Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2011

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Changing Irish Childhoods (An Óige in Éirinn, mar a bhí — mar atá)

Dátaí
17 – 21 Lúnasa 2011.
Ionad
Lios Dúin Bhearna, Condae an Chláir.
Stiúrthóir
An tOllamh Nóirín Hayes.

Fáilte go dtí an Scoil

Beidh an Scoil seo, atá á stiúradh ag an Ollamh Nóirín Hayes, á hoscailt ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald TD. I measc na gcainteoirí beidh Fintan O’Toole (An Irish Times, An tOllamh Sheila Greene (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), An Dochtúir Joe Dunne (Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath) agus Siobhán Parkinson (úrscéalaí agus Laureate na nÓg). Tá ríméad ar Chumann Merriman go mbeidh duine d’ardfhilí na hÉireann, Eavan Boland, ag léamh a saothair ag an Scoil.

Tá geallúintí an-láidre i leith leanaí tugtha ag Éirinn le deich mbliana anuas agus is é ceapadh Aire iomlán rialtais le freagracht ina dtaobh an toradh is déanaí orthu seo. Beidh deis ag an Scoil Samhraidh seo an fhís don óige atá againn mar phobal a mheas, a bhfuil ar eolas againn faoin óige in Éirinn ár linne a athbhreithniú, agus ár machnamh a dhéanamh ar leanaí, mar a bhí agus mar atá, ó pheirspeictíochtaí éagsúla.

Beidh fáilte romhat!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2011:

Clár

Dé Céadaoin 17ú

17.00
Clárú in Amharclann an Phailiúin.
19.00
Fáiltiú.
20.00
Oscailt na Scoile.
Frances Fitzgerald T.D. Aire um Leanaí agus Chúrsaí Óige
20.30
Léacht: Changing Childhoods, le Fintan O’Toole.
22.30
Club Merriman: I dtithe tábhairne ainmnithe áitiúla.

Déardaoin 18ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 1
Na Naíonraí, mar a bhí, mar atá: sealbhú, saibhriú agus spraoi trí Ghaeilge, le Máire Mhic Mhathúna agus Mairéad Mac Con iomaire.
Cathaoirleach na sraithe: Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 1
Between Alexander Pope and Brian Merriman: Robert Buggin’s The Inchanted Garden (1716) and the Debutantes of Limerick, le Michael Griffin.
Cathaoirlach na sraithe: Brian Ó Dálaigh.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le hEavan Boland.
15.00
Léacht: Childhood and Adulthood: Boundary Explorations, le Joseph Dunne.
17.00
Camachuairt Lios Dúin Bhearna le Maryangela Keane.
20.30
Painéal: Beyond Rights for Children.
Cainteoirí: Maria Corbett, Carl O’Brien agus Fergus Ryan.
Cathaoirleach: Mary O’Rourke.
22.30
Club Merriman: Ins an Barn, Kilfenora. (Cuirfear bus ar fáil ó Lios Dúin Bhearna.)

Dé hAoine 19ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 2
Ó Shíscéal go Sceonscéal: Éabhlóid Litríocht Ghaeilge na nÓg, le Ríona Nic Congáil.
Cathaoirleach na sraithe, Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 2
Even ‘wilder workhouse girls’: the problem of institutionalization among assisted Irish immigrants in 1870s New Zealand, le Ciara Breatnach.
Cathaoirlach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Gabriel Rosenstock.
15.00
Seisiún speisialta: Youth Mental Health and Well Being.
(i) Cur i láthair drámatúil leis an Youth Advisory Panel, Jigsaw, Galway.
(ii) Caint: Lost Childhoods — Young Lived Lives lost to Suicide 2003–2008: An Arts/Science Collaborative Journey le Séamus Mc Guinness (ealaíontóir) agus Kevin Malone (siceoláí).
17.00
Seoladh leabhair: Sa Tóir ar an Yeití le Gabriel Rosenstock (Cló Mhaigh Eo).
20.30
Léacht: Contemporary Irish Childhood, by Sheila Greene and Dympna Devine.
22.30
Club Merriman: Leis an Merriman Céilí Band in Óstán an Royal Spa.

