Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2010

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Faith: Beyond Belief? / Creideamh: Creid é nó ná Creid

Dátaí
18 go 22 Mí Lúnasa (Céadaoin go Domhnach)
Príomhionad
Amharclann Glór in Inis, Contae an Chláir.
Stiúrthóir
inc.

A bhfuil i ndán Duit

Reachtáilfear Scoil Samhraidh Mherriman, imeacht rialta i gContae an Chláir le 43 bliain anuas, in Inis arís i mbliana agus beidh sí ar siúl ón 18 Lúnasa. Is gnáthach cúrsaí reatha pobail a bheith á n-iniúchadh ag Scoileanna Chumann Merriman agus ní hionadh, mar sin, Faith: Beyond Belief? a bheith mar théama don Scoil seo. An creideamh agus an reiligiún i gcultúr is i bpobal na hÉireann a bheidh á bplé i léachtaí agus siompóisiamaí na Scoile.

Déanfar athbhreithniú ar an scéal mar a bhíodh is mar atá, agus pléifear an ról a d’fhéadfadh a bheith i ndán don reiligiún i saol phobal na hÉireann trí chéile agus i saol pearsanta na ndaoine. I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil tá nithe íogaire, conspóideacha ar nós oideachas i gcomhthéacs éitis; seilbh agus éagsúlacht scoileanna; ról na mban i gcúrsaí creidimh agus Eaglaise; cléireachas agus pobal Dé; dí-eaglaisiú phobal na hÉireann; agus creideamh is an Dlí.

Cé gur giorra í Scoil Samhraidh na bliana le hais blianta eile, níl maolú ar bith ar dhoimhneacht ná ar scóp an chláir. I dteannta léachtaí agus painéil dhíospóireachta beidh siompóisiamaí gach maidin i mBéarla is i nGaeilge ar ghnéithe stairiúla den téama; beidh filí ar an ardán ag Cúirt an Mheán Lae; beidh turasanna siúlóide timpeall na hInse agus, gan amhras, Club Merriman, a mbíonn tarrac air i gcónaí. Tá cáil ar Scoileanna Merriman de bharr an chomhluadair neamhfhoirmeálta, an atmasféir chairdiúil agus cuairteanna taighde ar thithe tábhairne áitiúla, mar a mbíonn neart cur is cúiteamh agus amhránaíocht ar an toirt.

Idir shean

I measc na ngnáthimeachtaí a bheidh ar siúl arís i mbliana tá:

  • Seimineáir i nGaeilge is i mBéarla, ina bpléifear nithe ar nós an gaol idir airí agus stáitseirbhísigh, an Ghaeilge sa chóras oideachais, pleanáil teanga, an leabharlann sa ré dhigiteach, na meáin 7rl.
  • Cúirt an Mheán Lae, a bunaíodh do Scoil an Dá Chéid i mbliain a 2005, is a bhfuil tarrac uirthi ó shin.
  • Club Merriman, rince agus amhránaíocht go heatartha!

Well, Actually…

Gné-leiriú eisiach le David agus Mick Hanly.

Bíonn scéal ar leith i chuile cheann d’amhráin Mick Hanly, as a thaithí féin a mbunáite mór: iad dlúth, teolaí agus léargasach. Is é Past the Point an t-amhrán is iomráití dá chuid, amhrán a bhain barr na gcairteanna amach sna Stáit Aontaithe ach tá cúpla céad amhrán scríofa aige chomh maith leis an leabhar Wish Me Well. Leag sé lámh ar ghiotar a bhí caite uaidh ag dreatháir leis nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois agus chum All I Remember, amrán as ar eascair na céadta eile. Tá go leor dá shaothar bunaithe ar a óige i Luimneach agus ar a chuid cumní cinn ar éirí aníos sa chathair sin.

