Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2003

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Amharc Éireann: Recording Ireland

  • Ionad: Óstán an Falls, Inis Díomáin, Co. an Chláir
  • Dátaí: 17 – 24 Lúnasa 2003
  • Stiúrthóir: Diarmuid Ó Giolláin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Clár

Dé Domhnaigh 17

17.00
Clárú ag Óstán an Falls
19.00
Fáiltiú
20.30
Oscailt na Scoile le Brian Farrell
22.30
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

Dé Máirt 18

10.00
Seimineár Gaeilge 1
Scáthán na Téarmaíochta
Le Fidelma Ní Ghallchobhair
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00
a) Renew Your Irish 1
Le hEoghan Ó hAnluain
b) Stair Áitiúil 1
Patronage and Politics: The Fate of Tom Dermody
Le Michael Griffin
12.00 Nón
Seiteanna an Chláir/Pólcaí agus Rince Dhá-Lámh 1
Le Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy
15.00
Léacht — Nationalism and Faith Healing: the Drama of Brian Friel
Le Pat Burke
20.30
Léacht — Reporting the North — Telling the truth or blackening the name?
Le Susan Mc Kay
22.30
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

Dé Máirt 19

10.00
Seimineár Gaeilge 2
Caint agus Comhrá: Staidéar ar an Teanga Labhartha
Le Siobhán Ní Laoire
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00
a) Renew Your Irish 2
Le hEoghan Ó hAnluain
b) Stair Áitiúil 2
Song and Song Collectors in Ireland 1
Le Tom Munnelly
12.00 Nón
Seiteanna an Chláir/Pólcaí agus Rince Dhá-Lámh 2
15.00
Léacht &‐ Memories in Motion: The Irish Dancing Body
Le Helena Wulff
20.30
Léacht — Trén bhFearann Breac: Turasanna Fionnachtana agus Féiniúlachta i Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge
Le Máirín Nic Eoin
22.30
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

Dé Céadaoin 20

10.00
Turas stiúrtha go hIardheisceart an Chláir: Ceann Léime, Cill Bheathach, Carraig an Chabhaltaigh, Cill Chaoi & Cill Rois
Léacht san áireamh — Eugene O’Curry and the local perspective
Le Brian Ó Dálaigh
20.30
Oíche cheol an Chláir
22.30
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

Déardaoin 21

10.00
Seimineár Gaeilge 3
Ag Greamú Focla
Le Mícheál Ó Conghaile
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00
a) Renew Your Irish 3
Le hEoghan Ó hAnluain
b) Stair Áitiúil 3
Song and Song Collectors in Ireland 2
Le Tom Munnelly
12.00
Seiteanna an Chláir/Pólcaí agus Rince Dhá-Lámh 3
15.00
Léacht — Recording Oral Historiographies: Uncovering Hidden Traditions of The Turnout in 1798
Le Guy Beiner
20.30
Léacht — Keeping Ireland in the Picture
Le Cathal Goan
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

Dé hAoine 22

10.00
Seimineár Gaeilge 4
Na Meáin Ghaeilge: Laincisí is Dúshláin
Le Breandán Delap
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00
a) Renew Your Irish 4
Le hEoghan Ó hAnluain
b) Stair Áitiúil 4
Bailitheoir Béaloideasa: Tadhg Ó Murchadha in South-West County Clare in the 1940s
Le Patricia Lysaght
12.00
Seiteanna an Chláir/Pólcaí agus Rince Dhá-Lámh 4
15.00
Léacht — Irish Manuscripts: Media and Message
Le Cornelius G. Buttimer
20.30
Léacht — Talking about Ireland: the Gaze of Strangers
Le Ricca Edmondson
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

De Sathairn 23

10.00
Seimineár Gaeilge 5
Cá bhfuil bhur dtriall? Logainmneacha na hÉireann
Le Pádraig Ó Cearbhaill
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00
a) Renew your Irish 5
Le hEoghan Ó hAnluain
b) Stair Áitiúil 5
Aspects of the Material Culture and Food Traditions of County Clare
Le Patricia Lysaght
12.00 Nón
Seiteanna an Chláir/Pólcaí agus Rince Dhá-Lámh 5
15.00
Léacht — Telling Tales: Story Telling and Filmic Form. Reflections on a Creative Practice
Le Desmond Bell
17.00
Fáiltiú an A.E., do rannphairtithe na Scoile
Óstach: Peter Doyle
20.30
Léacht — The Seanchaí and the Database
Le Tim Robinson
Club Merriman — Rince leis an bhFour Courts Céilí Band

Dé Domhnaigh 24

11.15
Léitheoireacht Filíochta
Á cur i láthair ag Eoghan Ó hAnluain, Doireann Ní Bhriain agus David Hanly
Taighdeoir: Máire Ní Mhurchú

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint

Is féidir breathnú ar an téama ar bhealach an-leathan: trí léirithe samhailteacha ealaíontóirí, trí shaothar nach bhfuil baileach chomh pearsanta sin ó iriseoirí, ó staraithe, agus ó lucht eitneagrafaíochta, nó ó shaothar áit éigin idir eatarthu ó phinn scríobhaithe taistil agus lucht aistí. “Léirithe” a gineadh taobh istigh is taobh amuigh den tír, is ábhar don chlár plé i mbliana. An tOllamh Brian Farrell, craoltóir iomráiteach agus acadamhach a bhfuil na blianta fada caite aige féin ag taifeadadh scéal na hÉireann a osclóidh an Scoil.

