhout

20.00

  • Painéal: ‘To find the answering voices that they seek’: Ireland (North & South), Britain and Europe – in the  aftermath of the UK referendum
  • Professor Mary C. Murphy, Steve Aiken MLA, Brian Hayes MEP
  • Cathaoirleach: Pat Cox

Aoine 1 Iúil

10.00-12.00

  • Painéal: ‘Cad é sin don té sin?’: Éire, an Bhreatain agus an Eoraip
  • Seán Kelly FPE, Liadh Ní Riada FPE, Éamon Ó Cuív TD, Harry Mc Gee, An tOllamh Mike Cronin
  • Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh

12.15

  • Cúirt an Mheán Lae: Brian Lynch
  • Á cur i láthair ag Máire Ní Neachtain

15.00

  • Painéal: ‘For years untold her youth will shine’: Generation Maastricht: the youth perspective
  • Facilitated by David Garrahy with Valerie Molay and Cárthach Ó Faoláin
  • Cathaoirleach: Pat Cox

20.00

  • ‘Cradling dreams’ – Cultural Perspectives
  • Marina Carr agus Mick O’Dea
  • Á cur i láthair ag Doireann Ní Bhriain

Dé Sathairn 2 Iúil

10.00

  • Seimineár: ‘An Scríbhneoir i dTíortha Stráinséara’ Liam Mac Cóil
  • Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna

11.00

  • Seimineár: Gallant Allies and Exiled Children: International aspects of the 1916 Rising
  • Ruán O’Donnell

12.15

  • Cúirt an Mheán Lae: Gabriel Rosenstock

15.00

  • Painéal: As others see us: ‘Move lips, move minds and make new meanings flare’
  • Joachim Fischer, Francis Jacobs, Professor Eddie Moxon-Browne

20.00

  • ‘The confluence of dreams’: Looking to the Future
  • Pat Cox, President European Parliament 2002-2004
  • Clabhsúr na Scoile: Liam Ó Dochartaigh

Preaseisiúint: Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2016

Dáta eisithe: Dé hAoine, 8ú Mí Meithimh 2016 (12:00, uair a’ mheánlae)

TOSACH

Le gan teacht salach ar Fhleadh Cheoil na hÉireann in Inis mí Lúnasa, tá Scoil Samhraidh Merriman á reachtáil níos luaithe i 2016, ón gCéadaoin 29ú Meitheamh go Satharn 2ú Iúil in amharclann Glór. Tá an Scoil á reachtáil i gcomhar le hoifig na hÉireann de Pharliamint na hEorpa agus is é an tUasal Pat Cox, iar-Uachtarán na Parlaiminte an Stiúrthóir Oinigh. Is í an Dr Bríd Quinn ó Roinn na Polaitíochta agus an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil Luimnigh an Stiúrthóir Acadúil.

Tógadh téama na Scoile ‘Gallant allies in Europe’/’Comhghuaillithe calma san Eoraip’ ó Fhorógra na Cásca. Mar chuid den chlár comórtha ‘Éire 1916-2016’, tá sé i gceist comhthéacs idirnáisiúnta an Éirí Amach a phlé, comhthéacs Impireacht na Breataine agus Mhór-roinn na hEorpa go speisialta. Agus lenár linn féin, 100 bliain i ndiaidh an Éirí Amach, pléifear caidreamh na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Aontas Eorpach; beidh an plé seo an-tráthúil mar go mbeidh an Scoil Samhraidh á reachtáil laistigh de sheachtain de thoradh an reifrinn sa Bhreatain ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Beidh Teachtaí reatha PE, iartheachtaí PE, Teachtaí Dála, ealaíontóirí, údair, cinnirí óige, iriseoirí agus scolairí céimiúla i measc na gcainteoirí.

Beidh seisiún ar leith ar ‘Éire (Thuaidh agus Theas), an Bhreatain agus an Eoraip i ndiaidh reifreann na Ríochta Aontaithe’ leis an Ollamh Mary C Murphy (CO Corcaigh), Steve Aikens MLA, agus Brian Hayes TPE agus seisiún eile i nGaeilge le Liadh Ní Riada TPE, Éamon Ó Cuív TD, an tOllamh Mike Cronin (OCBÁC) agus Harry Mc Gee ón Irish Times.

Is é an tOllamh Diarmaid Ferriter (COBÁC) a thabharfaidh léacht na hoscailte ar an gCéadaoin 29ú Meitheamh agus an tÉirí Amach á shuíomh aige i gcomhthéacs na hEorpa agus imeachtaí na linne. Pléifidh Ruán O’Donnell, beathaisnéisí an Phiarsaigh, gnéithe trasatlantacha an Éirí Amach agus cíorfar iarrachtaí ó Aodh Mor Ó Néill anall trí Wolfe Tone agus Ruairí Mac Easmainn ar chomhghuaillíocht a chothú idir náisiúnaithe Éireannacha agus mórchumhachtaí Eorpacha ag painéal scoláirí aitheanta le linn Scoil Scairte de cuid History Ireland.

Is iad Biddy Jenkinson, Brian Lynch agus Gabriel Rosenstock na filí a léifidh a saothar féin ag ‘Cúirt an Mheán Lae’, agus i measc na rannpháirtithe eile beidh an drámadóir Marina Carr, an t-ealaíontóir Mick O’Dea agus Liam Mac Cóil, údar ficsin stairiúil sa Ghaeilge.

