Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2017

Dátaí
3 go 5 Márta
(Aoine go Domhnach).
Ionad
Campas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.
Téama
An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.
Stiúrthóir
An Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastal ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Ceannaigh ticéid ar líne

Is féidir ticéid don Scoil Gheimhridh a cheannach ó Evanbrite roimh ré.

Forbhreithniú ar an Scoil

Clár na Scoile

Dé hAoine 3 Márta 2017

6.30in: Clárú is fáiltiú.

7.30in: Oscailt na Scoile.

Le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Cainteoirí:

  • ‘An Ghaeilge faoi bhláth in Áth na gCliath: Muintir Neachtain (1700–1750)’ leis An Ollamh Liam Mac Mathúna.
  • ‘Duibhlinn an Duibhleanna? Baile Átha Cliath i nualitríocht na Gaeilge’ leis An Ollamh Máirín Nic Eoin.

Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.

10.00in: Club Merriman, in Óstán an Skylon.

Dé Sathairn 4 Márta 2017

10.00rn: Siompóisiam

Cothú Phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

  • Muireann Ní Mhóráin, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Scoil Lorcáin.
  • Edel Ní Bhraonáin, Duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG.
  • Fachtna Ó Drisceoil, Léiritheoir Cormac ag a 5, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cathaoirleach: An Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna.

11.30rn: Seoladh leabhar.

  • Léann 4. An Ollamh Mícheál Ó Mainnín agus an Dochtúir Rióna Ní Fhrighil a chuir in eagar. Cumann Léann na Litríochta a d’fhoilsigh. Cainteoir: An tOllamh Máirín Nic Eoin.
  • An Strainséir, Le Brian Ó Tiomáin, agus An Ghaeilge i Maigh Nuad, le Seán Ó hÉanacháin. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh. Cainteoir: Liam Ó Dochartaigh.

1.15in – 5.00in: Turas bus stairiúil.

Taispeántas lámhscríbhinní Gaeilge agus turas treoraithe ar Leabharlann Marsh mar aon le cuairt ar na Saoirsí le Des Geraghty.

Tá líon na spásanna don turas bus stairiúil teoranta agus molaimid do dhaoine a bhfuil spéis acu sa turas ticéad a cheannach ar líne roimh ré.

7.30in: ‘An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath’ — ócáid cheoil agus plé.

  • Ceoltóirí: An Dochtúir Síle Denvir, Des Geraghty agus Peter Browne.

Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.

10.00in: Club Merriman, in Óstán an Skylon.

Dé Domhnaigh 5 Márta 2017

11.00rn: ‘Blas Cathrach’ — ócáid liteartha.

  • Comhrá, plé agus léamha óna saothar próis agus filíochta le beirt scríbhneoirí de chuid Bhaile Átha Cliath: Anna Heussaff Marcus Mac Conghail.

Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.