Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2005

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Brian Merriman 1805 – 2005 — ceiliúradh

  • Ionad: Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir
  • Dátaí: 20 – 27 Lúnasa 2005
  • Stiúrthóir: Bob Collins, iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ

Fáilte go dtí an Scoil! Bliain faoi leith is ea 2005. Mura raibh tú riamh i láthair ag Scoil Mherriman, b’fhiú go mór do chéad bhlaiseadh a thógaint aisti i mbliana. Ar thaobh eile den scéal, más duine des na seanfhondúirí thú beidh a fhios agat cheana gur bliain í seo nár chóir a chailiúint!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú is le maoin Scoil Samhraidh 2005:

  • Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
  • Banc na hÉireann
  • Bernard agus Moira Mc Namara
  • Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
  • Comhairle Chontae an Chláir
  • Foras na Gaeilge
  • Ionad Scoil Mherriman, Lios Dúin Bhearna
  • Ollscoil Luimnigh
  • Radio Teilifís Éireann
  • Roche Ireland Teo.
  • Roinn na nEalaíon, Spóirt agus Turasóireachta
  • Údarás na Gaeltachta

An Chúirt ar dlúthdhiosca

Seolfar dhá dhlúthdhiosca faoi leith ag Scoil Samhraidh 2005 le ceiliúradh a dhéanamh ar dhá chéad bliain ó bhás Bhrian Merriman. Dhá léamh den dán Cúirt an Mheán Oíche, agus iad fíor-éagsúil óna chéile, atá ar fáil ar na dlúthdhioscaí seo.

Dlúthdhiosca Sheáin Uí Cheallaigh

Rugadh Seán Ó Ceallaigh (1896 – 1994) i bhForúir, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir. Bhí neart cainteoirí dúchais Gaeilge fós beo sa cheantar le linn a óige. Gaeilge an Chláir an Ghaeilge a shealbhaigh sé go rí-mhaith agus bheadh Cúirt an Mhean Oíche cloiste aige, á aithris ag seanfhir an Chláir. Ní hamháin sin ach is dócha go mbeadh cuid mhaith acu sin ar an saol agus Brian Merriman féin fós ina bheatha. Bhí an Ceallach ina Ardmháistir ar an gColáiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh agus ina Theachta Dála do cheantar an Chláir idir 1959 agus 1969. Mac le Seán is ea an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh agus le cead agus tacaíocht uaidh sin d’eisigh Leabharlann Chontae an Chláir an dlúthdhiosca seo den aithris a rinne a athair ar an dán. Níor cuireadh ar díol é ach dháil an Leabharlann cóipeanna de saor in aisce ar scoileanna an chontae. Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le Leabharlann Chontae an Chláir ar +353 (0)65 682 1616.

Dlúthdhiosca Chumann Merriman & Raidió na Gaeltachta

D’eagraigh Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir Scoil Gheimhridh 2005 léamh drámatúil de Chúirt an Mheon-Oíche don ócáid sin. B’iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Ó Ceallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain a léigh agus b’é Darach Mac Con Iomaire a léirigh. Tháinig an fhoireann le chéile arís chun an dán a léamh go poiblí i mBaile Mhuirne, i nGaeltacht Mhúsgraí. Tamaill ina dhiaidh sin dhein RTÉ Raidió na Gaeltachta taifeadadh ar an léamh agus is é an taifead sin atá ar an darna dlúthdhiosca. Tá an fhoireann chéanna chun an dán a léamh arís ar an 31 Deireadh Fómhair 2005 mar chuid d’Oireachtas na Gaelainne i gCorcaigh.

