Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2009

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

An fada uainn fós Tír Tairngire?

Dátaí
Dé Domhnaigh 16ú – Dé Sathairn 22na Lúnasa 2009.
Príomhionad
Amharclann Glór in Inis, Contae an Chláir.
Stiúrthóir
inc.

A bhfuil i ndán duit

Leath-chéad bliain ó shin go díreach tháinig polaiteoir agus stáitseirbhíseach — Seán Lemass agus T K Whitaker — le chéile, chun plean forbartha a bheartú: an Chéad Chlár um Fhorleathnú Eacnamaíoch. Dréachtadh é seo le tabhairt faoin iliomad deacracht a bhí ag an Stát an uair úd, agus í ag ullmhú le ról níos leithne a ghlacadh sa domhan mór. Is mór idir na haimsireabh. Ball ar a chompórd is ea Éire sa chomhphobal domhanda; í socraithe isteach san Eoraip le fada; tá oideachas maith ar a pobal; tá maoin acu; saoránaigh de chuid an domhain mhóir iad a haos óg. Fós féin, tá dúshláin nua roimpi, agus an cúlú eacnamaíoch is tubaistí le leath-chéad bliain buailte linn.

‘Sé seo cúlra Scoil Samhraidh 2009. Ní foláir do gach glúin cinní a ghlacadh i dtaobh a bhfuil i ndán di, i dtaobh a cuid tosaíochtaí agus i dtaobh a háit sa saol mór. Is casta ar fad iad na socruithe seo do cheannairí polaitiúla, do lucht deartha polasaithe agus don ghnáthphobal ná mar a bhí siad le blianta fada. Tá éiginnteacht agus imní faoin todhchaí tagtha i gcomharbacht ar an gcinnteacht agus ar an muinín a spreag an Tíogar Ceilteach. ‘Sé seo fócas na Scoile. Cad iad na triallacha atá romhainn?

Súil romhainn, súil siar

Siar ar dtús a chaithfear súil. Tá Diarmaid Ferriter, staraí agus scríbhneoir, chun an tréimhse sin, leath-chéad bliain ó shin, a chíoradh mar chomhthéacs don Scoil, a thabharfaidh aghaidh chun cinn. Is croícheist é an t-oideachas, agus is air a bhraitheann go leor dá gcuirfear i gcrích. Déanfaidh Tom Collins, Ollamh an Oideachais in OÉ Mhagh Nuad iniúchadh ar bhunriachtanais pholasaithe oideachais. Pléfidh Maureen Gaffney, síceolaí agus tráchtaire, forbairt shóisialta na tíre agus an tionchar atá ag na hathruithe atá ag tarlú.

Cherishing the children of the nation equally… Déanadh sluaghairm de seo ón am ar fógraíodh é, nócha bliain ó shin.Tá páistí, na linne seo agus san am atá caite, go mór i mbéal an phobail le tamall anuas. Cíorfaidh Emily Logan, Ombasman um Pháistí, polasaithe agus tosaíochtaí an Stáit sa réimse seo.

Éire sa domhan mór

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus beidh teagmháil na hÉireann le tíortha eile mar fhothéama ag an Scoil. Scrúdóidh Paul (Tiarna) Bew, Ollamh le Polaitíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, forbairtí go háitiúil sa Tuaisceart agus, níos leithne, teagmháil sa dá dhlínse ar an oileán.

Sean-fhondúir de chuid Scoileanna Merriman is ea Noel Dorr, iar-Ardrúnaí sa Róinn Gnóthaí Eachtracha. Pléifidh sé na dúshláin a bhaineann le polasaithe eachtracha na hÉireann a mhúnlú, agus na mórchumhachtaí domhanda ag athrú go suntasach.

Brigid Laffan, Ceann Choláiste na nEolaíochtaí Daonna in UCD, chun áit na hÉireann san Eoraip a scrúdú, agus a háit san AE go háirithe.

An geilleagar

Ní dhéanfar neamhshuim den ábhar is mó atá ag déanamh imní dúinn go léir le roinnt míonna — an geilleagar!

Pléifidh John Mc Hale, Ollscoil Queen’s i gCeanada, ach atá le dul i mbun oibre mar Ollamh le Geilleagar in OÉ Gaillimh gan mhoill, treonna polasaithe agus an tslí ar aghaidh sa réimse chasta seo.

Gnáth-imeachtaí

I measc na ngnáthimeachtaí a bheidh ar siúl arís i mbliana tá:

  • Seimineáir i nGaeilge is i mBéarla, ina bpléifear nithe ar nós an gaol idir airí agus stáitseirbhísigh, an Ghaeilge sa chóras oideachais, pleanáil teanga, an leabharlann sa ré dhigiteach, na meáin 7rl.
  • Renew Your Irish le hEoghan Ó hAnluain
  • Cúirt an Mheán Lae, a bunaíodh do Scoil an Dá Chéid i mbliain a 2005, is a bhfuil tarrac uirthi ó shin. I measc na bhfilí beidh John F. Deane agus Enda Wyley.
  • Ceardlanna seite le Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, Déardaoin agus Dé hAoine.
  • Turas na Scoile, ar an gCéadaoin.
  • Club Merriman, rince agus amhránaíocht go heatartha!

