Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2012

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Comhar @ 70: Borradh sa Litríocht

Dátaí
27 – 29 Mí Eanáir 2012.
Téama
Comhar @ 70: Borradh sa Litríocht.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Deirdre Nic Mhathúna, Coláiste Phádraig Dhroim Chonrach.
Ionad
Óstán Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastail ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

An coiste áitiúil

  • Úna Uí Chuinn (Cathaoirleach)
  • Máire Uí Néill
  • Proinsias Ó hAodha
  • Éamonn Ó Gionnáin

Clár

Ionaid

Is in Óstán Westport a bheidh na himeachtaí go léir ach Seoladh Chomhar@70: Móreagrán Comórtha, a bheidh ar siúl i bPáirc Spóirt, Spraoi agus Sláinte Chathair na Mart.

Dé hAoine 27 Eanáir

5.30 Clárú
Óstán Westport, Cathair na Mart
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile
Cathal Goan. Cathaoirleach, Bord Chomhar Teoranta
8.30 Léacht
Cruthú, clampar agus conspóid: Comhar mar lárionad cointinne sa litríocht
An tOllamh Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
10.30 Club Merriman
Ceol le Gráinne Mhaol
Fear a’ Tí: Máirtín Mac Donnchadha

Dé Sathairn 28 Eanáir

10.30 Siompóisiam
Fís na bhFocal
Meadhbh Ní Eadhra, scríobhneoir agus iriseoir:
Ar Thóir na Fírinne: Dúshláin agus Buaicphointí na hIriseoireachta agus na Scríbhneoireachta
Eilís Ní Dhúill, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
Réim an Jazz agus Banealaíontóirí Comhair
Fionntán de Brún, Ollscoil Uladh:
Raic agus ról na léirmheastóireachta: an comhar atá amuigh orainn
Cathaoirleach: Liam Mac Amhlaigh.
12.30 Seoladh Taispeántas ealaíne ilmheáin
‘Comhar@70’
2.15 Seoladh Foilseacháin
Comhar@70: Móreagrán Comórtha
Cainteoir: Seosamh Ó Murchú
Léamha: Muiris Ó Meara, Caitríona Ní Chléirchín agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh (Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge)
Reachtaire: Ríona Nic Congáil
8.30 Léacht
Na Geilt i mBun an Tí: Foilsitheoireacht agus Litríocht na Gaeilge
Cainteoir: Darach Ó Scolaí, Údar agus Foilsitheoir
Cathaoirlach: Máire Ní Neachtain
11.30 Club Merriman
Ceol le Gráinne Mhaol
Fear a’ Tí: Máirtín Mac Donnchadha

Dé Domhnaigh 29 Eanáir

11.15 Cúirt Éigse na Scoile
Sleachta as Comhar
Léitheoirí: Gréagóir Ó Dúill, Doireann Ní Bhriain agus Liam Ó Dochartaigh
Ceol: Laoise Kelly, cruitire