Clár

Ionaid

Fáiltiú
An Pump Room, Ionad Spa Wells
Seimineáir as Béarla
An Halla, Ionad Spa Wells
Seimineáir as Gaeilge
An Pump Room, Ionad Spa Wells
Renew Your Irish
An Mheánscoil
Cúirt a’ Mheán Lae
An Pump Room, Ionad Spa Wells
Rince seite
An Halla, Ionad Spa Wells
Léachtaí
An Halla, Ionad Spa Wells
Léitheoireacht Déardaoin
Óstán an Royal Spa
Seoladh leabhair
An Pump Room, Ionad Spa Wells
Seoltaí dlúthcheirníní
Óstán an Royal Spa
Club Merriman
Royal Spa Hotel

Dé Sathairn 20

17.00
Clárú
19.00
Fáiltiú
20.00
Oscailt na Scoile
Le Seán Donlon, Seansailéir, Ollscoil Luimnigh
20.30
Léacht
The Summons of the Midnight Court
Le hAlan Titley
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Dé Domhnaigh 21

11.45
Cúirt a’ Mheán Lae
Léamh filíochta
Le Gabriel Rosenstock
12.30
Seiteanna an Chláir agus Pólcaí 1
Le Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy
15.00
Léacht — Merry Man – The Afterlife of the Poem
Le Declan Kiberd
Cathaoirleach: Angela Bourke
17.00
Seoladh leabhair
Orthodoxies and Heresies: The New Ireland and its Sacred Cows
Jim Malone a chuir in eagar
(Imeachtaí Scoil Samhraidh 2004)
20.30
Léacht — Merriman’s Ireland?
Le hÚna Nic Éinrí
Cathaoirleach: Des Geraghty
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Dé Luain 22

10.00
Seimineár Gaeilge 1
Mionléamh ar Théacs na Cúirte
Le Liam P. Ó Murchú
10.00
Seminar 1
Of Poets and Scholarly Men: Tomás Ó Míodhcháin and the Courts of Munster Poetry 1750 – 1805
Le Brian Ó Dálaigh
10.00
Renew your Irish 1
Le Merriman agus Eoghan Ó hAnluain
11.45
Cúirt an Mheán Lae
Léamh filíochta
Le Sinéad Morrissey
12.30
Seiteanna an Chláir agus Pólcaí 2
Le Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy
15.00
Léacht
Merriman – Cadhan Aonair?
Le Meidhbhín Ní Úrdail
20.30
Léacht
Merriman’s Teaching Milieu and the Irish Teaching Tradition
Le John Coolahan
Cathaoirleach: Áine Hyland
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Dé Máirt 23

10.00
Seimineár Gaeilge 2
Mionléamh ar Théacs na Cúirte
Le Liam P. Ó Murchú
10.00
Seminar 2
Brian Merriman: Poet of a Single Poem
Le Brian Ó Dálaigh
10.00
Renew your Irish 2
Le Merriman agus Eoghan Ó hAnluain
11.45
Cúirt an Mheán Lae
Léamh filíochta
Le Pádraig Daly
12.30
Seiteanna an Chláir agus Pólcaí 3
Le Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy
15.00
Léacht
The Hoard of the Imagination
John F. Deane
Cathaoirleach: Eileen Battersby
20.30
Léacht
Ireland under Two Unions 1805 – 2005
Le Garret FitzGerald
Cathaoirleach: Ronan Fanning
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Dé Céadaoin 24

10.00
Turas go dtí an Fhiacail is Loch Gréine
Labhróidh Willie Smyth ar an bhFiacail faoi thaobh tíre Mherriman
20.30
Scéal
A Week in Summer, scéal a scríobhadh do cheiliúradh an dá chéad
Scríofa agus léite ag Maeve Binchy
21.30
Ceol traidisiúnta as Contae an Chláir
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Déardaoin 25

