Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2014

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

An Cultúr Gaelach — ó Luimneach go Leòdhas

Dátaí
31 Eanair go 2 Feabhra
(Aoine go Domhnach).
Téama
An Cultúr Gaelach — ó Luimneach go Leòdhas.
Ionad
Óstán an Strand, Bóthar na hInse, Cathair Luimnigh.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Liam Ó Dochartaigh.

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastal ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Forbhreithniú ar an Scoil

Don chéad uair i stair Chumann Merriman, reachtáilfear Scoil Gheimhridh 2014 i gcathair Luimnigh, deireadh seachtaine na Féile Bríde, 31 Eanáir go 2 Feabhra (Aoine go Domhnach). Is in Óstán an Strand ar Bhóthar na hInse i gCathair Luimnigh a bheidh príomhimeachtaí na Scoile.

Bhí sé thar am ag an gCumann scoil a reachtáil i Luimneach tharla gurbh i gcathair Luimnigh a d’éag Brian Merriman, ar Satharn an 27ú Iúil 1805. Is mar mhúinteoir matamaitice etc. a tugadh suntas dó tráth a bháis áfach, gan suim ag nuachtán áitiúil a thug tuairisc a bháis gurbh é a chum Cúirt an Mheán Oíche, an dán grinn is mó le rá sa Ghaeilge agus i litríocht na hÉireann fré chéile.

Luimneach, Cathair an Chultúir 2014

Bliain an Chultúir í an bhliain 2014 i Luimneach agus is mar gheall air seo a bheartaigh Cumann Merriman an Scoil Gheimhridh a reachtáil i Luimneach agus an Cultúr Gaelach mar ábhar phléite againn.

Beidh béim ar dhúchas Gaelach Luimnigh, idir chathair agus chontae, ag an Scoil Gheimhridh agus Luimnígh iomráiteacha páirteach, mar atá Helen Ó Murchú, Gearóid Ó Tuathaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Pádraig Ó Cearbhaill agus an píobaire Mickey Dunne.

Cuirfear bun láidir faoi phlé ar ábhar na Scoile oíche Aoine tráth a labhróidh Peadar Mac Cuillinn, aniar as Ollscoil Notre Dame, bunáit cheannródaíoch léann na Gaeilge i Meiriceá, ar thuiscintí i bhfilíocht na Gaeilge ar chultúr agus ar bhéasaíocht.

An cultúr Gaelach lasmuigh d’Éirinn

Is fairsinge ná Éirinn réim an chultúir Ghaelaigh, mar sin beidh gné láidir Albanach mar chuid de Chlár na Scoile le cuairteoirí aduaidh chugainn thar Shruth na Maoile (an craoltóir Alan Esslemont, an fonnadóir Màiri Nic a’ Ghobhainn agus an scothpíobaire Ailean Domhnallach).

Beidh Cuairt na Cathrach, Club Merriman agus go leor imeachtaí eile mar chuid de Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2014 i Luimneach — caint agus comhrá, ceol agus spraoi, rógaireacht agus ragairne… Bí ann mar is cathair mar a tuairisc í Luimneach, cathair mhór spóirt agus scléipe!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

Clár

Suíomh

Is in Óstán an Strand a bheidh imeachtaí go léir na Scoile (seachas Cuairt na Cathrach, gan dabht).

Dé hAoine 31 Eanair

5.30 Clárú
Óstán an Strand, Cathair Luimnigh
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil.
8.15 Oscailt na Scoile
Helen Ó Murchú.
8.30 Léachtaí
Peadar Mac Cuillinn; Ollscoil Notre Dame, S.A.M..
An Cultúr Gaelach agus an Bhéasaíocht san Ochtú Céad Déag.
An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh; Ollamh emeritus le Stair, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Oidhreacht na Gaeilge i Luimneach: Léargas Pearsanta ar Ré de Valera.
10.30 Club Merriman
Ceol, amhráin agus rince.

Dé Sathairn 1 Feabhra

10.30 Siompóisiam
Alan Esslemont, Ceannard Phrògraman, BBC ALBA / MG ALBA:
BBC ALBA agus TG4 — Gaeil, Gaill agus teilifís náisiúnta.
An tOllamh Máire Ní Annracháin, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath:
Cairde gaoil agus cairde Gael — an litríocht ina scáthán idir Éire agus Alba.
An Dr Sorcha Nic Lochlainn, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath:
Amhráin na nGael mar léargas ar an stair choiteann.
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.
1.00 Imeacht le fógairt
Tá faisnéis mar gheall ar an mír seo le teacht.
2.30 Cuairt na Cathrach
Le Síle de Cléir, Rannóg na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.
8.30 Léacht léirithe
An Dochtúr Síle Denvir:
Gaol Gairid: Amhráin agus Ceol na nGael.
Rannphártithe eile: Màiri Nic a’ Ghobhainn, Ailean Domhnallach (an phíob mhór), Muireann Nic Amhlaoibh agus Lillis Ó Laoire.
10.30 Club Merriman
Ceol, amhráin agus rince.