Is cinnte go nascann mórán daoine David Hanly le Morning Ireland,clár raidió a chomhléirigh sé ar feadh scór bliain ó céad craoladh é in 1984, nó leis na sraitheanna teilifíse Hanly’s People agus The Writer in Profile, nó an tsraith filíochta, The Enchanted Way. Ach mhair sé saol roimh Morning Ireland. Bhí taithí de chineálacha éagsúla aige, gan trácht ar thaithí anacrach, nuair a chruthaigh sé The Glen Abbey Show, nuair a chuir sé tús le The Kennedys of Castleross mar shraithchlár laethúil agus nuair a bhíodh sé ag scríobh don tsraith teilifíse mór-rachairte úd The Riordans. Ansin, bhí an teagmháil síodhúil le hElla Fitzgerald, bean uasal ar leith, an oíche ar thug sé Joan Fontaine chuig Amharclann na Mainsitreach agus neart, neart eile!

Beidh an bheirt dheartháireacha seo ag nascadh a gcuid buanna scéalaíochta den cheád uair ar ardán anseo ag Scoil Samhraidh Merriman.

…agus, gan Dabht

Beidh againn an clár neamhfhoirmeálta: cur agus cúiteamh, timpeallacht sóúil, turasanna taighde go tithe tábhairne áitiúla agus, le cúnamh Dé, soineann go Samhna i gContae an Chláir.

Bíg línn!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2010:

Clár

Dé Céadaoin 18ú

17.00
Clárú in Amharclann GLÓR.
19.00
Fáiltiú.
20.00
Oscailt na Scoile.
20.15
Léacht: When Disbelief has Gone, le Pádraic Conway.
22.30
Club Merriman: I dtithe tábhairne ainmnithe áitiúla.

Déardaoin 19ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 1
Trí Dhream nach Rachaidh sna Flaithis: Léargas an Bhéaloidis ar Mhoráltacht, le Pádraig Ó Héalaí.
Cathaoirleach na sraithe: Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 1
‘Reaching Speedily the Castle of God’: Popular Expressions of Faith and Belief in Late Medieval Gaelic Ireland, le Salvador Ryan.
Cathaoirlach na sraithe: Brian Ó Dálaigh.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le hÁine Uí Fhoghlú*.
15.00
Léacht: Faith and Belief — Beyond the Law in Ireland?, le Michael Mc Namara.
17.00
Camachuairt na hÍnse: Turas siúlóide le Brian Ó Dálaigh.
20.30
Léacht: Irish Catholicism: A Personal Journey through Troubled Times, leis an Athair Kevin Hegarty.
22.30
Club Merriman: I dtithe tábhairne ainmnithe áitiúla.

Dé hAoine 20ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 2
Todhchaí an Chreidimh Chríostaí in Éirinn, le hIrene Ní Mháille.
Cathaoirleach na sraithe, Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 2
The Lives and Afterlives of Ireland’s Sixteenth- and Seventeenth-Century Martyrs, le Clodagh Tait.
Cathaoirlach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Michael Coady.
15.00
Léacht: Educate that You May be Free? Religion and Critical Thinking in Post-Boom Ireland, le Michael Cronin.
17.00
Camachuairt na hÍnse: Turas siúlóide le Brian Ó Dálaigh.
20.30
Léacht: Irish Protestants: Negotiating Space between the Secular and the Sectarian, le Mrs Justice Catherine Mc Guinness.
22.30
Club Merriman: Leis an Merriman Céilí Band in Óstán an Temple Gate.

Dé Sathairn 21ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 3
De Finibus: Ifreann agus Neamh i Samhlaíocht na nGael, le Caitríona Ó Dochartaigh.
Cathaoirleach na sraithe: Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 3
Cardinal Cullen and the Creation of Irish Catholic Culture, le Dáire Keogh.
Cathaoirlach na sraithe: Brian Ó Dálaigh.
12.00
Cur i láthair: Well actually… le David and Mick Hanly.
15.00
Léachtanna: Landscapes of Faith, le Larry Taylor and Ritual, Identity and Modernity: Limerick 1925 1960 le Síle de Cléir.
17.00
Camachuairt na hÍnse: Turas siúlóide le Brian Ó Dálaigh.
20.30
Painéal: Súil Eile, le Gina Menzies agus Ann James.
22.30
Club Merriman: Leis an Merriman Céilí Band in Óstán an Temple Gate.

