Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2015

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

An Ghaeilge sa Saol Poiblí

Dátaí
30 Eanair go 1 Feabhra
(Aoine go Domhnach).
Téama
An Ghaeilge sa Saol Poiblí.
Ionad
Óstán an Strand, Bóthar na hInse, Cathair Luimnigh.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Liam Ó Dochartaigh.

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastal ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Forbhreithniú ar an Scoil

Fearg ar na Merrimen faoi staid na Gaeilge sa saol poiblí!

Don dara bliain as a chéile, reachtáilfear Scoil Gheimhridh Merriman i gcathair Luimnigh, deireadh seachtaine na Féile Bríde, 30 Eanáir go 1 Feabhra (Aoine go Domhnach). Is in Óstán an Strand ar Bhóthar na hInse i gCathair Luimnigh a bheidh príomhimeachtaí na Scoile le hócáid speisialta i nGailearaí na Cathrach iarnóin an tSathairn. ‘An Ghaeilge sa Saol Poiblí’ téama Scoil Gheimhridh 2015.

Ag meabhrú ar éirí as an Chraoibhín mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard‑Fheis 1915 i nDún Dealgan de bharr aidhm pholaitíochta a bheith á chur le Bunreacht an Chonartha, agus ar imeallú na Gaeilge lenár linn féin sa dioscúrsa poiblí, sa pholaitíocht agus sna mórmheáin, braitheann Cumann Merriman gur mithid seasamh na Gaeilge sa saol poiblí a phlé.

I measc na dtéamaí a ritheann linn tá:

  • An dóchas agus an spiorad deafach blianta na hathbheochana roimh bhunú an Stáit dhúchais.
  • Stair chasta na n‑iarrachtaí athbheochana ó baineadh amach neamhspleáchas polaitiúil.
  • Easpa cinnireachta ó lucht ceannais reatha maidir le polasaí i leith na Gaeilge arb iad an leithscéal, an mhoill agus an fhaillí a phríomhthréithe.
  • Útamáil agus siléig i leith na Gaeltachta.
  • Imeallú agus cúngú ar ionad na teanga san oideachas.
  • Constaicí córasacha á dtógáil in éadan úsáid réidh na teanga sa riarachán, sa dlí agus in iliomad réimse poiblí eile.
  • Easpa ginearálta urraime nó measa á léiriú ar an nGaeilge mar chuid den oidhreacht stairiúil, den réaltacht reatha, nó den bhfís chomhaimseartha sa mhéid gurb ann dá leithéid.

Ní scéal éadóchais agus ciniciúlachta ar fad é, ach, agus muid ag druidim le comóradh céad ó Éirí Amach na Cásca, ní féidir a mhaíomh go bhfuil staid na Gaeilge sa saol poiblí slán ná sláintiúil ná go bhfuil aon fhianaise gur feabhas atá i ndán di feasta.

Ar na cainteoirí agus na rannpáirtithe eile ag Scoil Gheimhridh 2015 beidh An tOllamh Seán Ó Coileáin, Regina Uí Chollatáin, Pádraig B Ó Laighin, Máire Mhic Niallais, Sorcha Ní Chéilleachair, Fil Uí Dhubhghaill, Anna Ní Ghallachair, Julian de Spáinn agus Harry Mc Gee; chomh maith le Úna Nic Éinrí, Pádraig Ó Cearbhaill agus Órlaith Ní Bhriain.

I measc na leabhar a seolfar le linn na scoile, tá leabhar aistí scolártha ar Mháire Mhac an tSaoi agus ceann ar stair an chomhlacht foilsitheoireachta, Sáirséal agus Dill. Cian Ó hÉigeartaigh agus Pádraig Ó Héalaí faoi seach a sheolfaidh na leabhair seo i nGailearaí na Cathrach ar Chearnóg Pery, iarnóin an tSathairn. Beidh gné láidir Luimníoch ag baint arís i mbliana le maidin an Domhnaigh.