Dé Sathairn 20ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 3
An Leanbh — Léargas ón mBéaloideas, le Pádraig Ó Héalaí.
Cathaoirleach na sraithe: Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 3
Foundlings, Orphans and Child Poverty in Eighteenth-Century Ireland, le David Fleming.
Cathaoirlach na sraithe: Brian Ó Dálaigh.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Peter Sirr.
15.00
Cur i láthair: Writing for Children. Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg, ag cur is ag cúiteamh le hAmanda Piesse.
17.00
Camachuairt Lios Dúin Bhearna le Maryangela Keane.
20.30
Léacht: Children and the New Media, le Brian O’Neill.
22.30
Club Merriman: Leis an Merriman Céilí Band in Óstán an Royal Spa.

Dé Domhnaigh 21ú

11.00
Scor na Scoile, le Michael D. Higgins.

Nóta* Is i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh léamh na Cúirte seo.

Cainteoirí

Eavan Boland
File agus údar ardghradaim. Ollamh le Béarla in Ollscoil Stanford. Chaith sí tréimhsí mar scríbhneoir cónaitheach i gColáiste na Tríonóide agus san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais. Tá New Collected Poems (2008), Domestic Violence, (2007) and Against Love Poetry (2001) ar chuid de na saothair filíochta is deireanaí óna peann.
Ciara Breathnach
Léachtóir le Stair in Ollscoil Luimnigh. Ábhar foilsithe aici ar stair shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann idir na blianta 1820 – 1975. Tá sí i mbun taighde faoi láthair ar an stair shóisialta a bhaineann le cúram leighis in Éirinn idir na blianta 1860 – 1922.
Maria Corbett
Stiúrthóir polasaí leis an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus í lárnach in obair na Comhghuaillíochta le cearta leanaí sa Bhunreacht a láidriú. Bíonn an Chomhghuaillíocht, eagras comhcheangail de bhreis is ceithre scór go leith eagras neamhrialtasacha i mbun feachtais ar mhaithe le Coinbhinisiún na NA um Chearta an Linbh a chur i bhfeidhm go hiomlán in Éirinn.
Dympna Devine
Léachtóir sinsearach i Scoil an Oideachais agus Stiúrthóir Eatramhach ar Ionad Thaighde na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Léachtóir le socheolaíocht an Oideachais agus spéis ar leith aici i léann na hÓige agus folláine páistí. Neart ábhair foilsithe aici i réimse chearta páistí, saorántacht agus sainiúlacht agus muintearas páistí sa chóras oideachais agus tríd an gcóras oideachais.
Joseph Dunne
Ollamh Cregan le Fealsúnacht agus Oideachas i gColáiste Phádraig. Ceannaire bunaidh Ionad um Fhorbairt an Duine i gColáiste Phádraig Bhaile Átha Cliath,ionad ina dtugtar le chéile ábhar idirdhisciplíneach tiomanta do staidéar ar shaol-ré an duine. Tá Childhood and its Discontents: The First Seamus Heaney Lectures (2002) ar cheann dá chuid foilseacháin.
Frances Fitzgerald TD
Iar oibrí sóisialta, TD agus Seanadóir is ea Frances. Is í an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige í faoi láthair. Bhíodh sí ina cathaoirleach ar an gComhairle um Stadas na mBan idir na blianta 1988 — 1992.
David Fleming
Léachtóir le stair nua-aois luath na hÉireann in Ollscoil Luimnigh. Údar Author of Politics and provincial people: Sligo and Limerick, 1691 — 1761 (2010). Eagarthóir (i gcomhar le John Logan) Pauper Limerick: the register of the Limerick House of Industry, a fhoilseofar gan mhoill. Rúnaí ar Chumann Éire san Ochtú Céad Déag.
Sheila Greene
Ollamh agus Stiúrthóir ar an Ionad um Thaighde ar Leanaí in TCD. Is aici atá cathaoir AIB ar Thaighde na hÓige. Is í comhstiúrthóir an Staidéar Násiúnta fadama ar Pháistí in Éirinn, Growing Up in Ireland, atá á riaradh ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus Coláiste na Tríonóide ar son an Rialtais.