Dé Domhnaigh 22ú

11.00
Léacht: From Cullen to Connell: The Rise and Fall of the Irish Catholic Church le Diarmaid Ferriter.
12.30
Scor na Scoile.

Nóta* Is i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh léamh na Cúirte seo.

Cainteoirí

Michael Coady
Is scríbhneoir, múinteoir agus ceoltóir é Michael. Tá Two for a Woman, Three for a Man (1980) agus Oven Lane (1987, 1992, 2001) ar chuid dá chuid foilseachán. Chónasc sé filíocht, prós agus a chuid grianghraf féin sna saothair All Souls (1997, 2001) agus One Another (2003). D’fhoilsigh sé cuimhní cinn pearsanta ar Packie agus Micho Russell na ceoltóirí iomrtáiteacha as Contae an Chláir, agus mhaisigh sé cnuasach próis dár teideal Full Tide do Relay Books sa bhliain 1999.
Pádraic Conway
Is é Pádraic Stiúrthóir an Ionaid Idirnáisiúnta um Léann Newman i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus is Leas-Uachtarán ar an an Ollscoil é. Is minic a bhíonn sé le clos agus le léamh agus é i mbun tráchtaireachta ar ábhair reiligiúin agus diagachta. Is é an Príomhthaighdeoir ar an tionscadal John Henry Newman: Global and Local Theologian atá á mhaoiniú ag an IRCHSS agus is é comh-eagarthóir Karl Rahner: Theologian for the 21st Century (Peter Lang), saothar atá le foilsiú gan mhoill.
Micheal Cronin
Tá cathaoir phearsanta i nDámh na nDaonnachataí agus an Léinn Shóisialta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag Michael agus is é Comhairleoir na Comhairle Ealaíne in Éirinn é maidir le Litríocht i nGaeilge. Is iomaí sin saothar atá foilsithe aige ar chúrsaí teanga, pobail agus poilitíochta. Is ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann é.
Síle de Cléir
Rinne Síle staidéar ar Bhéaloideas agus ar an Eatnagrafaíocht i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh. Tá traidisiúin a bhaineann le hábhar éadach agus gléasadh, agus cúrsaí creidimh in Éirinn sa bhfichiú aois ar chuid dá cuid spéiseanna taighde. Baineann a cuid taighde reatha le Caitliceachas coiteann i gcomhthéacs cathrach. Is léachtóir í i Scoil na dTeangacha, na Litríochta an Cultúir agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh.
Diarmaid Ferriter
Tá Diarmaid ar dhuine de phríomhstaraithe na hÉireann agus ceapadh mar Ollamh ar NuaStair na hÉireann é i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2008. Tá The Transformation of Ireland 1900-2000 (2004) agus Judging Dev: A Reassessment of the life and legacy of Eamon de Valera (2007) ar chuid dá chuid saothar. Is é Occasions of Sin: Sex and Society in Modern Ireland (2009) an leabhar is deireanaí óna pheann. Is craoltóir rialta é ar raidió agua ar theilifís RTÉ. Craoladh The Limits of Liberty, anailís dá chuid ar stair na hÉireann sa bhfichiú aois ar RTÉ le gairid.
An tAthair Kevin Hegarty
Tá an tAthair Kevin ina shagart i gCarn, Béal an Mhuirthead i nDeoise Chill Ala i gContae Mhaigh Eo. Is iar-eagarthóir ar na hirísí Intercom agus Céide é. Scríobhann sé colún don nuachtán Mayo News anois.
Ann James
Tháinig Ann ar Dhaonnachas agus í ina bean fhásta. Is í rúnaí reatha Chumann Dhaonnachais na hÉireann agus tá sí gníomhach sa chumann ó tháinig sí anseo sa bhliain 2000. Bíonn sí ag obair le le grúpaí gaolmhara i dTuiasceart Éireann, sa Bhreatain agus san Eoraip, Cónaidhm Eorpach an Daonnachais agus an Cumann Daonnachaí agus Eititiciúil Idirnáisiúnta ar cheisteanna comhspéise agus ar shaol tuata eiticiúil a chur chun cinn.
Dáire Keogh
Is léachtóir sinsearach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach é Dáire. Bíonn sé i mbun cúrsaí ar Stair Luath Nua Aois na hÉireann agus na hEorpa. Tá neart foilsithe aige ar stair an reiligiúin in Éirinn, ar phoilitíocht radacach ar chúrsaí inscne agus ar chúrsaí oideachais Is é an Príomhthaighdeoir ar an tionscadal le heagarthóireacht a dhéanamh ar chomhfhreagras an Chairdinéil Cullen atá á mhaoiniú ag an IRCHSS.
An Giúistís Catherine Mc Guinness
