Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2013

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Ireland North and South: two societies growing apart?
Éire agus Ulaidh: ag dul a mbealach féin feasta?

Dátaí
14 go 18 Lúnasa (Céadaoin go Domhnach).
Ionad
Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir,
Stiúrthóir
Andy Pollak.

Fáilte go dtí an Scoil

Tá mar aidhm ag téama Scoil Samhraidh Merriman na bliana seo machnamh agus díospóireacht a spreagadh faoina bhfuil i ndán do dhá phobal Éireann agus Thuaisceart Éireann 15 bliana i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, a raibh mar thoradh air gur tháinig deireadh le 30 bliain de choimhlint sa Tuaisceart, agus a raibh mar aidhm aige comhoibriú agus comthuiscint a chothú idir an Tuaisceart agus an Deisceart.

Díreoidh an Scoil agus cainteoirí na Scoile ar ábhair mar iad seo a leanas: An bhfuil an dá dhlínse Éireannacha ag druidim ó chéile anois: an Tuaisceart ag streachailt fós le seanfhadhbanna an tseicteachais agus na deighilte, an Deisceart gafa le fiacha agus le déine eacnamaíochta? Más amhlaidh atá, cad iad na himpleachtaí don dúil náisiúnaíoch san athaontú le toiliú na bpobal? An bhfuil múnla nua náisiúnachais ann a dhéanfadh freastal ar an druidim ó chéile seo? An bhfuil bunáite na ndaoine Ó Dheas gur cuma leo faoin Tuaisceart, agus más fíor go bhfuil, cad iad na himpleachtaí don dá shochaí? An bhful ann anois do fhéinaitheantas Dheisceart Éireannach, go háirithe i measc an aosa óig, nach dtugann an Tuaisceart san áireamh? An bhfuil féinaitheantas Thuaisceart Éireannach ag teacht ar an bhfód de réir a chéile? Cad iad na gnéithe sa chultúr, sa sochaí, agus san eacnamaíocht a fheidhmíonn le pobal an oileáin a thabhairt níos gaire dá chéile — agus cén dóigh ar cheart do lucht cumtha polasaí féachaint leis na gnéithe seo a chothú agus a mhisniú? Cad iad na himpleachtaí do dhá chuid an oileáin dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach agus dá bhfanfadh Éire istigh? Cad iad impleachtaí ghluaiseacht na hAlban i dtreo an neamhspleáchais d’oileán na hÉireann?

I measc na gcainteoirí beidh polaiteoirí, filí, tíreolaithe, iriseoirí, acadúlaithe, eacnamaithe agus a thuilleadh nach iad. Mar is gnách, beidh meascán sláintiúil den phlé agus den díospóireacht, den fhilíocht, den cheol agus den chuideachta gheanúil ag an Scoil. Beidh sraith de sheimineáir Ghaeilge gach maidin; is i mBéarla a bhíonn formhór imeachtaí eile na Scoile Samhraidh.

Is é Andy Pollak, a d’éirigh as le déanaí mar Stiúrthóir ar an Ionad Staidéir Trasteorann in Ard Mhacha, Stiúrthóir Scoil Samhraidh 2013.

Is é Mícheál Ó Máirtín T.D., ceannaire Fhianna Fáil, a thabharfaidh aitheasc na hoscailte.

Beidh fáilte romhat!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2013:

Programme

Ionaid

  • Clárú agus imeachtaí um thráthnóna is istoíche: Amharclann an Pavilion.
  • Seimineáir maidne is Cúirt an Mheán Lae: Óstán an Royal Spa.
  • Club Merriman (Dé Céadaoin): Tithe tabhairne áitiúla.
  • Club Merriman (Déardaoin): The Barn, Cill Fionnúrach. Cuirfear bua ar fáil.
  • Club Merriman (Dé hAoine): Óstán an Royal Spa.
  • Club Merriman (Dé Sathairn): Óstán an Royal Spa.

Seamus Heaney agus Michael Longley

  • Tá ticéid ar fáil ar líne anois ó Amharclann Glór nó ó Chumann Merriman le línn na Scoile.
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh le díoloifig Glór ach glaoch a chur ar 00 353 65 684 3103 nó scéala a sheoladh go boxoffice@nullglor.ie.