Beidh deis an chathair a shiúl, Club Merriman agus go leor imeachtaí eile mar chuid de Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2015 i Luimneach — caint agus comhrá, ceol agus spraoi, rógaireacht agus ragairne. Bí ann mar is cathair mar a tuairisc í Luimneach, cathair mhór spóirt agus scléipe!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

Clár

Suíomh

Is in Óstán an Strand a bheidh imeachtaí go léir na Scoile (seachas Cuairt na Cathrach, gan dabht).

Dé hAoine 30 Eanair

5.30 Clárú
Óstán an Strand, Cathair Luimnigh
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil. Urraithe ag Óstán an Strand agus Cumann Merriman.
8.15 Oscailt na Scoile
An tOllamh Seán Ó Coileáin, Ollamh Emeritus le Nua‑Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
8.30 Léachtaí
Pobal na Gaeilge: Comhthéacs na Staire agus an Comhthéacs Reatha
An Dr Regina Uí Chollatáin, Léachtóir Sinsearach le Nua‑Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
An Dr Pádraig B. Ó Laighin, Comhalta Taighde, Ionad Taighde na hEolaíochta Comhdhaonnaí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
10.30 Club Merriman
Ceol, amhráin agus rince.
Reachtaire: an Dr Órlaith Ní Bhriain, Dámh Chruinne Éireann Ceol agus Rince, Ollscoil Luimnigh.

Dé Sathairn 31 Eanair

10.30 Siompóisiam – An Pobal Gaeltachta
Máire Mhic Niallais, Cathaoirleach Chomharchumann Forbarha Ghaoth Dobhair.
Sorcha Ní Chéilleachair, Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Fil Uí Dhubhghaill, Iar‑Phríomhoide, Scoil Cholmcille, An Tulach, Conamara.
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
2.30 Seoladh dhá leabhar le Cló Iar-Chonnacht
Ionad: Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh, i gCearnóg Pery, Luimneach.
‘Miorúilt an Pharóiste: Aistí ar Fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi’, in eagar ag Louis de Paor.
Cainteoir: Cian Ó hÉigeartaigh.
‘Sáirséal agus Dill 1947 1981: Scéal Foilsitheora’, le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.
Cainteoir: An tOllamh Pádraig Ó Héalaí.
8.30 Painéal – An Pobal Spragaithe
Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus Stiúrthóir Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhá Nuad.
Julian de Spáinn, Ard‑Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
Harry Mc Gee, Comhfhreagraí polaitiúil, ‘The Irish Times’.
10.30 Club Merriman
Ceol, amhráin agus rince.
Reachtaire: an Dr Órlaith Ní Bhriain, Dámh Chruinne Éireann Ceol agus Rince, Ollscoil Luimnigh.

Dé Domhnaigh 1 Feabhra

11.15 Clabhsúr na Scoile – Caint agus Amhráin
‘Filí Luimnigh gan iomrá’ leis an Dr Úna Nic Éinrí, Iar‑Léachtóir le Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
Amhráin leis an Dr Pádraig Ó Cearbhaill.

Imeachtaí breise

Seoladh leabhar de chuid Foilseacháin Ábhair Spioradálta

‘Srapnal’, cnuasach filíochta le Pól Ó Muirí.

‘Conair na Fraince go Santiago’ Fraic Mac Brádaigh.
Ionad: Áras Íde, Sráid Thomáis.
Am: 4.30 i.n.
Cainteoir: Helen Ó Murchú.

Leabhra Feabhra

Seo féile nua ar fhéilire na nGael. Níl le déanamh agat ach leabhar Gaeilge a cheannach agus é a bhronnadh ar dhuine ar Lá’l Bríde. Bíodh d’fhéiríní leabhar leat — nó ceannaigh ag an Scoil iad! — agus bronn ar do chairde iad maidin an Domhnaigh ag Clabhsúr na Scoile.