Cainteoirí

Fionntán de Brún
Tá an Dr Fionntán de Brún ina stiúrthóir ar an chéim B.Eal. sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin/ Béal Feirste. Is é údar Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (2002), Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (2005) agus Belfast and the Irish Language (2006). Foilsíodh ailt leis le déanaí ar an fhile, Aodh Mac Domhnaill (1802 go 1867), agus ar dhála na Gaeilge i ndiaidh bhunú Thuaisceart Éireann. Tá monagraf idir lámha aige ar an athbheochanachas agus an Gotachas i litríocht na Gaeilge.
Cathal Goan
Faisnéis le teacht.
Laoise Kelly
Is as Cathair na Mart do Laoise , duine de mhórchruitirí na hÉreann. Rinne sí turasanna ceoil ar fud an domhain chuig an bhFéile domhdana Cruite i bParagua in 2009 agus chun na Nua Shéalainne le Dónal Lunny in 2010 ina measc. Tá a cuid ceoil ar bhreis is leathchéad albam agus d’eisigh sí Ceis, albam aonair dá cuid sa bhliain 2010. Foilsíodh Just Harp in 1999.
Liam Mac Amhlaigh
Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge é Liam i gColáiste Oideachais Froebel, comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide é. Tá suim thaighde aige i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge, ealaín an ghearrscéil Ghaeilge, saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain agus filíocht chomhaimseartha na Nua-Ghaeilge. Foilsíodh a chéad úrscéal dó in 2006, Teach na gColúr (Comhar), duaisbhuaiteoir i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain chéanna agus an leabhar faisnéise Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life) in 2008. Foilseofar a thráchtas dochtúireachta ar shaothar foclóireachta na Nua-Ghaeilge san fhichiú haois go luath. Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.
Ríona Nic Congáil
Is léachtóir le Gaeilge í Ríona Nic Congáil i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.Tá trí leabhar do dhaoine óga scríofa aici: An Túr Solais (2004), An Leabhar Órga (2006) agus Saol an Mhadra Bháin (2011). Is é Úna Ní Fhaircheallaighagus an Fhís Útóipeach Ghaelach (2010) an leabhar acadúil is déanaí ónapeann, agus bhronn an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann duais Leabhar Taighde na Bliana ar an leabhar seo sa bhliain 2011.
Deirdre Nic Mhathúna
Is léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, í an Dr Deirdre Nic Mhathúna. Is iad na sainréimsí taighde atá aici ná filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha. Tá spéis mhór aici i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i dtraidisiúin bhéil agus scríofa an cheantair. Tá sí ina Rúnaí ar Chumann Merriman agus ina Cisteoir ar Studia Hibernica.
Doireann Ní Bhriain
Comhairleoir ealaíne, craoltóír agus oiliúnaí gutha is ea Doireann. Chaith sí blianta fada ag obair le RTÉ mar láithreoir teilifíse agus mar láithreoir agus léiritheoir ar chláir raidió. Bíonn sí ag obair mar chomhairleoir ealaíne neamhspleach, mar chraoltóir ocáidiúil le RTÉ agus le TG4 agus i réimse oiliúint gutha agus láithrithe do chraoltóirí . Is ball boird í Doireann de chuid Culture Ireland, Business2Arts agus an Temple Bar Cultural Trust. Tá sí ar choiste Chumann Merriman, is minic í ina Preasoifigeach do Scoileanna an Chumainn agus is í a stiúraigh Scoil Samhraidh 2007 (Mór idir na haimsearaibh’. Éire 1967 – 2007).
Eilís Ní Dhúill
Duine ildánach cruthaitheach is ea Eilís Ní, a bhfuil tréimhsí caite aice ag obair mar eagarthóir físe le TG4 agus mar léachtóir le Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ba é saothar an ealaíontóra físe Alice Maher ábhar a tráchtais M.A. Tá sí ag déanamh staidéir ar scannáin faisnéise TG4 faoi láthair mar chuid dá taighde dochtúireachta.
Maedhbh Ní Eadhra
Tá cónaí ar Mheadhbh sa Spidéal, Contae na Gaillimhe. D’ainneoin a hóige, is scríbhneoir cumasach aitheanta í Meadhbh cheana féin. Thar thréimhse de bhlianta, ba cholúnaí agus iriseoir rialta í leis na nuachtáin , Lá Nua agus Foinse agus, i láthair na huaire, scríobhann sí don nuachtán Gaelscéal. Foilsíodh an chéad úrscéal léi, Rua, nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois agus foilsíodh a duais-saothar Fáinne Fí Fífí, leabhar do dhéagóirí, i 2008. Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga 2008’. Níl insint ar líon na nduaiseanna atá gnóthaithe ag Meadhbh i gcomórtais liteartha an Oireachtais. Tá gradaim bronnta uirthi i seánraí éagsúla, idir phrós agus fhilíocht, agus iriseoireacht.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Rugadh Ailbhe i dTrá Lí, Contae Chiarraí. Tá cónaí uirthi anois sa Ghaillimh, mar a bhfuil sí mbun dochtúireachta. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua Eabhrac, i bPáras agus ar an mBuailtín. Scríobhann sí ó am go chéile in Beocheist san Irish Times. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi agus foilsíodh a céad chnuasach filíochta, Péacadh i 2008.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh . Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith sí trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair. Ba í a stiúraigh Scoil Gheimhridh 2010 (Ceiliúradh na ndeartháireacha: Ciarán agus Brian Ó Nualláin) agus Scoil Samhraidh 1999 (“Sing till I know you’: Song and singing in popular culture).
Gréagóir Ó Dúill
Is file é Gréagóir, a tógadh i gCo Aontrama. BA ar Ollscoil na Ríona aige, MA ar COÁ sa stair agus PhD ar Mhá Nuat sa Bhéarla aige. Chaith tréimhsí ag léachtóireacht sa litríocht chomhaimseartha agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach ar Ollscoil na Ríona, ar Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus ar Theach na hÉigse, an Fál Carrach. Seal ceithre bliana ina eagarthóir liteartha ar Comhar. Ar na leabhair is déanaí leis tá Annála (rogha dánta ag Comhar, 2011), Gracenotes (Seven Towers, 2011), Dán Nollag faoin Samhradh (Coiscéim, 2010), agus New Room Windows (Doghouse, 2008). Duaiseanna aige ar an chritic, ar an ghearrscéal agus ar an fhilíocht.
Muiris Ó Meara
Rugadh agus tógadh Muiris i mBaile Átha Cliath. Dhein sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. I láthair na huaire, tá sé ag gabháil de thaighde dochtúireachta faoi stiúir ag an Ollamh Gearóid Denvir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Liam Ó Dochartaigh
Is é Liam cathaoirleach reatha Chumann Merriman agus ba mhinic é mar Stiúrthóir ar an Scoil Gheimhridh. Is é a stiúraigh Scoil Samhraidh 2009 (An fada uainn fós Tír Tairngire?). Anois ar scor óna phost mar Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscolil Luimnigh. Bhí Liam i láthair ag an gcéad Scoil riamh de chuid Chumann Merriman agus tá baint aige leis an gCumann ó shin i leith. Tá an-spreagadh á thabhairt aige faoi láthair don bhfoireann sa tSeapáin atá i mbun leagan Seapánaise de Chúirt an Mheán Oíche a ullmhú.
Darach Ó Scolaí
Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir é Darach. Léirigh Slamandar, an compántas amharclannaíochta a bhunaigh sé a chuid dráimaí Coinneáil Orainn agus An Braon Anuas. D’fhoilsigh Leabhar Breac, an comhlacht foisitheoireachta a bhunaugh sé, An Cléireach, úrscéal a bhuaigh Duais an Oireachtais in 2007. Is é Darach stiúrthóir na chomhdhála Ealaín ar Oileán.
Alan Titley
Faisnéis le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