Dé Domhnaigh 2 Feabhra

11.15 Clabhsúr na Scoile
Nuala Ní Dhomhnaill.
Pádraig Ó Cearbhaill
Mickey Dunne (píobaire)

Cainteoirí

Síle de Cléir
Mionbheathaisnéis le teacht.
Síle Denvir
Mionbheathaisnéis le teacht.
Ailean Domhnallach
Mionbheathaisnéis le teacht.
Mickey Dunne
Mionbheathaisnéis le teacht.
Alan Esslemont
Mionbheathaisnéis le teacht.
Peadar Mac Cuillinn
Mionbheathaisnéis le teacht.
Máire Ní Annracháin
Mionbheathaisnéis le teacht.
Nuala Ní Dhomhnaill
Mionbheathaisnéis le teacht.
Máire Ní Neachtain
Mionbheathaisnéis le teacht.
Màiri Nic a’ Ghobhainn
Mionbheathaisnéis le teacht.
Muireann Nic Amhlaoibh
Mionbheathaisnéis le teacht.
Sorcha Nic Lochlainn
Mionbheathaisnéis le teacht.
Pádraig Ó Cearrbhaill
Mionbheathaisnéis le teacht.
Liam Ó Dochartaigh
Mionbheathaisnéis le teacht.
Lillis Ó Laoire
Mionbheathaisnéis le teacht.
Helen Ó Murchú
Mionbheathaisnéis le teacht.
Gearóid Ó Tuathaigh
Mionbheathaisnéis le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Don chéad uair i stair Chumann Merriman, reachtáilfear Scoil Gheimhridh 2014 i gcathair Luimnigh, deireadh seachtaine na Féile Bríde, 31 Eanáir go 2 Feabhra (Aoine go Domhnach). Is in Óstán an Strand ar Bhóthar na hInse i gCathair Luimnigh a bheidh príomhimeachtaí na Scoile.

Bliain an Chultúir í an bhliain 2014 i Luimneach agus is mar gheall air seo a bheartaigh Cumann Merriman an Scoil Gheimhridh a reachtáil i Luimneach agus an Cultúr Gaelach mar ábhar phléite againn.

Bhí sé thar am ag an gCumann scoil a reachtáil i Luimneach tharla gurbh i gcathair Luimnigh a d’éag Brian Merriman, ar an Satharn an 27ú Iúil 1805. Is mar mhúinteoir matamaitice etc. a tugadh suntas dó tráth a bháis áfach, gan suim ag nuachtán áitiúil a thug tuairisc a bháis gurbh é a chum Cúirt an Mheán Oíche, an dán grinn is mó le rá sa Ghaeilge agus i litríocht na hÉireann fré chéile.

Beidh béim ar dhúchas Gaelach Luimnigh, idir chathair agus chontae, ag an Scoil Gheimhridh agus Luimnígh iomráiteacha páirteach, mar atá Helen Ó Murchú, Gearóid Ó Tuathaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Pádraig Ó Cearbhaill agus an píobaire Mickey Dunne.

Cuirfear bun láidir faoi phlé ar ábhar na Scoile oíche Aoine tráth a labhróidh Peadar Mac Cuillinn, aniar as Ollscoil Notre Dame, bunáit cheannródaíoch léann na Gaeilge i Meiriceá, ar thuiscintí i bhfilíocht na Gaeilge ar chultúr agus ar bhéasaíocht, agus tabharfaidh an staraí cáiliúil, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Luimníoch ó dhúchas, léargas pearsanta ar oidhreacht na Gaeilge i Luimneach i ré de Valera.

Is fairsinge ná Éirinn réim an chultúir Ghaelaigh; beidh gné láidir Albanach mar chuid de Chlár na Scoile le cuairteoirí aduaidh chugainn thar Shruth na Maoile, an craoltóir Alan Esslemont, an fonnadóir Màiri Nic a’ Ghobhainn agus an scothpíobaire Ailean Domhnallach.

Pléifidh Alan Esselmont, an tOllamh Máire Ní Annracháin agus Sorcha Nic Lochlainn gnéithe de chraoltóireacht, de litríocht agus d’amhráin na Gàidhlice — agus na Gaeilge — ag siompóisiam mhaidin an tSathairn.

