Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2011

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Ceiliúradh na ndeartháireacha: Ciarán agus Brian Ó Nualláin

Dátaí
28 – 30 Eanáir 2011.
Téama
Ceiliúradh na ndeartháireacha: Ciarán agus Brian Ó Nualláin.
Stiúrthóir
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Ionad
Óstán Meyrick, Cathair na Gaillimhe.

Forbhreithniú ar an Scoil

Tá na socruithe do Scoil Gheimhridh Mherriman 2011 i ndáil le bheith réitithe! Ceiliúradh bheirt de dheartháireacha Uí Nualláin, Ciarán, a rugadh i 1910 agus Brian a rugadh i 1911: beirt a d’fhág lorg láidir ar shaol agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge.

Tabharfaidh an Dr Regina Uí Chollatáin léacht ar Chiarán agus labhróidh Séamas Mac Annaidh ar Bhrian. Beidh Máirtín Mac Donnchadha, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Ray Mac Mánais ag plé ceisteanna a bhaineann le deaslabharthacht agus greann sa Ghaeilge agus tabharfaidh Pádhraic Ó Ciardha agus Mícheál Ó Meallaigh léiriú praitciúil físiúil ar thuiscintí ar an ngreann faoi mar a léirítear ar scáileán TG4 iad ó bunaíodh an cainéal.

Tabharfar cuairt ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, tráth a gcuirfidh Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Fhlaithearta a gcuid dlúthdhioscaí nua i láthair na Scoile.

Beidh Club Mherriman faoi stiúir cheolmhar Johnny Phádhraic Phiotair Connolly agus Mharcais Uí Iarnáin ar bun chuile oíche, mar is iondúil.

Scoláireachtaí

Tá scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal. Is iondúil go riartar iad tríd Ranna Gaeilge na gColáistí agus na nOllscoileanna. Cuir tuairisc le Rúnaí na Roinne i d’Ollscoil féin nó déan teagmháil leis an Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

Clár

Ionaid

Is in Óstán Meyrick a bheidh na himeachtaí go léir, seachas Foinn agus Focail, a bheidh ar siúl i dTéatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dé hAoine 28 Eanáir

5.30 Clárú
Óstán Meyrick, An Fhaiche Mhór, Cathair na Gaillimhe
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile
An Scoil á seoladh go foirmeálta
An tOllamh Nollaig Mac Congáil
8.30 Léacht
Óige agus Aois an dearthár eile: Ciarán Ó Nualláin, scríbhneoir Gaeilge
Cainteoir: An Dochtúir Regina Uí Chollatáin
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain
10.30 Club Merriman
Ceol, craic agus rínce, le Johnny Connolly is Marcus Ó hIarnáin

Dé Sathairn 29 Eanáir

10.30 Siompóisiam
‘An Béal Beo’
Cainteoirí:
Máirtín Mac Donnchadha, RTÉ Raidió na Gaeltachta: ‘Dea-chaint agus Deisbhéalaíocht’
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Coláiste Phádraig, Droim Conrach: ‘”Clodhoppers, Knickerbockers and Rabid Gaelic Leaguers”: An tOireachtas, na Feiseanna agus na healaíona béil’
Ray Mac Mánais, Príomhoide, Gaelscoil Míde: ‘An tAgallamh Fileata Canta’
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.
2.15 Foinn agus Focail
Seisiún amhránaíochta, agallamh beirte agus lúibíní
Foinn: Máire Ní Choilm agus Mairéad Ní Fhlatharta
Focail (1): Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill
Focail (2): Traolach Ó Conghaile agus Seán Ó Gráinne
Focail (3): Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin
8.30 Léacht
Béal Bocht nó Crúiscín Lán — Brian Ó Nualláin, údar idir dhá chomhairle
Cainteoir: Séamas Mac Annaidh, Úrscéalaí agus Staraí
Cathaoirlach: Liam Ó Dochartaigh
11.30 Club Merriman
Ceol, craic agus rínce, le Johnny Connolly is Marcus Ó hIarnáin