10.00
Seimineár Gaeilge 3
Mionléamh ar Théacs na Cúirte
Le Liam P. Ó Murchú
10.00
Seminar 3
Marriage in Gaelic Ireland
Le Donnchadh Ó Corráin
10.00
Renew your Irish 3
Le Merriman agus Eoghan Ó hAnluain
11.45
Cúirt an Mheán Lae
Léamh filíochta
Le Celia de Fréine
12.30
Seiteanna an Chláir agus Pólcaí 4
Le Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy
15.00
Léitheóireacht — Cúirt an Mheán Oíche
Bríd Ní Neachtain
Ciaran Carson
16.00
Seoladh dlúthcheirnín
Cúirt an Mheán Oíche
Á léamh ag Seán Ó Ceallaigh, iarTD
Á sheoladh ag Pádraig Ó hIrghile
20.30
Léacht
Where should Marriage and Society meet – and Why?
Le William Binchy
Cathaoirleach: Michael Mac Dowell
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Dé hAoine 26

10.00
Seimineár Gaeilge 4
Mionléamh ar Théacs na Cúirte
Le Liam P. Ó Murchú
10.00
Seminar 4
Church and people 1750 – 1805
Le Margaret Mac Curtain
10.00
Renew your Irish 4
Le Merriman agus Eoghan Ó hAnluain
11.45
Cúirt an Mheán Lae
Léamh filíochta
Le Peter Sirr
12.30
Seiteanna an Chláir agus Pólcaí 5
Le Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy
15.00
Léacht
Social Change and the Family in Ireland Over the Last Century
Gabriel Kiely
17.00
Seoladh dlúthcheirnín
Cúirt an Mheón Oíche
Arna fhoilsiú ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
Á sheoladh ag Muiris Ó Rócháin
20.30
Siompóisiam
Marriage and the Family – Challenges for Ireland
Finola Kennedy
Linda Connolly
Denis O’Donovan TD
Cathaoirleach: Bob Collins
22.30
Club Merriman — Ceol leis an Four Courts Céilí Band

Dé Sathairn 27

10.30
Siompóisiam
The Battle Largely Won? Women 200 years after Merriman
Nuala O’Faolain
Katherine Zappone
Eamon Ryan TD
Cathaoirleach: Doireann Ní Bhriain