Beidh oíche mhór ann tráthnóna Dé Sathairn mar a ndéanfaidh an Dr Sile Denvir cur síos ar amhráin agus ar cheol na nGael. Beidh ábhar a cuid cainte á léiriú ag Màiri Nic a’ Ghobhainn, fonnadóir as oileán Leòdhais, Ailean Domhnallach, máistir ar an ‘gceol mór’ (píobrach clasaiceach na hAlban), Muireann Nic Amhlaoibh agus Lillis Ó Laoire.

Maidin an Domhnaigh, beidh Cúirt Éigse na Scoile ann faoin teideal ‘Cuimhnigh ar Luimneach’. Léifidh Nuala Ní Dhomhnaill rogha dánta léi féin, cloisfear roinnt d’amhráin mhóra na Gaeilge ó Phádraig Ó Cearbhaill, agus casfaidh an píobaire áitiúil Mickey Dunne foinn agus ceol rince a luaitear le Luimneach.

Beidh Cuairt na Cathrach, Club Merriman agus go leor imeachtaí eile mar chuid de Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2014 i Luimneach — caint agus comhrá, ceol agus spraoi, rógaireacht agus ragairne… Bí ann mar is cathair mar a tuairisc í Luimneach, cathair mhór spóirt agus scléipe!

CRÍOCH

Press release in English

START

For the very first time in the history of Cumann Merriman, the annual Scoil Gheimhridh or Winter School (established January 1969) will be held in Limerick City on the weekend of 31 January to 2 February. The principal location will be the Strand Hotel on the Ennis Road.

It was high time for Cumann Merriman to hold a Winter School in Limerick as it was in Limerick City, in Old Clare Street in the Irishtown, that Brian Merriman died on Saturday, 27th July 1805. In the local newspaper which carried the notice of his death, he was described as a teacher of Matamatics etc.; there was no reference to him as author of Cúirt an Mheán Oíche (The Midnight Court), the most famous comedic poem in the Irish language and arguably in all of Irish literature.

As national City of Culture for 2014, this is to be a year of cultural celebration in Limerick. Consequently, Cumann Merriman decided to hold its annual Scoil Gheimhridh in Limerick to coincide with the City of Culture designation. As our Winter School is an Irish language event with a strong bilingual or multilingual fringe, our theme will be Gaelic, or Irish language, Culture.

There will be particular emphasis on Limerick’s Gaelic heritage, both city and county. Notable Limerick people participating will be educationalist Helen Ó Murchú, noted historian Gearóid Ó Tuathaigh, internationally acclaimed poet Nuala Ní Dhomhnaill, sean nós singer Pádraig Ó Cearbhaill and the renowned piper Mickey Dunne.

Our opening speaker on Friday evening 31st January, will be Peter Mc Quillan, a professor of Irish in the University of Notre Dame, the leading centre of Irish language scholarship in the United States. He will discuss ideas of culture and civility in eighteenth century Irish poetry. The same evening, Professor Gearóid Ó Tuathaigh will give a personal perspective on Limerick’s Gaelic heritage in the de Valera era.

Historically, the Irish language and culture had a wider range than the island of Ireland. There will be a strong Scottish element in the programme of the Scoil Gheimhridh with visitors coming from Scotland (the broadcaster Alan Esslemont, the noted traditional singer Màiri Nic a’ Ghobhainn (Màiri Smith) and the Scots piper Ailean Domhnallach (Allan McDonald)). Alan Esslemont, Professor Máire Ní Annracháin and Sorcha Nic Lochlainn will discuss aspects of Scottish Gaelic broadcasting, literature and song tradition at Saturday morning’s symposium along with analogies from the Irish experience and tradition.

On Saturday evening, Síle Denvir will speak about the Scottish and Irish traditions of music and song. This talk will be illustrated with contributions from Màiri Nic a’ Ghobhainn (singer from the Isle of Lewis), Ailean Domhnallach (Scots piper), Lillis Ó Laoire (singer from Donegal) and Muireann Nic Amhlaoibh (singer from Corca Dhuibhne, west Kerry).

The Sunday morning session will be an entirely Limerick affair with Nuala Ní Dhomhnaill reading her own poetry, classic Irish language songs from Pádraig Ó Cearbhaill, and Mickey Dunne with a selection of Limerick-themed airs and dance music on the uilleann pipes.

There will be a walking tour of historic Limerick, Club Merriman each evening, and many other goings on during the Merriman Winter School 2014 in Limerick — good conversation and juicy sca, conviviality and ‘ball-hopping’, and music and song. It’s expected Limerick will live up to its reputation for fun and games, and a good time to be had by all.

END