Dé Domhnaigh 30 Eanáir

11.15 Agallamh Léirithe
‘TG4: Scáileán an Ghrinn’
Á chur i láthair ag: Pádhraic Ó Ciardha agus Micheál Ó Meallaigh

Cainteoirí

Johnny Phádraic Phíotair Connolly
Is as Inis Bearacháin, amach ó chosta Leitir Móir in iarthar Chonamara, do Johnny — Johnny Phádraic Phíotair mar a thugtar air i gceantar Chonamara. Duine de na boscadóirí is fearr in Éirinn é Johnny, agus bíonn an-tóir ag pobal Chonamara agus ag lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta air. Tá riar dlúthcheirní eisithe aige.
Séamas Mac Annaidh
Údar agus staraí is ea Séamas. Thug sé tréimhse ina eagarthóir liteartha ar . I measc a chuid saothair tá an triológ úrscéalta osréalacha, Cuaifeach mo Lon Dubh Buí, Mo Dhá Mhicí agus Rubble na Mickies; an cnuasach gearrscéalta, Féirín, Scéalta agus Eile; agus an t-úrscéal An Deireadh. D’fhoilsigh Parragon Plus a leabhar staire, Irish History Micropedia, i Mí Feabhra 2002.
An tOllamh Nollaig Mac Congáil
Ollamh i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is ea Nollaig. Déanann sé speisialtóireacht acadúil d’irisí agus nuachtáin na Gaeilge, canúineolaíocht, scríbhneoireacht na gConallach, litríocht réigiúnach, gramadach na Nua-Ghaeilge, bibleagrafaíocht agus litríocht na Nua-Ghaeilge i bhFoirm Aistrithe. Ceapadh é mar Mheabhránaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí.
Máirtín Mac Donnchadha
Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta is ea Máirtín. Eisean a dhéanann cúram de chláir Ghaeltachtaí Mhaigh Eo. Tá spéis ar leith aige sa drámaíocht agus sa chaint bheo.
Ray Mac Mánais
Bunmhúinteoir is ea Ray, a bhfuil cáil náisiúnta bainte amach aige i réimse na lúibíní agus na n-agallamh beirte.
Máire Ní Choilm
Amhránaí sean-nóis ó Ghaoth Dobhair is ea Máire. Tá sí ag obair mar theagascóir de chuid Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Buaiteoir Chomórtas Amhránaíochta na mBan, ag an Oireachtas, í. Seoladh a dlúthdhiosca Nuair a Théid sé fán Chroi le déanaí.
Máiréad Ní Fhlatharta
Is as an Spidéal do Mhairéad. Bunmhúinteoir agus amhránaí sean-nóis is ea í. Sheol sí dluthdhiosca, Ó ‘Chaon Taobh i ndeireadh 2010. Tá duaiseanna buaite aici san amhránaíocht agus sna hagallaimh bheirte ag an Oireachtais.
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh
Baile Átha Cliathach is ea Éadaoin. Tá sí ag teagasc i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, faoi láthair. Bhí sí ina comh-eagarthóir le Nollaig Mac Congháil ar an leabhar Drámaí Thús na hAthbheochana.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith Máire trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair.
Pádhraic Ó Ciardha
Is é Pádhraic Leas-Cheannaire TG4. Bhí baint lárnach aige i mbunú an chainéil sin. Is as Cnoc na hAille, i gCeantar Chois Fharraige dho.
Liam Ó Dochartaigh
Cathaoirleach reatha Chumann Merriman agus Stiúrthóir rialta ar an Scoil Gheimhridh. Anois ar scor óna phost mar Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscolil Luimnigh. Bhí Liam i láthair ag an gcéad Scoil riamh de chuid Chumann Merriman agus tá baint aige leis an gCumann ó shin i leith. Tá an-spreagadh á thabhairt aige faoi láthair don bhfoireann sa tSeapáin atá i mbun leagan Seapánaise de Chúirt an Mheán Oíche a ullmhú.
Marcus Ó hIarnáin
Duine de mhuíntir cheolmhar Iarnáin as Roisín na Mainiach, Iorras Aithneach, in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe. Ceoltóir is ea é, a chasann an fheadóg mhór. D’eisigh sé féin is dheartháir, an boscadóir P.J., dlúthdhiosca dar teideal An Chearc Fhraoigh ar a bhfuil trí fhonn is fiche a chum Marcus féin. Déanann agus díolann sé feadóga móra.
Mícheál Ó Meallaigh
Stiúirthóir Coimisiúnaithe le TG4 is ea Mícheál. Déanann cúram ar leith den drámaíocht agus den tsiamsaíocht. Is as Leitir Mhic a’ Bhard, Tír Chonaill, do.
An Dochtúir Regina Uí Chollatáin
Is as Tír Chonaill do Regina agus is léachtóir í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá sí ina Stiúrthóir ar Lár-ionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge. Déanann sí speisialtóireacht d’iriseoireacht chraolta agus chlóite, staidéar na meán, scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge agus an Ghaeilge ar an scáileán. Is í údar An Claidheamh Solais agus Fáinne an Lae.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Rugadh Ciarán Ó Nualláin i 1910 agus a dheartháir Brian i 1911. Déanfar comóradh ar an mbeirt deartháireacha seo ag Scoil Gheimhridh 2011, a reachtáilfear i nGaillimh ón 29ú go 31ú Eanáir. Ós rud é go luaitear an greann leis na scríbhneoirí seo (Amaidí agus An Béal Bocht), pléifear, chomh maith, gnéithe de shaothrú an ghrinn lenár linn féin sa mbéal beo (m.sh. lúibíní agus agallaimh bheirte) agus ar TG4.

Is é seo an tríú Scoil Gheimhridh is daichead as a chéile ag Cumann Merriman agus is in Óstán Meyrick, an Fhaiche Mhór, Gaillimh (091 564 041) a bheidh formhór na n-imeachtaí. Is í Máire Ní Neachtain (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach) Stiúrthóir na Scoile.