An daicheadú Scoil Gheimhridh

Déanfar bunú na hirise Comhar i 1942, agus 70 bliain de scríbhneoireacht dhúshlánach Ghaeilge ó shin i leith, a cheiliúradh ag Scoil Gheimhridh 2012 i gCathair na Mart ón 27ú go 29ú Eanáir. Is tráthúil go mbeadh baint ag Cumann Merriman leis an gcomóradh seo tharla roinnt mhaith den chéad ghlúin d’eagarthóirí agus de scríbhneoirí Comhar a bheith chun tosaigh ina measc siúd a bhunaigh Cumann Merriman i 1967. Is é Cathal Goan, iar-Ard-Stiúrthóir RTÉ agus Cathaoirleach ar bhord Comhar a osclóidh an Scoil tráthnóna Aoine.

Is é seo an ceathrú Scoil Gheimhridh is daichead as a chéile ag Cumann Merriman agus is in Óstán Westport i gCathair na Mart a bheidh formhór na n-imeachtaí. Is iad Deirdre Nic Mhathúna (Coláiste Phádraig, Droim Conrach) agus Máire Ní Neachtain (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach) stiúrthóirí na Scoile agus tá clar an-taitneamhach curtha le cheile acu don deireadh seachtaine. Alan Titley agus Darach Ó Scolaí a thabharfaidh mórléachtaí na Scoile ar ghnéithe de scríbhneoireacht, de litríocht agus d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge tráthnóna Aoine agus Sathairn. Beidh trácht ar neart conspóidí agus ar an ngreann a bhaineann le saol na foilsitheoireachta sa nGaeilge.