Ar an Sathran, beidh deis againn léargas a fháil ar mar a fheiceann daoine eile sinn, tráth a roinnfidh Joachim Fischer, Francis Jacobs agus Edward Moxon-Browne a dtuairimí ar na hÉireannaigh agus an Eoraip, ar bhonn ainilíse agus féin-taithí.

Pat Cox féin a chuirfidh clabhsúr ar imeachtaí na Scoile agus é ag cur i gcás a bhféadfadh tarlú feasta don Aontas Eorpach, do chaidreamh na Breataine leis an Aontas, agus deiseanna, dúshláin agus impleachtaí na bhféidireachtaí seo dúinne in Éirinn.

Beidh saorchead isteach ag roinnt de na seisiúin ag an Scoil. Is féidir ticéid a cheannacht don Scoil iomlán, ar phraghas laghdaithe i mbliana, nó d’imeachtaí aonair, agus tá teacht ar áirithintí i nGlór, ar líne nó ar 065 684 3103.

DEIREADH

Preaseisiúint: Slógadh na Boirne

TOSACH

  • Ócáid Speisialta: Slógadh na Boirne, Ceiliúradh na Gaeilge i gContae an Chláir
  • Ionad: Ionad Mhíchíl Cíosóg, An Carn, Co. an Chláir
  • Dáta: Dé Céadaoin, 29 Meitheamh 2016
  • Am: 11.00-4.00
  • Nóta: Tá saorchead isteach ag an ócáid seo.

Mar chuid den chlár comórtha Éire 1916 – 2016, tá Slógadh na Boirne, ceiliúradh speisialta ar an nGaeilge i gContae an Chláir, á eagrú ag Cumann Merriman in Ionad Mhíchíl Cíosóg ar an gCéadaoin, 29ú Meitheamh.

Imeacht i sruth náisiúnta na Gaeilge [An Teanga Bheo] i gclár comórtha oifigiúil 1916 í seo. Tá an imeacht á eagrú i gcomhar le múinteoirí agus le daltaí i scoileanna agus i gcoláistí ón gClár agus Luimneach, agus le hIonad Mhíchíl Cíosóg ar an gCarn i gContae an Chláir. Tá cabhair bhreise á fháil ag Cumann Merriman i mbliana ó thionscadal pobail Chomhairle Chontae an Chláir, a gcuid siúd den chomóradh ar imeachtaí 1916.

Beidh dhá chuid in imeachtaí an lae: ón 11.00 go dtí 1.00 cuirfidh daltaí ó Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Scoil Náisiúnta Bhaile Aodha, Gaelcholáiste an Chláir agus Gaelcholáiste Luimnigh mireanna ceoil, amhranaíochta, filíochta agus drámaíochta i láthair. Cuirfidh daltaí ó Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg mír dhrámaíochta i láthair bunaithe ar an ngearrscéal [Eoghainín na nÉan] le Pádraig Mac Piarais, agus cuirfidh daltaí ó Scoil Náisiúnta Bhaile Aodha [Éirí Amach na Cásca] i láthair, duaisiarracht ag an bhFéile Scoildrámaíochta i mbliana.

San iarnóin, on 2.00 go dtí 4.00, casfaidh ceoltóiri ón gClár (Siobhán Peoples, Caoilfhionn Ní Fhrighil, Francis Ó Cuinneagáin agus Eve Ní Chonchúir) píosaí ceoil ó thréimhse na hAthbheochana agus tabharfar dhá chaint ghearra as Gaeilge. Labhróidh an Dr Eilís Ní Dheá (Coláiste Mhuire gan Smál) ar an nGaeilge i gContae an Chláir le linn óige Mhíchíl Cíosóg, agus labhróidh an Dr Cathal Billings (An Coláiste Ollscoile, BÁC), iománaí do Bhaile Átha Cliath, ar Mhícheál Cíosóg agus an Ghaeilge i mblianta tosaigh Chumann Lúthchleas Gael.

Táthar ag súil gur ócáid phleisiúrtha a bheidh i Slógadh na Boirne, comóradh cuí ar oidhreacht shaibhir Chontae an Chláir sa Ghaeilge, sa chultúr Gaelach agus sna cluichí Gaelacha ó aimsir Mhíchíl Cíosóg, breis is 150 bliain ó shin, i leith go dtí ár linn féin.

Beidh saorchead isteach ag an imeacht seo; ba cheart go mbeadh neart spáis do chách mar go mbeidh puball ar an láthair.

Cuirfear tús le gnáthScoil Samhraidh Merriman an tráthnóna céanna (Dé Céadaoin, 29ú Meitheamh) in amharclann Glór in Inis ar 8.00 i.n. Is cuid de chlár comórtha Éire 1916-2016 an Scoil Samhraidh leis; tógadh an téama i mbliana Gallant Allies in Europe (Comhghuaillithe Calma san Eoraip), ó Fhorógra na Cásca. Déanfaidh cainteoirí céimiúla iniúchadh ar chaidreamh na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe agus le Mór-roinn na hEorpa aimsir an Éiri Amach agus lenár linn fein, céad bliain níos faide anonn.

DEIREADH