Cainteoirí

Maeve Binchy
Iriseoir, Údar. An iliomad úrscéal scríofa aici (Light a Penny Candle, Firefly Summer, The Lilac Bus 7rl). D.Litt. Oin () 1990. Rinne freastal ar Chéad Scoil Mherriman (Inis, 1968)!
William Binchy
Ollamh Regius le Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Údar agus comhúdar ar leabhair ar dhlí príobháideach idirnáisiúnta, tortanna agus dlí teaghlaigh. Rinne ionadaíocht thar cheann na hÉireann ag Comhdháil an Háig ar Dhlí Príobháideach Idirnáisiúnta maidir le téamaí an phósta agus uchtú idir-thíortha.
Ciaran Carson
File. Naoi gcnuasach foilsithe aige. Tá Duais Litríochta Éireannach an Irish Times, Duais T.S. Eliot agus Duais Aistriúcháin Oxford Weidenfield (ar son Inferno, Dante, 2002) ar chuid de na duaiseanna a bronnadh air. Is aistriúchán ar Chúirt an Mheán Oíche le Merriman an saothar is deireanaí uaidh. Cúis áthais agus bhróid ag Cumann Merriman go raibh baint acu le ‘macleabhar’ seo Mherriman a thabhairt ar an saol!
Bob Collins
Iar-Stiúrthóir RTÉ. Ceangal sean-bhunaithe aige le Cumann Merriman. Stiúraigh sé dhá Scoil Samhraidh i dtús na n-ochtóidí.
Linda Connolly
Léachtóir Sinsearach sa tSocheolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Na leabhair is deireanaí uaithi: The Irish Women’s Movement: from Revolution to Devolution, 2003; Documenting Irish Feminisms, 2004. Social Movements in Ireland (le Niamh Hourican) le teacht go luath.
John Coolahan
Ollamh emeritus le hOideachas, Ollscoil na hÉireann, Máigh Nuad. Go leor oibre déanta aige mar chomhairleoir ní hamháin don Roinn Oideachais ach ar leibhéal idirnáisiúnta leis. Tá Irish Education: history and structure, 2000, ar cheann dá chuid leabhar.
Pádraig Daly
File, sagart Aibhistíneach, aistritheoir. Tá The Last Dreamers: new and selected poems ar cheann dá chuid cnuasach. Aistriúchán dár teideal, Without shoe or horse, 2005, ar dhánta Liam Inglis, Aibhistíneach a bhásaigh in 1778 an saothar is deireanaí óna pheann.
John F. Deane
File, úrscéalaí, gearrscéalaí, aistritheoir, ball d’Aosdána. Toghadh mar Ard-Rúnaí ar Acadamh Eorpach na Filíochta é in 1996. Is iomaí duais ard-ghradamach buaite aige, Duais Litríochta Marten Toonder ina measc. Aistríodh a shaothar go Gearmáinis, Fraincis, Bulgáiris, Iodáilis, agus Sualainnis. Foilseoidh Carcanet The Instruments of Art an saothar is deireanaí dá chuid i mbliana.
Celia de Fréine
File, drámadóir, scriptscríbhneoir (Ros na Rún). Bhuaigh Duais Patrick Kavanagh (1994), Duais Chomórtas Filíochta Dhún Laoghaire (1996), Sparántacht ón gComhairle Ealaíon (1997).Duais Smurfit-. Cnuasaigh dá dánta is ea Fiacha Fola agus Faoi Chabáistí is Ríonacha.
Seán Donlon
Iar-Rúnaí, Roinn Gnóthaí Eachtranacha, Ambasadóir na hÉireann i Washington. Comhairleoir do John Bruton le linn dósan a bheith ina Thaoiseach. Seansailéir Ollscoil Luimnigh.
Garret FitzGerald
Geilleagraí, polaiteoir, scríbhneoir. Aire Gnóthaí Eachtranacha 1973 – 77. Ceannaire Fhine Gael. Taoiseach Meitheamh 1981 – tosach 1982 agus arís 1982 – 87. Seansailéir Ollscoil na hÉireann.
Áine Hyland
Ollamh Oideachais agus Leas-Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta ar Mhíbhuntáiste Oideachais. Duine d’údair na hÉireann ar stair an oideachais, bhí sí ar dhuine den bhuíon a cheap an Rialtas i 1995 le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mBunreacht.
Finola Kennedy