Cainteoirí

Le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Fearg ar na Merrimen faoi staid na Gaeilge sa saol poiblí!

Don dara bliain as a chéile, reachtáilfear Scoil Gheimhridh Merriman i gcathair Luimnigh, deireadh seachtaine na Féile Bríde, 30 Eanáir go 1 Feabhra (Aoine go Domhnach). Is in Óstán an Strand ar Bhóthar na hInse i gCathair Luimnigh a bheidh príomhimeachtaí na Scoile le hócáid speisialta i nGailearaí na Cathrach iarnóin an tSathairn. ‘An Ghaeilge sa Saol Poiblí’ téama Scoil Gheimhridh 2015.

Ag meabhrú ar éirí as an Chraoibhín mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard‑Fheis 1915 i nDún Dealgan de bharr aidhm pholaitíochta a bheith á chur le Bunreacht an Chonartha, agus ar imeallú na Gaeilge lenár linn féin sa dioscúrsa poiblí, sa pholaitíocht agus sna mórmheáin, braitheann Cumann Merriman gur mithid seasamh na Gaeilge sa saol poiblí a phlé.

I measc na dtéamaí a ritheann linn tá:

  • An dóchas agus an spiorad deafach blianta na hathbheochana roimh bhunú an Stáit dhúchais.
  • Stair chasta na n‑iarrachtaí athbheochana ó baineadh amach neamhspleáchas polaitiúil.
  • Easpa cinnireachta ó lucht ceannais reatha maidir le polasaí i leith na Gaeilge arb iad an leithscéal, an mhoill agus an fhaillí a phríomhthréithe.
  • Útamáil agus siléig i leith na Gaeltachta.
  • Imeallú agus cúngú ar ionad na teanga san oideachas.
  • Constaicí córasacha á dtógáil in éadan úsáid réidh na teanga sa riarachán, sa dlí agus in iliomad réimse poiblí eile.
  • Easpa ginearálta urraime nó measa á léiriú ar an nGaeilge mar chuid den oidhreacht stairiúil, den réaltacht reatha, nó den bhfís chomhaimseartha sa mhéid gurb ann dá leithéid.

Ní scéal éadóchais agus ciniciúlachta ar fad é, ach, agus muid ag druidim le comóradh céad ó Éirí Amach na Cásca, ní féidir a mhaíomh go bhfuil staid na Gaeilge sa saol poiblí slán ná sláintiúil ná go bhfuil aon fhianaise gur feabhas atá i ndán di feasta.

Ar na cainteoirí agus na rannpáirtithe eile ag Scoil Gheimhridh 2015 beidh An tOllamh Seán Ó Coileáin, Regina Uí Chollatáin, Pádraig B Ó Laighin, Máire Mhic Niallais, Sorcha Ní Chéilleachair, Fil Uí Dhubhghaill, Anna Ní Ghallachair, Julian de Spáinn agus Harry Mc Gee; chomh maith le Úna Nic Éinrí, Pádraig Ó Cearbhaill agus Órlaith Ní Bhriain.

I measc na leabhar a seolfar le linn na scoile, tá leabhar aistí scolártha ar Mháire Mhac an tSaoi agus ceann ar stair an chomhlacht foilsitheoireachta, Sáirséal agus Dill. Cian Ó hÉigeartaigh agus Pádraig Ó Héalaí faoi seach a sheolfaidh na leabhair seo i nGailearaí na Cathrach ar Chearnóg Pery, iarnóin an tSathairn. Beidh gné láidir Luimníoch ag baint arís i mbliana le maidin an Domhnaigh.

Beidh deis an chathair a shiúl, Club Merriman agus go leor imeachtaí eile mar chuid de Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2015 i Luimneach — caint agus comhrá, ceol agus spraoi, rógaireacht agus ragairne. Bí ann mar is cathair mar a tuairisc í Luimneach, cathair mhór spóirt agus scléipe!

CRÍOCH

Press release in English

START

To follow.

END