Michael Griffin
Léachtóir le léann an ochtú céad déag agus le léann na hÉireann in Ollscoil Luimnigh. Neart foilsithe aige faoin ochtú céad déag agus faoi scríbhneoireacht Éireannach i mBéarla. Tá sé i mbun taighde ar thús chultúr na priontála agus ar fhilíocht i mBéarla i gcúige Mumhan san ochtú céad déag.
Nóirín Hayes
Síceolaí forbartha, oideolaí, léachtóir sinsearach agus taighdeoir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tugann sí léachtaí ar fhorbairt leanaí, ar oideachas luath-óige, ar chearta leanaí agus ar mhodhanna taighde. Is duine de bhunaitheoirí an tIonad um Thaighde Shóisialta agus Oideachais í áit a bhfuil sí ag treorú riar thionscadail thaighde ar oideachas luath-óige agus ar chearta leanaí. Tá sí ar dhuine de bhunaitheoir an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí.
Michael D. Higgins
Guth paiseanta, poilitiúil; file agus scríbhneoir; fear léinn agus státaire; tacadóir cearta daonna; tionscnóir ar mhaithe le saonrántach chuimsitheach; patrún ar an gcruthaitheacht sa sochaí; agus iarrathóir Uachtarántachta. Thug seirbhís ag gach leibhéal den saol poiblí in Éirinn. Ba é an chéad Aire Ealaín, Cultúir agus Gaeltachta sa tír é. Tá dlúthcheangal aige le Condae an Chláir.
Maryangela Keane
I Ráth Luirc i gCondae Chorcaí a rugadh Maryangela ach tá cónaí uirthi i Lios Dúin Bhearna in aice na Bóirne; an t-ábhar taighde is ansa léi. Is iomaí sin léacht tugtha aici faoin mBoireann anseo in Éirinn agus d’acadamha léinn, Leabharlann na Breataine agus an Metropolitan Museum i Nua Eabhrac san áireamh. Is í a scríobh The Burren (1986).
Mairéad Mac Con Iomaire
Bainisteoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, ag obair sa réimse luathoideachais ó 1978. Is í údar Loinnir, clár oibre don tseirbhís luathoideachais Gaeltachta. Bhí sí ina ball de Choiste Náisiúnta CECDE a chuir an lámhleabhar Síolta don tseirbhís luathoideachais le chéile. Leabhair amhrán agus rannta do pháistí foilsithe aici.
Seamus Mc Guinness
Léachtóir le teicstilí in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Taispeánadh a shaothar i líon mór taispeántas aonair agus le daoine eile agus is iomaí sin coimisiún poiblí agus corporáideach faighte aige. Chomhoibrigh sé leis an gcartharnas na 3T (Turn the Tide of Suicide) lena shaothar ealaíne “21 Grams” a chur i láthair.
Kevin Malone
Ollamh le Síciatracht agus Taighde ar Mheabhairshláinte i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Tá baint aige le roinnt tionscadal taighde faoi dhúlagar, faoi fhéinmharú agus faoi fhéinmharú a chosc. Duine de chomhbhunaitheoirí an charthanais 3T (Turn the Tide of Suicide). Ball den ghrúpa treorach do chlár an rialtais maidir le Straitéis Náisiúnta Gníomhaíochtaí um Féinmharú a Chosc (Reach Out) 2005 – 2014.
Máire Mhic Mhathúna
Léachtóir le hOideachas na Luath-Óige in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Thionscain sí taighde ar thógáil clainne trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ar phleanáil teanga i naíonraí na Gaeltachta agus ar an aistirú ón naíonra go dtí an Ghaelscoil. Tá sí ar bhord stiúrtha Fhorbairt Naíonraí Teo.
Ríona Nic Congáil
Scoláire Iardhochtúireachta de chuid na Comhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta (IRCHSS). Tá sí i mbun taighde ar an Litríocht Ghaeilge do Pháistí ó thús thréimhse na hAthbheochana go dtí gur bunaíodh An Gúm. Buaiteoir Oireachtais,tá dhá leabhar do dhaoine óga scríofa aici. Ina stiúrthóir ar Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.
Deirdre Nic Mhathúna