… agus, gan dabht

Beidh againn an clár neamhfhoirmeálta: cur agus cúiteamh, timpeallacht sóúil, turasanna taighde go tithe tábhairne áitiúla agus, le cúnamh Dé, soineann go Samhna i gContae an Chláir.

Bíg línn!

Radharc

Taispeánfar rogha scannán de chuid Radharc, a craoladh ar RTÉ, le linn na Scoile. In Amharclann GLÓR, tar éis na léachtanna tráthnóna, a bheidh siad le feiscint.

Coiste Scoil Mherriman na hÍnse

  • Noel Crowley
  • Frances O’Gorman
  • Helen Walsh.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2009:

An fada uainn fós Tír Tairngire?

Dé Domhnaigh 16ú

17.00
Clárú in Amharclann GLÓR.
19.00
Fáiltiú.
20.00
Oscailt na Scoile.
20.15
Léacht: The Lost Decade? Crisis, Continuity and Change in 1950s Ireland, le Diarmaid Ferriter.
22.30
Club Merriman: I dtithe tábhairne ainmnithe áitiúla.

Dé Luain 17ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 1
An Leabharlann san Aois Dhigiteach, le Aonghus Ó hAonghasa.
Cathaoirleach na sraithe: Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 1
Protecting the Vulnerable in Difficult Times, le John Mark Mc Cafferty.
Cathaoirlach na sraithe: Brian Ó Dálaigh.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 1, le hEoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le James Harpur.
15.00
Léacht: Global Shifting Sands: Ireland in a Changing World, le Noel Dorr.
20.30
Léacht: Changing Ireland: a Psychological and Social Perspective, le Maureen Gaffney.
22.30
Club Merriman: I dtithe tábhairne ainmnithe áitiúla.

Dé Máirt 18ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 2
Forbairt Gaeltachta — An Fhís, le Pádraig Ó hAoláin.
Cathaoirleach na sraithe, Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 2
The Future of the Media, le Clare Duignan.
Cathaoirlach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 2, le hEoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le hEnda Wyley.
15.00
Léacht: Tír ár Sinsear Feasta, le Cillian Fennell.
20.30
Léacht: Challenges to Education in a Time of Crisis, le Tom Collins.
22.30
Club Merriman: I dtithe tábhairne ainmnithe áitiúla.

Dé Céadaoin 19ú

10.00
Turas ar Chontae an Chláir.
Séipéal Bhaile Uí Aodha, Clochair Chill Eoin agus Stáisiún cumhachta Ghob na Muine. Brian Ó Dálaigh a bheidh á stiúradh. Tabharfar caint ag gach suíomh. Beidh lón ar fáil i dtigh Fanny O’Dea, Lios Uí Chathasaigh.
20.30
Coirmcheol: The Wilder Wisdom of Auld Ones: Scéalta, finnscéalta agus fillíocht spreagtha ag an gCailleach. Nuala Hayes agus Anne-Marie O’Farrell a chuirfidh i láthair, in Óstán an Old Ground.
22.30
Club Merriman: Rinnce go maidin le Banna Céilí Mherriman, in Óstán an Old Ground.

Déardaoin 20ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 3
Pleanáil teanga, le Tadhg Ó hIfearnáin.
Cathaoirleach na sraithe: Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 3
Strangers and Brothers: The Interface between Government and Administrators, le Philip Furlong.
Cathaoirlach na sraithe: Brian Ó Dálaigh.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 3, le hEoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh*.
12.30
Seiteanna an Chláir agus Polcaí, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
15.00
Léacht: What Future for Irish Catholicism?, le Seán Freyne.
20.30
Léacht: Ireland: Between Europe and the Globe, le Brigid Laffan.
22.30
Club Merriman: Rinnce go maidin le Banna Céilí Mherriman, in Óstán an Templegate.

Dé hAoine 21ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 4
Tuaisceart Éireann: ag Máirseáil go Mall. Cá bhfuil a dTriall?, le Póilín Ní Chiaráin.
Cathaoirleach na sraithe, Deirdre Nic Mhathúna.
10.00 Seimineáir as Béarla 4
The Arts: Priorities in a Time of Change, le Sarah Keating.
Cathaoirleach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 4, le Eoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta with John F. Deane.
12.30
Seiteanna an Chláir agus Polcaí, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
15.00
Léacht: Children as Citizens: a Challenge for Public Policy, le hEmily Logan.
20.30
Léacht: Northern Ireland: New Horizons, New Relationships, le Paul Bew.
22.30
Club Merriman: Rinnce go maidin le Banna Céilí Mherriman, in Óstán an Templegate.