Is ar na deartháireacha a thabharfar príomhléachtaí na Scoile. Labhróidh an Dr Regina Uí Chollatáin (COBÁC) faoi Chiarán Ó Nualláin tráthnóna Dé hAoine agus an scríbhneoir agus an staraí Séamas Mac Annaidh faoi Bhrian tráthnóna Dé Sathairn. Is é an tOllamh Nollaig Mac Congáil (OÉ Gaillimh) a osclóidh an Scoil.

Beidh siompóisiam an-suimiúil maidin an tSathairn (An Béal Beo) mar a gcloisfear Máirtín Mac Donncha (RTÉ Raidió na Gaeltachta) ag trácht ar ‘Dhea-chaint agus Deisbhéalaíocht’; Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (Coláiste Phádraig, Droim Conrach) ar ‘Oireachtas na Gaeilge, feiseanna agus na healaíona béil’; agus Ray Mac Mánais (Gaelscoil Míde) ar an ‘Agallamh Fileata canta’.

Táthar ag súil go mór leis an ócáid iarnóin an tSathairn i dTéatar Chearbhalláin in Áras na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Seolfar dlúthdhioscaí amhránaíochta ar an sean-nós le Máire Ní Choilm agus le Mairéad Ní Fhlatharta agus casfaidh na mná seo riar dá gcuid amhrán, agus cloisfear samplaí d’agallaimh bheirte agus de lúibíní ó Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill; Traolach Ó Conghaile agus Seán Ó Gráinne; agus Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.

Maidin an Domhnaigh, beidh ócáid neamhghnách eile: labhróidh Pádhraic Ó Ciardha le Micheál Ó Meallaigh faoin ngreann faoi mar a léirítear é ar chláracha teilifíse Gaeilge agus léireofar an t-agallamh le samplaí de chláracha grinn a craoladh ar TG4.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag Scoil Gheimhridh seo Chumann Merriman i nGaillimh. Is iad na ceoltóirí aitheanta Johnny Connolly agus Marcus Ó hIarnáin a bheas i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.

Cuirtear fáilte roimh iarratais do chlárú mar bhall de Chumann Merriman. Cúig Eúró fichead an táille bhliantúil do 2011 agus faigheann baill chláraithe eolas rialta faoi imeachtaí an Chumainn. Tá na baill i dteideal freastal ar Chruinniú Cinn Bhliana an chomhlachta, Cumann Merriman Teoranta, a thionóltar i mBaile Átha Cliath mí Bealtaine gach bliain, agus iad féin a chur ar aghaidh le toghadh mar bhaill coiste nó mar oifigigh an Chumainn.

CRÍOCH

Press release in English

START

Cumann Merriman will hold its 43rd annual Winter School in Galway, from the 28 – 30 January 2011. The principal location will be the Meyrick Hotel, Eyre Square, Galway (091 564 041).

The theme of the 2011 Winter School will be a commemoration of the centenaries of the births of the brothers Ciarán (b. 1910) and Brian Ó Nualláin (b. 1911), both of whom made significant contributions to writing in Irish. The Director of the 2011 Winter School is Máire Ní Neachtain, Mary Immaculate College, Limerick, and the School will be opened by Professor Nollaig Mac Congáil, Registrar of NUIG.

The older brother Ciarán and his important work in Irish language journalism as long-time editor of Inniu will be discussed by Dr Regina Uí Chollatáin (UCD), while Brian’s Irish language writing will be discussed by Séamas Mac Annaidh, novelist and historian. While better-known for his writings in English (as Flann O’Brien and Myles na gCopaleen), Brian’ An Béal Bocht (The Poor Mouth) was a land-mark in Irish language writing. It was an affectionate spoof on Gaeltacht autobiographies and a precursor of more challenging works in Irish in the post Second World War period.

As both Ó Nualláin brothers wrote humorous works, this year’s School will consider aspects of humour and fluency in contemporary Gaeltacht oral genres (lúibíní and agallaimh bheirte) and on TG4. On Saturday morning, Máirtín Mac Donncha (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (St Patrick’s College, Drumcondra) and Ray Mac Mánais (Gaelscoil Míde) will discuss aspects of ‘An Béal Beo’, while on Sunday morning Pádhraic Ó Ciardha and Micheal Ó Meallaigh of TG4 will examine humour on the Irish language television channel with excerpts from successful programmes and series.

The Winter School will move to Áras na Gaeilge in the National University of Ireland, Galway on Saturday afternoon for the launch of 2 CDs of sean-nós singing by Máire Ní Choilm and Mairéad Ní Fhlatharta while verse and sung dialogues will be heard from Ray Mac Mánais and Joe Ó Dónaill; Traolach Ó Conghaile and Seán Ó Gráinne ; and Páid Ó Neachtain and Bróna Ní Uallacháin.

The Merriman Winter School in Galway will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman in Hotel Meyrick each evening will be provided by the well-known musicians from Conamara, Johnny Connolly and Marcus Hernon.

END