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Is iad na sainréimsí taighde atá aici ná filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha. Tá Deirdre ar Choiste Chumann Merriman agus tá sí ceaptha mar chomhstiúrthóir ar Scoil Gheimhridh Mherriman 2012.
Carl O’Brien
Comfhreagraí Gnóthaí Sóisialta an Irish Times. Clúdaíonn sé raon leathan ábhar, mar a chaitear le mionlaigh, cearta páistí agus gnóthaí ilchultúrtha ina measc. Comfhregraí nuachta agus poilitíochta don Irish Examiner a bhí ann roimhe sin.
Brian Ó Dálaigh
Cláiríneach ó dhúchas. Cáilíochtaí bainte amach aige sa stair i gColáiste na hOllscoile, BÁC agus in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. É ar scor óna phost mar phríomhoide scoile. Cuid mhaith foilsithe aige ar stair agus ar shaíocht Thuamhumhan. Ball de choiste Chumann Merriman.
Pádraig Ó Héalaí
Iar-Léachtóir i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Béaloideas na tíre seo a shainréimse léinn agus foilseacháin iomadúla aige ar ghnéithe éagsúla den ábhar sin, creideamh na muintire ina measc.
Brian O’Neill
Ceannasaí ar Thaighde i nDámh na nDán agus na Turasóireachta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Buaiteoir gradam taighde na méan ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann sna blianta 2007 agus 2008. Fuair sé coimisiúin taighde ó Oifig Aire na Leanaí in 2005 do thionscadal ar Shúgradh agus Teicneolaíocht. Is eisean an teagmhálaí násiúnta do Kids Online an Aontais Eorpaigh.
Mary O’Rourke
Iar-mhúinteoir, TD agus Seanadóir. Ba Aire Oideachais í idir na blianta 1987 agus 1991, Aire Sláinte ó 1991 go dtí 1992 agus Aire Fiontar Poiblí ó 1997 go dtí 2002. Is í rinne cathaoirleacht ar an gComhchoiste Oireachtais ar an ar an leasú bunreachta faoi pháistí in Aibreán na bliana 2010.
Fintan O’Toole
Údar, iriseoir agus tráchtaire poilitíochta. Eagarthóir táinisteach agus colúnaí leis an Irish Times. Chaith sé seal mar léirmheastóir drámaíochta le In Dublin, The Sunday Tribune, the New York Daily News agus leis an Irish Times, agus mar chomhairleoir liteartha le hAmharclann na Mainistreach. Tá Enough is Enough is Enough: How to Build a New Republic (2010) ar cheann de na saothair is deireanaí uaidh.
Siobhán Parkinson
Údar i nGaeilge is i mBéarla do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta ó am go chéile. Tá breis is scór leabhar foilsithe aici agus déanadh aistriúcháin go mórán teangacha ar a saothar. Ceapadh í mar an chéad ‘Laureate na nÓg’,in Éirinn sa bhliain 2010, ceapachán a dhéanann ceiliúradh ar litríocht na nÓg.
Gabriel Rosenstock
I gCill Fhionáin, Co. Luimnigh a rugadh é. File agus fear haiku; údar / aistritheoir breis is 150 leabhar, a bhformhór i nGaeilge. I measc na bhfilí atá aistrithe go Gaeilge aige tá beirt dhuaiseoirí Nobel, Günter Grass agus Seamus Heaney, éarlamh Chumann Merriman, chomh maith le scata filí iomráiteacha eile. Is ball d’Aosdána é.
Fergus Ryan
Léachtóir le dlí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Comhúdar ar dhá thuairisc a ndearna Coimisiún Chearta Daonna na hÉireann coimisiúnú orthu agus a foislíodh le gairid . Chríochnaigh tuairisc don Gay and Lesbian Equality Network dár teideal Civil Partnership: Your Questions Answered. Cathaoirleach reatha One Family, cartharnas náisiúnta a thacaíonn le teaghlaigh aontuismitheora.
Peter Sirr
Údar agus iriseoir a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. The Thing Is, a d’fhoilsigh an Gallery Press sa bhliain 2009 an saothar is deireanaí uaidh. Bhuaigh an cnuasach sin Duais Michael Hartnett don bhliain 2011. Is ball d’Aosdána é.