Is geilleagraí í an Dr. Finola Kennedy. Caiteachas poiblí agus daoneoalíocht a príomhréimsí saineolais. Foilsíodh a leabhar, Cottage to Crèche: Family Change in Ireland, le gairid.
Declan Kiberd
Ollamh le Litríocht Angla-Éireannach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ar a chóchompord le litríocht na Gaeilge. Is mórshaothair leis Inventing Ireland, 1995 (Duais Litríochta an Irish Times 1997) agus Irish Classics, 2000.
Gabriel Kiely
Ollamh le Beartais Shóisialta agus Obair Shóisialta, agus Ollamh Jean Monnet ar Bheartais Eorpacha i leith an Teaghlaigh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ar chuid den iliomad saothar leis tá Theorising Irish Social Policy, 2004, comheagarthóir i dteannta B. Fanning, P. Kennedy agus S. Quin.
Betty Mc Coy
Múinteoir rince sean-bhunaithe a raibh ról lárnach aici in athbheochan agus i gcur chun cinn rincí seite.
Margaret Mac Curtain
Staraí, ceannródaí i ngort stair na mban Éireannach. Ball d’Ord na nDoiminicéanach. Léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath 1963 – 94. Ollamh ar chuairt i Kansas, Boston, Baltimore. Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na Cartlainne Náisiúnta 1997 – 2002.
Johnny Morrissey
Máistir rince. Múinteoir rince seite a bhfuil aithne mhór air, casann sé an consairtín.
Sinéad Morrissey
An file is óige a bhuaigh Duais Patrick Kavanagh (1990). Mhúin sí sa tSeapáin agus sa Nua Shéalainn. Between Here and There (2002) ceann de na cnuasaigh is deireanaí uaithi.
Doireann Ní Bhriain
Craoltóir agus comhairleoir ealaíne. Rannpháirtí rialta ag léamh filíochta téamúil Scoileanna Mherriman.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Chumann Merriman agus stiúraigh sí Scoil Samhraidh 1999.
Úna Nic Éinrí
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Cuireann an Dr. Nic Éinrí spéis ar leith i bhfilíocht an 18ú aois. Canfar an Dán…, 2003, an saothar is deireanaí uaithi, eagrán de dhánta Liam Inglis, sagart Aibhistíneach (bás: 1778).
Bríd Ní Neachtain
Ball d’fhoireann na Mainistreach anuas go 1999. As Conamara don chainteoir dúchais seo. Bhí ar stáitsí Hong Kong, Broadway, Dún Éideann, Londain… Cuimhnítear ar a ról in Cré na Cille sa Taibhdhearc. Ní baol go ndearmadfar go ceann i bhfad a léamh ar pháirt na mná óige (Cúirt an Mheán Oíche) ag Cúirt na Gaillimhe i mbliana.
Meidhbhín Ní Úrdail
Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Foilsíodh ábhar a tráchtais dochtúireachta: The Scribe in Eighteenth and Nineteenth Century Ireland: Motivations and Milieu, 2000. Ag ullmhú eagráin den scéal Cath Cluana Tarbh do Chumann na Sgríbheann Gaedhilge.
Donnchadh Ó Corráin
Ollamh le Stair an Meánaoise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Iliomad ábhar foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de luath stair na hÉireann: dlí canónta agus dúchasach, léann na Lochlannach, ainmneacha, ginealaigh… Údar ar go leo gnéithe de luath stair shóisialta na hÉireann… Bunaitheoir agus Eagarthóir Peritia, Journal of the Medieval Academy of Ireland.
Brian Ó Dálaigh
Staraí as Contae an Chláir. Tá Ennis in the Eighteenth Century, 1995, aistí ar Mherriman i County Clare Studies, 2000, agus ar Eoghan Ó Comhraí i North Munster Antiquarian Journal, 2004 ar chuid dá shaothar. Chuir sé eagar ar Corporation Book of Ennis, 1990; The Strangers Gaze: Travels in County Clare: 1534 – 1950 agus ba chomheagarthóir é ar Irish Townlands, 1998 agus Irish Villages, 2003.