Is í Catherine Uachtarán an Choimisiún um Athchóiriú an Dlí. Tá sí ar scor óna post mar Bhreitheamh ar an an gCúirt Uachtarach. Chaith sí tréimhsí ar an mBord Uchtála, ar Bhord Stiúrtha an chomhlacht Árachais Sláinte Saorálaigh, An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, an Dara Coimisiún um Stadas na mBan, agus bhí sí ina cathaoirleach ar Bhord Náisiúnta na Seirbhísí Sóisialta, ar Bhord an Choláiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha, An Ghníomhaireacht um Chomhionnanais agus Fostaíochta, Fiosrúchán Coil Chill Chainnigh agus an Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearais.
Michael Mc Namara
Is abhcóide é Michael. Oileadh é i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh, in Ollscoil Chaitliceach Lováin agus in Óstaí an Rí. Rinne sé obair i dtaca le daonlathú agus leasú reachtúil thar cheann Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip, an Aontais Eorpaigh, agus na Náisiún Aontaithe sa Mheán Oirthear, i réigiún Cugais agus i Lár na hÁise le béim ar leith ar reiligiún agus an stát. Mhúin sé cúrsaí ar chlár MA in Ollscoil Luimnigh ar an Dlí Sibhialta agus an Dlí Canónta.
Gina Menzies
Is diagaire í Gina. a bhíonn le clos go minic ar RTÉ agus bíonn altanna léi go minic ar The Sunday Business Post agus The Irish Times. Is imreoir scuaise oilte í, chaith sí tamall mar chathaoirleach ar Thascfhórsa an Rialtais ar Mhná sa Spóirt.
Irene Ní Mháille
Is iarmhisinéir í Irene, a chaith tréimhse ag múineadh sa Nigéir. Bíonn sí gníomhach anois i gcothú athbheochan na Críostaíochta mar chuid den aosoideachas.
Deirdre Nic Mhathúna
Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach í Deirdre. Filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha na sainréimsí taighde atá aici.
Brian Ó Dálaigh
Is Cláiríneach ó dhúchas é Brian. Tá cáilíochtaí bainte amach aige sa stair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ba phríomhoide scoile ar feadh a shaoil oibre é. Tá cuid mhaith foilsithe aige ar stair agus ar shaíocht Thuamhumhan.
Caitríona Ó Dochartaigh
Is léachtóir le Sean- agus Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh í Caitríona. Tá PhD aici ó Ollscoil Cambridge. Tá suim faoi leith aici i dtéacsanna cráifeacha meánaoiseacha, idir Ghaeilge agus Laidin. Is leas-stiúrthoir í ar thogra taighde De Finibus i gCorcaigh a bhfuil mar sprioc aige eagráin nua a sholáthar de théacsanna Gaeilge faoi lá an bhrátha, ifreann agus neamh.
Pádraig Ó Héalaí
Is iar-léachtóir i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Pádraig. Béaloideas na tíre seo a shainréimse léinn agus tá foilseacháin iomadúla aige ar ghnéithe éagsúla den ábhar sin, creideamh na muintire ina measc.
Salvador Ryan
Is Ollamh le Stair Eaglasta i gColáiste Phádraig Má Nuad é Salvador. Tá neart foilseachán aige ar litríocht chráifeach na meánaoise deireanaí agus tús na nua-ré. Is comheagarthóir ar Art and Devotion in late medieval Ireland (2006) é.
Clodagh Tait
Is léachtóir sinsearach í Clodagh i Roinn na Staire in Ollscoil Essex. Tá leabhair agus neart alt scríofa aici ar bhás, ar adhlacadh, ar fhoréigean, ar mhairtíreacht, ar chráifeacht ar ícónógrafaíocht, ar bhreith, ar bhaisteadh agus ar ainmniú in Éirinn sa Nua-Aois Luath.
Larry Taylor
Is Ollamh le hAntraipeolaíocht é Larry in Ollscoil na hÉireann Má Nuad, agus is Leas-Uachrtarán um Gnhnóthaí Idirnáisiúnta ar an ollscoil é leis. Tá cúig leabhar scríofa aige: Occasions of Faith: An Anthropology of Irish Catholics (1997) ina measc, agus neart altanna ar antraipeolaíocht an reiligiúin in Éirinn agus in áiteanna eile.
Áine Uí Fhoghlú
Is file ó Ghaeltacht naRinne i bPort Láirge í Áine. Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Aistear Aonair (1999) agus An Liú sa Chuan (2007). Chaith sí tréimhse mar scríbhneoir cónaitheach leis an gCoiste Gairmoideachais i gCill Chainnigh sa bhliain 2006. Bronnadh duais filíochta Michael Hartnett uirthi sa bhliain 2008.

