Scoil Gheimridh Chumann Merriman 2023

Scoil Gheimhridh Merriman 2023

Is in Óstán Chuan na Gaillimhe a bheidh Scoil Gheimhridh Merriman 2023

Dátaí
27-29ú Eanáir
(Aoine go Domhnach).
Ionad
Óstán Chuan na Gaillimhe (Galway Bay Hotel), Bóthar na Trá, Gaillimh. Is féidir dul i dteagmháil leo ar 091 514645.
Tá eolas faoi na traenacha le fáil anseo. Téann an bus 401 ón bhFaiche Mhór amach i dtreo an óstáin gach 20 nóiméad
Téama na Scoile
Bláthú agus Buanú na Gaeilge: Oidhreacht, Éiceolaíocht agus Fiontraíocht
Beidh ábhar na Scoile á chíoradh ag scoláirí, ealaíontóirí, lucht cleachtais agus critice.
I measc na n-aíonna, beidh Michael Cronin, Anna Ní Ghallachair, Emer Ní Bhrádaigh, Ríonach Ní Néill, Toner Quinn, Diarmuid Ó Mathúna, Emma Verling, Macdara Ó Cuaig agus Críostóir Mac Cárthaigh.
Is féidir ticéad Deireadh Seachtaine (€60) a fháil ar Eventbrite anseo.

Scoil Gheimhridh Merriman 2023

Clár na Scoile 

íoschóipeáil an clár (PDF)

Dé hAoine 27 Eanáir

6.00in Clárú

7.30in Fáiltiú

8.15in Oscailt na Scoile: An tOllamh Michael Cronin, Coláiste na Tríonóide

8.30in An Fhiontraíocht – Crann Taca don Ghaeilge agus don Éiceolaíocht

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, agus an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i mbun allagair le Máire Ní Neachtain.

10.00in Club Merriman

Dé Sathairn 28 Eanáir

10.30rn Siompóisiam
Ó Bhriathar go Beart: Cur chun cinn na hOidhreachta, na hÉiceolaíochta agus na Fiontraíochta

An Dr Ríonach Ní Néill, Ealaíontóir

Toner Quinn, Ceoltóir agus criticeoir

Diarmuid Ó Mathúna, Úinéir agus bainisteoir, POTA Café

Cathaoirleach: An Dr Trevor Herbert

1.45in Turas treoraithe i nDrioglann Mhicil

Turas spleodrach, eolach ar dhéantús biotáillí agus traidisiún na stiléireachta, áit a léireofar mar a thug muintir Ghriallais ó Dhrioglann Mhicil leo an cheird sin óna sinsear i gConamara.

Ag teacht le chéile ag Fáiltiú an Óstáin, Galway Bay Hotel, agus ag siúl chuig Drioglann Mhicil, Oslo Bar, 226 Bóthar na Trá Uachtarach. Is oth linn nach bhfuil an Drioglann inrochtana ag cathaoireacha rothaí.

Ticéad: €18. San áireamh: Turas treoraithe 45–60 nóiméad agus blaiseadh uisce beatha. 

5.00in Seoladh Leabhar

Culture, Contention and Identity in Seventeenth-Century Ireland: Antonius Bruodinus’ Anatomical Examination of Thomas Carve’s Apologetic Handbook
In eagar ag Giacomo Fedeli, Luke McInerney agus Brian Ó Dálaigh
(Cork University Press)
Á sheoladh ag an Athair Mícheál Mac Craith OFM.

Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil
In eagar ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí agus Pádraig Ó Liatháin (CLÓ Léann na Gaeilge)
Á sheoladh ag Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Reachtaire: An Dr Deirdre Nic Mhathúna

8.30in Ag Treabhadh na dTonn: Eolaíocht agus Éiceolaíocht na Mara

An Dr Emma Verling, MaREI, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Macdara Ó Cuaig, Foras na Mara, i mbun allagair le Mairéad Ní Nuadháin.

10.00in Club Merriman

Dé Domhnaigh 29 Eanáir

11.00rn Dúchas agus Oiliúint: Léargas Físiúil ar Ghnéithe den Chultúr Ábhartha

An Dr Críostóir Mac Cárthaigh, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath

Reachtaire: An Dr Róisín Nic Dhonncha

 

Ar taispeáint ag Scoil Gheimhridh Merriman 2023:

Saíocht & Saoránacht: Tomás Ó Máille

Taispeántas faoi shaol agus faoi shaothar an chéad ollamh le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, Tomás Ó Máille (1880-1938). Féach https://ollscoilnagaillimhe.ie/tomasomaille.

Flóra Chois Fharraige

Léargas ar phlandaí coitianta agus neamhchoitianta atá le feiceáil i gceantar Chois Fharraige, Co na Gaillimhe. Féach www.florachoisfharraige.ie

 

Podchraoladh

 

Cliceáil anseo chun éisteacht le duine de stiúrthóirí Scoil Gheimhridh Merriman 2023,
Róisín Nic Dhonncha, ag caint mar gheall ar Scoil na bliana seo ar Iris Aniar.

Is féidir cliceáil anseo chun éisteacht le cathaoirleach an Chumainn, Deirdre Nic Mháthúna, ag déanamh agallamh le BBC Blas i dtaobh Scoil Gheimhridh Merriman 2023.