Nóta: Moltar go láidir do rannpháirtithe lóistín a shocrú tamall maith roimh thosach na Scoile.

Nóta: Ní gá clárú don Scoil ina hiomláine; is féidir táille a dhíol in aghaidh an tseisiúin. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait cuir glaoch gutháin orainn, le linn uaireanta oibre, ar .

Dé Céadaoin 14ú

17.00
Clárú ag Óstán an Pavilion.
19.00
Fáiltiú an Amharclann an Pavilion.
20.00
Oscailt na Scoile.
20.30
Léacht: Are Ireland and Northern Ireland growing apart? le ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin TD.
22.30
Club Merriman (tithe tabhairne áitiúla).

Déardaoin 15ú

10.00 Seminar 1
A Personal View of a Possible Ireland Beyond my Time, le Sir Kenneth Bloomfield.
11.00 Seimineár 1
Tábhacht an Tuaiscirt do Phobal an Deiscirt, le Niall Ó Dochartaigh.
12.15
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Gearóid Mac Lochlainn, file Gaeilge.
15.00
Painéal. Two women’s views, North and South
Our Country also: the Outsider in Contemporary Ireland, le Susan Mc Kay.
The Challenges of Reconciliation, le Gladys Ganiel.
20.30
Painéal: An Anglican and Catholic view of religion and society in the two Irelands.
Archbishop Richard Clarke agus Geraldine Smyth.
22.30
Club Merriman (The Barn, Cill Fionnúrach).

Dé hAoine 16ú

10.00 Seimineár 2
Suim nó patuaire thrasteorann?, le Póilín Ní Chiaráin agus Cathal Goan.
10.00 Seminar 2
Can culture and the arts be reconciling elements in an unreconciled Ireland?, le Fintan O’Toole agus Edna Longley.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Ceadal consairtín le Jack Talty agus Cormac Ó Beaglaíoch.
13.00
The Burren Smokehouse
Fáiltiú do rannphártithe na Scoile, urraithe ag The Burren Smokehouse.
15.00
Painéal. Can the Economy be a Reconciling Element Within and Between North and South?
Dan O’Brien agus John Bradley.
20.30
Filíocht.
Seamus Heaney agus Michael Longley.
Tá ticéid ar fáil ar líne anois ó Amharclann Glór nó ó Chumann Merriman le línn na Scoile.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le díoloifig Glór ach glaoch a chur ar 00 353 65 684 3103 nó scéala a sheoladh go boxoffice@nullglor.ie.
22.30
Club Merriman (Óstán an Royal Spa).
Leis na Armagh Rhymers agus an Four Courts Céilí Band.

Dé Sathairn 17ú

10.00 Seimineár 3
Cén rath atá ar an Ghaeilge Thuaidh agus Theas?, le Pol Ó Muirí agus Róise Ní Bhaoill.
10.00 Seminar 3
Have young people turned away from all island identities and perspectives?, le Aoibhín de Búrca agus Katy Hayward.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Leanne O’Sullivan.
15.00
Painéal.
We’re all minorities now: identity and escape in the new Northern Ireland, le Paul Nolan
Reconnecting civil society and people, le Niall Crowley agus Breege Lenihan.
20.30
Painéal: Young Politicians’ Round Table: the Future.
Chris Hazzard MLA, John McCallister MLA, Timmy Dooley TD, an Comhairleoir Neale Richmond, Emma Little agus an Comhaileoir Rebecca Moynihan.
22.30
Club Merriman (Óstán an Royal Spa).
Leis an Four Courts Céilí Band.

Dé Domhnaigh 18ú

11.00
Painéal: The UK and international contexts: towards a disunited Kingdom and a European Union without Britain?.
Naomi Long MP agus Marian Harkin MEP.
12.30
Bróinse Bhia na Boirne: blaisíní blasta ó tháirgeoirí agus cócairí an cheantair.

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint

Dáta eisithe: Dé hAoine, 12na Mí Iúil 2013 (12:00 nóin)

An Scoil go hAchomair

Téama
Éire agus Ulaidh: ag dul a mbealach féin feasta?