Denis O’Donovan
Dlíodóir agus TD do cheantar Chorcaí Thiar Theas. Cathaoirleach ar an gCoiste Uile Oireachtais ar an mBunreacht leis na réimsí inar inmholta nó gur gá athruithe bunreachtúla a dhéanamh iontu.
Nuala O’Faolain
Léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath tráth, léiritheoir teilifíse, leis an mBBC ar dtús agus in RTÉ ina dhiaidh sin. Tamall mar cholúnaí san Irish Times. Scríobh sí trí leabhar mór-rachairte: Are you Somebody?, 1996; My Dream of You, 2001 (úrscéal); Almost there, 2003.
Eoghan Ó hAnluain
Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath go dti go ndeachaigh sé ar scor. Stiúraigh sé 24 Scoil Gheimhridh, bhí sé ina Rúnaí ar Chumann Merriman sna blianta tosaigh agus ina Chathaoirleach idir na blianta 1992 – 97.
Pádraig Ó hIrghile
Is iomaí aireacht rialtais a bhí faoina chúram sular déanadh Coimisinéir Eorpach ar Ghnóthaí Sóisialta dó i 1973. Uachtarán na hÉireann idir 1976 is 1990. Ceangal aige le Cumann Merriman ó Scoil Samhraidh 1968. Éarlamh an Chumainn ó 1976 mar chomharba ar na hUachtaráin Eamon de Valera agus Cearbhall Ó Dálaigh.
Liam P. Ó Murchú
Léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Is é an t-údar is mó é ar dhán Mherriman agus ní bheidh dul thar a eagrán den dán, Cúirt an Mheon Oíche, 1982. Is mór an chomaoin atá curtha aige ar an bhfile agus ar Chumann Merriman, i mbliana go háirithe.
Muiris Ó Rócháin
Duine d’fhondúirí Scoil Willie Clancy, é ina Stiúrthóir ar an scoil ó 1973. Mórfhigiúr i ndomhan an cheoil thraidisiúnta. Cathaoirleach ar Chomhairle Raidío na Gaeltachta.
Gabriel Rosenstock
Duine d’fhilí Innti. Scríbhneoir, aistritheoir, eagarthóir. Timpeall céad leabhar scríofa/aistrithe aige. Dúil aige sa Haiku mar sheánra. Ball d’Aosdána. Sampla maith dá stíl, dá ghreann agus dá ghrinneas is ea Ólann mo mhiúil as an nGainséis, 2003.
Eamon Ryan
TD de chuid an Pháirtí Ghlais, i mBaile Átha Theas. Togahdh ar dtús é i mBealtaine 2002. Tá cúram air i leith Cumarsáide, Acmhainní Nádúrtha, Fionntraíochta, Trádála agus Fostaíochta. Cathaoirleach ar Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath.
Peter Sirr
File, aistritheoir, saor-scríbhneoir. Ina Stiúrthóir ar Ionad Scríbhneoirí na hÉireann go dtí 2003. Ina eagarthóir ar Poetry Ireland Review. Seacht gcnuasach foilsithe aige, Selected poems, 2004 agus Nonetheless, 2004.
Willie Smyth
Ollamh le Tíreolaíocht, Colásite Ollscoile Chorcaí. Cathaoirleach ar Ionad na hÉireann ar Léann na hIimirce. Stiúrthóir Scoil Samhraidh Mherriman 1998.
Alan Titley
Scoláire, colúnaí leis an Irish Times, úrscéalaí, staraí liteartha, drámadóir… Iliomad duaiseanna buaite aige. Léiriú ar a iléirmiúlacht é Amach, 2004, scéal do dhéagóirí a bhuaigh Duais Bisto i 2004. Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Katherine Zappone
Fealsamh, oide agus taighdeoir neamhspleách. Ball de Choimisiún Chearta Daonna na hÉireann, iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn, go leor foilsithe aici ar chúrsaí feimineachais, eitice, ceisteanna comhionannais agsu oideachais. Tá Charting the Equality Agenda: A Coherent Framework for Equality Strategies in Ireland North and South (2001) agus Re-Thinking Identity: The Challenge of Diversity (2003) ar chuid de na saothair is deireanaí uaithi.