Cainteoirí na Scoile

Foirmeacha ealaíne a dhíríonn ar na hÉireannaigh agus a léiríonn gnéithe dá gcuid taithí is údar spéise do chuid de na rannpháirtithe: breathnóidh Pat Burke ar roinnt de dhrámaí Brian Friel, cíorfaidh Helena Wulff, antrapólaí ón tSualainn, an damhsa, pléifidh Máirín Nic Eoin, litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, agus díreoidh Desmond Bell, ar ghnéithe de dhéantús scannán, ceird a bhfuil duaiseanna bainte amach aige féin inti. Lámhscríbhinní Gaeilge, na taifid is faide, gan bhriseadh ar Éire, a bhfuil mílaois go leith faoina réim agus a bhfuil idir shaothair stairiúla agus chruthaitheacha le fáil iontu a bheas faoi chaibidil ag Neil Buttimer, agus pléifidh Tim Robinson le foinse ollmhór eile de fhaisnéis dúchasach ar an stair agus ar an tsamhlaíocht trí fhocail an tseanchaí. Beidh an cineál sin faisnéise mar ghné den phlé a dhéanfaidh Guy Beiner ar thraidisiúin bhéil a bhaineann le 1798, breathnóidh Ricca Edmondson ar shaothar strainséirí a rinne taifeadadh ar Éirinn trí mhodhanna socheolaíochta, léithéidí na scoláirí Arensberg and Kimball, beirt a rinne taighde ceannródaíoch antrapolaíochta i gCo. an Chláir sna tríochaidí.

An Ghaeilge

Tabharfaidh iriseoirí céimiúla a mbarúil féin faoi scéal na hÉireann a ríomh sna meáin: Susan Mc Kay maidir le tuairisciú ar Thuaisceart Éireann, Cathal Goan (is cinnte go gcuirfear spéis ar leith ina thuairim siúd os rud é gur ainmníodh é le gairid mar Ard Stiúrthóir ar RTÉ) faoi ról na teilifíse maidir le hÉire a choinneáil sa phicitiúr agus Breandán Delap faoi na meáin Ghaeilge. Is í an Ghaeilge an fhoinse don chuid is mó dár gcuid logainmneacha, agus is iad a bheas mar ábhar ag Pádraig Ó Cearbhaill. Is scáthán ar na hathruithe atá ag teacht ar phobal, teanga an phobail sin agus pléifidh Siobhán Ní Laoire an scéal ó thaobh na Gaeilge de. Beidh Fidelma Ní Ghallchobhair ag plé le gné eile den teanga bheo: an gá atá le téarmaíocht nua a chruthú. Pléann Mícheál Ó Conghaile leis an teanga ar bhonn níos liteartha agus tá a áit féin bainte amach aige ag léiriú agus ag breathnú ar Éirinn tríd an teach foilsitheoireachta a bhunaigh sé. Beidh ranganna Gaeilge á stiúradh gach maidin ag Eoghan Ó hAnluain ar mhaithe leo siúd ar mhian leo athshealbhú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge.

Ní dhéanfar faillí in ábhair áitiúla ach oiread: labhróidh Michael Griffin faoi Tom Darmody, file ainrianta Clárach a mhair san 18ú céad, labhróidh Tom Munnelly faoi amhráin agus bailitheoirí amhrán, pléifidh Patricia Lysaght gnéithe de chultúr dúchasach an Chláir agus faoin mbailitheoir béaloidis Tadhg Ó Murchadha, agus tabharfaidh Brian Ó Dálaigh caint faoin scoláire cáiliúil as Co. an Chláir: Eoghan Ó Comhraí.

Fáiltiú an AE

Cuirfidh an tUas.Peter Doyle fáiltiú ar bun don scoil thar cheann an Aontais Eorpaigh. Tabharfar turas lae ar an gCéadaoin, an 21ú Lúnasa ar cheantar Iardheisceart an Chláir, chomh fada le Ceann Léime trí Chill Rois, Cill Chaoi, Cill Bheathach agus Carraig a’ Chabhaltaigh.

Mar is iondúil, beidh ranganna seite ar siúl faoi stiúir Johnny Morrissey agus Betty Mc Coy, agus Club Merriman le banna céilí na Four Courts ar bun gach oíche. Tiomnófar oíche Chéadaoine do cheol an Chláir faoi cheannas PJ Crotty. Cuirfear clabhsúr leis an scoil sa ghnáth-bhealach le reacaireacht filíochta le David Hanly, Doireann Ní Bhriain agus Eoghan Ó hAnluain.