Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2015

Ionad agus dáta

  • Dátaí: 12 go 15 Lúnasa (Céadaoin go Satharn).
  • Téama: Cumann agus Céileachas: Love and Marriage Revisited.
  • Ionad: Inis, Contae an Chláir.
  • Stiúrthóir: An Dr Linda Connolly,
    Stiúrthóir, Institute For Social Science In The 21st Century, UCC.

cludachClairSS2015Bliain mhór í 2015: tá 20 bliain anois ann ó reachtáladh an Reifreann ar Cholscaradh i 1995, ar éirigh leis le mórámh an-chaol agus a raibh mar thoradh air an colscaradh á thabhairt isteach i ndlí na hÉireann den chéad uair; reachtáladh an tAcht um Pháistí agus Chaidreamh Clainne (2015); agus glacadh leis an reifreann um Chomhionannas Pósta le móramh mór ar 22ú Bealtaine 2015. Agus toradh soiléir dearbhaithe sa reifreann is déanaí, cuirfidh Scoil Samhraidh Merriman ar ár gcumas seasamh siar agus féachaint ar bhrí an ghrá agus an phósta sa sochaí in Éirinn ag tréimhsí éagsúla sa stair, agus a mbeidh i gceist leo amach anseo a mheas chomh maith.

Osclóidh Catherine McGuinness, iar-Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, an scoil ar an gCéadaoin, 12ú Lúnasa ar 7.00 i.n. i nGlór ag machnamh di ar chuid de na bealaí a ndearna an sochaí in Éirinn ath-shainmhíniú ar an ngrá agus ar an bpósadh sna deich mblianta deireanacha. Beidh 3 lá eile na scoile lomlán le léachtaí, seimineáir, ceolchoirmeacha, léamha filíochta, scríbhneoirí faoi agallamh agus caidreamh neamhfhoirmeálta. Ina measc siúd a labhróidh ag an scoil, beidh Roy Foster, Lucy McDiarmid, Tom Inglis, Patricia Coughlan, Conor O’Mahony, Carol Coulter, an t-údar Donal Ryan, agus na filí Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Rita Ann Higgins agus Doireann Ní Ghríofa. Déanfaidh scoláirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí mór le rá cíoradh sna cainteanna, sna léamha, sna léirithe agus sna díospóireachtaí, ar raon leathan topaicí ar nós: fiche bliain den cholscaradh in Éirinn, an grá agus an pósadh le linn Éirí Amach 1916, an tsaoránacht inscne, an pósadh comhinscne, saol na mban, traidisiúin an phósta, agus an grá agus an caidreamh gaoil i scríbhneoireacht na hÉireann. Cuirfear clabhsúr ar an Scoil Samhraidh le Scoil Scairte á eagrú ag History Ireland ar an téama ‘An Grá agus an Pósadh ón nGorta Mór anall.’

Is í an Dr. Linda Connolly Stiúrthóir Scoil Samhraidh Merriman 2015. Is Stiúrthóir í ar Institiúid um an Eolaíocht Shóisialta sa 21ú Céad i UCC. I measc a cuid foilseachán tá saothar ar an bhfeimineachas in Éirinn, ar ghluaiseachtaí sóisialta agus ar shaol an teaghlaigh.