Press release

Dáta eisithe: Dé Luain, 9ú Mí Lúnasa 2011 (12:00 nóin)

An Scoil go hAchomair

Téama
Changing Irish Childhoods: An óige in Éirinn mar a bhí — mar atá

Stiúrthóir
An tOllamh Nóirín Hayes
Dátaí
Dé Céadaoin 17ú go Dé Domhnaigh 21ú Mí Lúnasa 2011.
Ionad
Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir.

TOSACH

Is í an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige Frances Fitzgerald TD, a osclóidh Scoil Samhraidh Merriman 2011 ar an gCéadaoin 17ú Lúnasa agus is é Michael D. Higgins iarrathóir Pháirtí an Lucht Oibre ar phost an Úachtaráin a dhúnfas an Scoil ar an Domhnach an 21ú Lúnasa. Beidh léachtóirí, iriseoirí, síciatraí, údar do pháistí, dearc-ealaíontóir, grúpa drámaíoctha óige, filí, Eavan Boland a léifeas sleachta óna saothar ag meánlae ar an Déardaoin 1ú Lúnasa ar dhuine díobh, i measc rannpháirtithe na bliana seo.

Is í an tOllamh Nóirin Hayes as Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a stiúróidh Scoil na bliana seo. Is saineolaí í Nóirín ar an luathoideachas do pháistí agus ar chearta leanaí. Is cinnte gur tionóil spéisiúil, bríomhar, taitneamhach a bheas ann leis an ngnáthmheascán de ábhar machnaimh, de chomhluadar agus de spraoi. Is é Fintan O’Toole colúnaí de chuid an Irish Times a thabharfaidh an léacht tionscnaimh tráthnóna na Céadaoine ar Changing Irish Childhoods’,téama na Scoile féin agus beidh raon leathan topaicí ar an téama seo á gcíoradh ag léachtaí, seimineáir agus siompóisiamaí le linn na gceithre lá.

In Amharclann an Phailliúin i Lios Dúin Bhearna a bheas imeachtaí an iarnóin agus na hoíche ar bun agus beidh seimineáir i nGaeilge agus i mBéarla ar siúl gach maidin áit a bpléifear an-éagsúlacht ábhar ó chailíní as tithe na mBocht in Éirinn a seoladh chun na Nua Shéalainne go dtí sealbhú, saibhriú agus spraoi trí Ghaeilge i Naoínraí.

Beidh comhláithriú le Kevin Malone, síciatraí agus údar ar chúrsaí meabhairshláinte agus an t-ealaíontóir Seamus McGuinness, maidir le féinmharú i measc na nÓg ar cheann de bhuaicphointí na Scoile. Beidh saothar Sheamuis ar an ábhar ar taispeáint le linn na Scoile ar fad agus is cinnte gur mír chorraitheach agus chumhachtach a bheas ann. Cuirfidh cur i láthair drámatúil le baill óga Jigsaw, painéal comhairleach óige as Gaillimh leis an ngné seo de chlár na Scoile.

Beidh Joseph Dunne, Ollamh Cregan le Fealsúnacht agus Oideachas i gColáiste Phádraig ag caint ar Childhood and Adulthood:Boundary Explorations, labhróidh Sheila Greene, Ollamh agus Stiúrthóir ar an Ionad um Thaighde ar Leanaí i gColáiste na Tríonóide agus Dympna Devine as Scoil an Oideachais agus Stiúrthóir Eatramhach ar Ionad Thaighde na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar Contemporary Irish Childhood agus pléifidh Brian O’Neill, ceannasaí ar Thaighde i nDámh na nDán agus na Turasóireachta in InstitiúidTeicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Children and the New Media. Tá Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg, agus na filí Peter Sirr agus Gabriel Rosenstock ar liosta na n-aíonna freisin.

Is í an t-iar-Aire Rialtais agus iarsheanadóir Mary O’Rourke, a bheas ina cathaoirleach ar phainéal a phléifidh cearta leanaí ar thráthnóna na Déardaoine. Labhróidh Maria Corbett ón gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí, Fergus Ryan ón roinn dlí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Carl O’Brien comfhreagraí Gnóthaí Sóisialta an Irish Times ar an bpainéal céanna.

Beidh siúlóidí thart ar Lios Dúin Bhearna, seoladh leabhar agus ceol, damhsa agus amhráin ag Club Merriman ar an gclár chomh maith. Tá fáilte roimh chách: is féidir bualadh isteach chuig seisiúin nó dhó nó is féidir na ceithre lá ar fad a chaitheamh ag an Scoil.

DEIREADH