Dé Sathairn 22ú

10.30
Siompóisiam: The Economy: Prospects and Possibilities le Frances Ruane, John Mc Hale and Michael Smyth.
12.30
Scor na Scoile.

Nóta* Is i nGaeilge amháin a bheidh léamh na Cúirte seo.

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint

Dáta eisithe: Dé Luain, 20ú Mí Iúil 2009 (12:00 nóin)

Forbhreithniú ar an Scoil

Dátaí
Dé Domhnaigh 16ú go Dé Sathairn 22na Mí Lúnasa 2009.
Ionad
Ínis, Contae an Chlár.
Amharclann Glór.
Téama
Are we there yet? Facing the future anew.
An fada uainn fós Tír Tairngire?

TOSACH

Tabharfaidh an staraí Diarmaid Ferriter(Ollamh le Nua-Stair na hÉireann, UCD) léacht na hoscailte ag Scoil Samhraidh Mherriman na bliana seo ar Dé Domhnaigh 16ú Lúnasa in Amharclann Glór in Inis ar 8.00 i.n. Tabharfaidh an léacht seo, dar teideal ‘The Lost Decade? Crisis, Continuity and Change in 1950s Ireland’, Éire faoi mar a bhí sna 1950aidí chun cuimhne agus an comhthéacs inar foilsíodh an chéad Chlár um Fhorbairt Eacnamaíochta caoga bliain ó shin. Cuirfidh an chaint seo bonn faoi sheachtain ina mbreathnófar ar na dúshláin d’Éirinn agus cúrsa á leagan amach don am atá romhainn. Tiocfaidh an ghéarchéim reatha eacnamaíochta i gceist gan amhras, ach beidh dearcadh leathan á thabhairt ar cheisteanna tábhachtacha le linn na scoile seo.

Is é Bob Collins (Príomh-Choimisinéir Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann agus Iar-Phríomh-Stiúrthóir RTÉ) Stiúrthóir Scoil Samhraidh Mherriman 2009. Cuirfidh socheolaithe, lucht cumtha polasaí, oideachasóirí, staraithe, iriseoirí agus tuilleadh nach iad seachtain bhríomhar díospóireachta agus cadrála ar fáil. I measc na gcainteoirí tá Maureen Gaffney (Cathaoirleach, An Fóram Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta), Noel Dorr (iar-Rúnaí Ginearálta, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Cilian Fennell (léiritheoir teilifíse agus cóitseálaí meán, le RTÉ agus TG4 roimhe seo), Tom Collins (Ceann Roinne an Oideachais agus Déan Teagaisc agus Foghlama, OÉ Má Nuad), Seán Freyne (Ollamh Emeritus le Diagacht, Coláiste na Tríonóide), Brigid Laffan (Ceannasaí Choláiste na nEolaíochtaí Daonna, COBÁC), Emily Logan (Ombudsman na Leanaí), Paul Bew (Ollamh le Polaitíocht, Ollscoil na Ríona), Frances Ruane (Stiúrthóir, ESRI), John Mc Hale (Ollamh le hEacnamaíocht, OÉ Gaillimh) agus Michael Smyth (Ceann Scoile na hEacnamaíochta, Ollscoil Uladh).

Reachtálfar seimineáir mhaidine as Gaeilge agus as Béarla le Aongus Ó hAonghusa (Stiúrthóir, An Leabharlann Náisiúnta), John-Mark Mc Cafferty (Ceannaire Cheartas Sóisialta agus Polasaí, Cumann Naomh Uinseann de Pól), Pádraig Ó hAoláin (Príomhfheidhmeanach Údarás na Gaeltachta), Clare Duignan (Stiúrthóir Bainistíochta, RTÉ Raidió), Tadhg Ó hIfearnáin (léachtóir sinsearach le Gaeilge, Ollscoil Luimnigh), Philip Furlong (iar-Rúnaí Gineáralta roinne rialtais), Póilín Ní Chiaráin (iriseoir, chomhfhreagraí an Tuaiscirt, Raidió na Gaeltachta) agus Sara Keating (iriseoir agus scríbhneoir ar na healaíona don IrishTimes agus don Sunday Business Post).

Ina theannta sin, beidh léamha filíochta am lóin leis na filí James Harpur, Enda Wyley, Ailbhe Ní Ghearrbhuigh agus John F. Deane, ranganna rinnce seite le Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, oíche scéalaíochta le Nuala Hayes agus an cláirseoir, Anne Marie O’Farrell, taispeáint rogha de scannáin le Radharc a craoladh ar RTÉ gach iarnóin, agus ranganna athnuachana Gaeilge le Eoghan Ó hAnluain.

DEIREADH