Beidh siompóisiam an-suimiúil maidin an tSathairn (‘Fís na bhFocal’) mar a gcloisfear Meadhbh Ní Eadhra (scríbhneoir agus iriseoir), Eilís Ní Dhúill (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) agus Fionntán de Brún (Ollscoil Uladh) ag trácht ar an iriseoireacht, an léirmheastóireacht, agus an ealaíon a facthas san iris i gcaitheamh na mblianta.

Ar an iris féin Comhar a bheidh an bhéim sa dá sheisiún eile, iarnóin an tSathairn (i bPáirc Spóirt, Spraoi agus Sláinte Chathair na Mart) agus maidin Domhnaigh. Seolfar móreagrán comórtha den iris ar an Satharn; léifidh scríbhneoirí óga cuid dá saothar ag an seisiún seo. Maidin Domhnaigh beidh sleachta as Comhar thar na blianta á léamh ag Gréagóir Ó Dúill, Doireann Ní Bhriain agus Liam Ó Dochartaigh. Seinnfidh an cruitire iomráiteach Laoise Kelly ag seisiún an Domhnaigh chomh maith.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag Scoil Gheimhridh seo Chumann Merriman i gCathair na Mart le béim faoi leith i mbliana ar cheol agus ar cheoltóirí Mhaigh Eo. Beidh Máirtín Mac Donnchadha (Raidió na Gaeltachta, tráth) ina fhear an tí dhá oíche Chlub Merriman le fonnadóirí áitiúla. Gráinne Mhaol a bheas i mbun an cheoil.

Cuirtear fáilte roimh iarratais do chlárú mar bhall de Chumann Merriman. €25.00 an táille bhliantúil do 2012. Cabhraíonn na táillí ballraíochta leis na costais a bhaineann le reachtáil imeachtaí Chumann Merriman a ghlanadh.

CRÍOCH

Press release in English

START

The fortieth Merriman Winter School

Cumann Merriman will hold its 44th annual Winter School in Westport, from Friday to Sunday, the 27th to the 29th January 2012. The principal location will be Hotel Westport.

The theme of the 2012 Winter School is a commemoration of the founding of the Irish language monthly Comhar in 1942 and a celebration of creative and critical writing in Irish in the intervening 70 years. Practically all writers in Irish have been contribitors to Comhar since its foundation and many of the most important poems in modern Irish by poets such as Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin and Seán Ó Ríordáin were first published in Comhar.

There is evidence that Comhar is currently experiencing a very vibrant and vigorous phase and is a worthy successor to the monthly established by earlier generations.

The Directors of the 2012 Winter School are Deirdre Nic Mhathúna, St Patrick’s College, Drumcondra, and Máire Ní Neachtain, Mary Immaculate College, Limerick. It will be opened by Cathal Goan, former Director General of RTÉ.

Among the speakers at this year’s Winter School will be Cathal Goan, Professor Alan Titley (UCC), Darach Ó Scolaí (author and publisher) and Gréagóir Ó Dúill (poet). Other speakers will discuss Comhar as facilitator of creative and critical writing in Irish, as well as artistic design and illustration. Selected passages and poetry published in Comhar over the years will be read by Doireann Ní Bhriain and Liam Ó Dochartaigh. A special commemorative 70th anniversary volume of Comhar will also be launched during the weekend.

This year marks the 10th visit by the Merriman Winter School to Westport, which is widely accepted by Merriman devotees as the ideal and all-time favourite destination for the Winter School. The local committee of Úna Uí Chuinn, Máire Uí Néill, Proinsias Ó hAodha and Éamonn Ó Gionnáin deserve the highest praise for their highly effective work ‘on the ground’ before and during the Winter School.

The Merriman Winter School will include the customary sessions of traditional singing and conviviality, with particular emphasis this year on music and song of Mayo — by Mayo musicians or living in Mayo. Among them will be noted harpist Laoise Kelly on Sunday morning and ‘Gráinne Mhaol’at Club Merriman in Hotel Westport on Friday and Saturday evenings with Máirtín Mac Donnchadha as Fear a’ Tí.

END