Preaseisiúint

Dáta éisithe

Le scaipeadh
17.30
27 Mí Iúil 2005

TOSACH

Fógraíodh sonraí faoi Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2005 i Luimneach ar an gCéadaoin 27 Iúil, cothrom an lae 200 bliain go díreach ó bhásaigh Brian Merriman i Sean-Sráid an Chláir sa chathair sin ar 27 Iúil 1805.

Is i Lios Dúin Bhearna a bheidh Scoil Samhraidh na bliana seo ó Shatharn go Satharn, 20 – 27 Lúnasa. Is é Bob Collins Stiúrthóir Scoil Samhraidh 2005, iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus Príomhchoimisinéir nua-cheaptha ar Choimisiún Comhionannais an Tuaiscirt.

Seán Donlon, Seansailéir Ollscoil Luimnigh, agus iar-Ambasadóir na hÉireann chuig Stáit Aontaithe Mheiricieá, a osclóidh an Scoil.

Scoil ar leith í Scoil Samhraidh 2005 le comóradh a dhéanamh ar 200 bliain ó bhás Bhrian Merriman. Tá sé i gceist féachaint siar agus ceiliúradh a dhéanamh ar Chúirt an Mheán Oíche, agus féachaint romhainn agus tábhacht leanúnach phríomhthéamaí na Cúirte a mheas. Beidh clár méadaithe ann i mbliana leis na hábhair seo a leanas a chlúdach:

  • Cúirt an Mheán Oíche: an dán; teanga an dáin; tionchar an dáin
  • Bhrian Merriman féin, agus a ré – An Clár, Luimneach, an t-oideachas, an chléir, agus an comhtheács ginearálta stairiúil
  • Iniúchadh ó dhearcadh na linne seo ar phríomhthéamaí an tsárdháin, Cúirt an Mheán Oíche
  • An fhilíocht chomhaimsearta i nGaeilge agus i mBéarla

Beidh béim faoi leith ar an bpósadh, ceann de phríomhthéamaí an dáin agus mórábhar suime fós i saol an lae inniu. Téamaí eile a iniúchfar iad saol na mban, agus an chléir, san ochtú céad déag agus inniu, chomh maith le ról na hÉireann san Eoraip le linn Mherriman agus lenár linn féin.

In ómós do Bhrian Merriman, file, agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfilíocht chomhaimseartha i gcomhthéacs chomóradh seo an dá chéad, beidh Cúirt an Mheán Lae ina ghné ar leith de scoil na bliana 2005, le filí Gaeilge agus Béarla ag léamh a saothair féin.

Beidh deiseanna ag rannpháirtithe staidéar agus mionléamh a dhéanamh ar bhuntéacs Chúirt an Mheon- Oíche i rith na seachtaine le Eoghan Ó hAnluain agus le Liam P. Ó Murchú. Seolfar dhá dhlúthdhiosca den Chúirt á léamh le linn na Scoile: ceann leis an iar-Theachta Dála as Contae an Chláir, Seán Ó Ceallaigh, nach maireann (athair an Easpaig Fiachra Ó Ceallaigh), a taifeadadh roinnt mhaith bliana ó shin, a bheidh á thabhairt amach ag Leabharlann an Chláir; agus ceann den léamh a rinneadh ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i mBun Raite, arna thaifeadadh agus arna fhoilsiú ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. B’iad Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain na léitheoirí, agus b’é Darach Mac Con Iomaire an léiritheoir.

Beidh na gnáthsheisiúin ar Renew your Irish ann, chomh maith le ranganna rince seite le Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, seisiúin amhránaíochta, agus turas go dtí An Fhiacail agus Loch Gréine, ceantar Bhriain Merriman in oirthear an Chláir, gan trácht ar Chlub Merriman gach oíche go maidin.

Daoine

I measc na rannpháirtithe i Scoil Samhraidh seo an Dá Chéad beidh:

  • Maeve Binchy
  • William Binchy
  • John Coolohan
  • Linda Connolly
  • John F Deane
  • Seán Donlon
  • Garret FitzGerald
  • Áine Hyland
  • Finola Kennedy
  • Declan Kiberd
  • Gabriel Kiely
  • Margaret Mc Curtain
  • Doireann Ní Bhriain
  • Úna Nic Éinrí
  • Bríd Ní Neachtain
  • Meidhbhín Ní Úrdail
  • Donnchadh Ó Corráin
  • Brian Ó Dálaigh
  • Denis O’Donovan TD
  • Nuala O’Faolain
  • Eoghan Ó hAnluain
  • Patrick J Hillery
  • Liam P Ó Murchú
  • Muiris Ó Rócháin
  • Eamon Ryan TD
  • Willie Smyth
  • Alan Titley
  • Katherine Zappone

Beidh na filí, Ciaran Carson, Pádraig Daly, Celia de Fréine, Sinéad Morissey, Gabriel Rosenstock is Peter Sirr ag cur leis an Scoil, leis.

DEIREADH