Preaseisiúint

Dáta eisithe: Dé Luain, 5ú Mí Iúil 2010 (12:00 nóin)

An Scoil go hAchomair

Téama
Faith: Beyond Belief?
Stiúrthóir
inc.
Dátaí
Dé Céadaoin 18ú go Dé Domhnaigh 22na Mí Lúnasa 2010.
Ionad
Ínis, Contae an Chláir.

TOSACH

Is fada an lá Cumann Merriman ag cur is ag cúiteamh faoi cheisteanna móra na linne. Faith: Beyond Belief: Creideamh: Creid é nó ná Creid? téama Scoil na bliana seo, a bheidh ar bun in Inis ón gCéadaoin 18 Lúnasa go dtí an Domhnach 22 Lúnasa.

Seo í an 43ú Scoil Samhraidh as a chéile agus is cinnte go bhfuil pobal na hÉireann suaite maidir le cúrsaí creidimh, reiligiúin agus cleachtadh creidimh agus go bhfuil géarchéim muiníne ann i dtaca le struchtúr agus eagraíocht na hEaglaise Caitlicí in Éirinn.

Pléifear cúrsaí creidimh agus reiligiúin i sochaí agus i gcultúr na hÉireann le linn léachtaí agus siompóisiamaí na scoile. Cíorfar cé as a dtángamar maraon le súil ghrinn ar ról comhaimseartha agus an ról a d’fhéadfadh a bheith amach anseo ag creideamh i sochaí na hEireann agus i saol an duine aonair in Éirinn.

Cé gur féidir a bheith ag súil leis go mbeidh béim áirithe ar an ngéarchéim reatha a chothaigh an scannal a bhaineann le mí-úsáid páistí agus ar theip na hEaglaise Caitlicí ina leith, tá rún ag Cumann Merriman tabhairt faoi scéal ar bhonn níos leithne.

Seo cuid de na topaicí a bheas á bplé:

  • Breithniú fealsúnda ar chreideamh agus ar reiligiún mar ghnéithe den chultúr agus den sochaí.
  • Cléiriúlachas agus pobal Dé.
  • Reiligiún, éiteas, úinéireacht agus éagsúlacht i gcúrsaí oideachais.
  • Creideamh agus an Dlí.
  • ‘Mar a bhímis tráth’, cráifeacht agus an creideamh coiteann in Éirinn na tuaithe agus na cathrach roimh Vatacáin 2.
  • Ról na mban sa chreideamh agus san Eaglais.
  • Maolú ar thionchar na hEaglaise Caitlicí.
  • Dí-eaglaisiú shochaí na hÉireann.
  • Dearcadh Eaglais na hÉireann ar staid reatha an reiligiúin in Éirinn.
  • Dearcthaí Ioslamacha agus Daonnachacha

DEIREADH