Stiúrthóir
Andy Pollak
Dátaí
Dé Céadaoin 14ú go Dé Domhnaigh 18ú Mí Lúnasa 2013.
Ionad
Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir.

TOSACH

Mar is gnách tá suil go mbeidh ábhar machnaimh i Scoil na bliana agus meascán taitneamhach de léachtaí agus seimineáir, filíocht agus ceol. Déanfar grinn-inniúchadh ar pholaitíocht, ar shochaí agus ar chultúr sa dá chuid d’Éirinn le 15 bliana anuas ó Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is é Andy Pollak ón Lárionad Staidéir Trasteorann in Ard Mhacha, Stiúrthóir na Scoil Samhraidh Merriman 2103.

I measc na gceisteanna a dtabharfaidh sraith de chainteoirí iomráiteacha ón dá dhlínse Éireannacha futhu, tá: An bhfuil an dá shochaí in Éirinn ag druidim níos gaire dá chéile go malltriallach mar a bhí i gceist i gComhaontú Aoine an Chéasta, nó an amhlaidh — mar a thuigfí ó theideal dúshlánach na Scoile samhraidh — go bhfuilid ag druidim óna chéile? An bhfuilid ag feidhmiú i dhá dhomhain difriúla: an Tuaisceart ag streachailt fós le seanfhadhbanna an tseicteachais agus na deighilte, an Deisceart gafa le fiacha agus le déine eacnamaíochta? Más amhlaidh atá, cad iad na himpleachtaí don dúil náisiúnaíoch san athaontú le toiliú na bpobal? An bhfuil bunáite na ndaoine Ó Dheas gur cuma leo anois faoin Tuaisceart, agus más fíor seo, cad iad na himpleachtaí don dá shochaí? An bhful ann anois do fhéinaitheantas Dheisceart Éireannach, go háirithe i measc an aosa óig, nach dtugann an Tuaisceart san áireamh? An bhfuil féinaitheantas Thuaisceart Éireannach ag teacht ar an bhfód de réir a chéile? Agus maidir leis an ghné idirnáisiúnta, cad iad na himpleachtaí do dhá chuid an oileáin dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach agus dá bhfanfadh Éire istigh? Cad iad impleachtaí na gluaiseachta i dtreo neamhspleáchais na hAlban d’oileán na hÉireann?

I measc na gcainteoirí tá Ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Ó Máirtín, iarcheannasaí Státseirbhís Thuaisceart Éireann Sir Ken Bloomfield, Marian Harkin TPE, Príomháidh Eaglais an hÉireann, an tArdeaspag Richard Clarke, teachta pairliminte pháirtí an Alliance d’Oirthear Bhéal Feirste Naomi Long, stiúrthóir Scoil Éacúiméinice na hÉireann Geraldine Smyth, agus na hiriseoirí Fintan O’Toole agus Dan O’Brien.

Ar na príomhimeachtaí cultúrtha i mbliana beidh seisiún tráthnóna filíochta leis an mBuaiteoir Nobel Seamus Heaney agus a chara agus a chomhfhile, Michael Longley; léamha ag meán lae leis na filí Gearóid Mac Lochlainn agus Leanne O’Sullivan; agus ceadal meán lae ar an gconsairtín le Jack Talty agus Cormac Ó Beaglaoich. Niall Ó Dochartaigh, Pól Ó Muirí, Póilín Ní Chiaráin, Cathal Goan agus Róise Ní Bhaoill a thabharfaidh na seimineáir Ghaeilge ar maidin. Agus mar is gnách, beidh ceol, amhráin agus rince ag Club Merriman sa tráthnóna.

Ní gá clárú roimhré do Scoil Merriman, a bhfuil cead freastail uirthi ag cách. Is féidir clárú don Scoil iomlán nó tá fáilte roimh fhreastal ar imeachtaí aonaracha. Moltar go láidir dóibh siúd a bhfuil ar intinn acu theacht ar feadh cupla lá socruithe lóistín a dhéanamh roimhré.

DEIREADH