Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2010

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Máirtín Ó Direáin, 1910 go 2010

Dátaí
29 – 31 Eanair 2010.
Téama
Máirtín Ó Direáin, 1910 go 2010.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
Ionad
Óstán Meyrick, Cathair na Gaillimhe.

Forbhreithniú ar an Scoil

‘Filí Éireann go haointeach’ téama an chéad Scoil Gheimhridh de chuid Chumann Merriman, a tionóladh in Aonach Urmhumhan i mí Eanair 1969. B’iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain stiúrthóirí na Scoile sin agus bhí scata de mhórscríbhneoirí na Gaeilge páirteach. Ina measc siúd bhí an file agus scríbhneoir Máirtín Ó Direáin.

Árannach ab ea an Direánach, a chaith blianta fada ina chléireach in ard-oifig an phoist i gCathair na Gaillimhe, ach a d’aistrigh ansin soir go Baile Átha Cliath, mar a cailleadh é i mbliain a 1988. Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an Direánaigh ag Scoil Gheimhridh na bliana, céad bliain ó rugadh é, sa chathair inar thosaigh sé ar a shaol oibre sa mbliain 1927.

Scoláireachtaí

Tá scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal. Is iondúil go riartar iad tríd Ranna Gaeilge na gColáistí agus na nOllscoileanna. Cuir tuairisc le Rúnaí na Roinne i d’Ollscoil féin nó déan teagmháil leis an Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

Clár

Ionaid

Is in Óstán Meyrick a bheidh na himeachtaí go léir, seachas seoladh Leabhar na Bliana, dlúthcheirnín Mháirtín Uí Dhireáin agus an taispeántas ealaíona, a bheidh ar siúl in Ionad Ealaíne na Gaillimhe, ar Shráid Doiminic.

Taispeánfar an clár faisnéise Máirtín Ó Direáin: An Charraig Stoite, le Mac Dara Ó Curraidhin, le línn na deireadh seachtaine.

Dé hAoine 29 Eanáir

5.30 Clárú
Óstán Meyrick, An Fhaiche Mhór, Cathair na Gaillimhe
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile
An Scoil á seoladh go foirmeálta
8.30 Léacht
Oileánach san Ardchathair
An Dochtúr Tomás Mac Síomóin
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain
10.30 Club Merriman
Ceol, craic agus rínce, le Johnny Connolly is Marcus Ó hIarnáin

Dé Sathairn 30 Eanáir

10.30 Siompóisiam
‘Trí amharc as Oileáin Árann’
Cainteoirí:
Marion Ní Mhaoláin, Árainn, (Ollscoil na hÉireann Má Nuad): ‘Scéalta béaloidis ó Árainn: bailiúchán ‘Bhláithín’ / Uí Dhireáin’
An Dochtúr Mairéad Conneely, Inis Meáin, (Ollscoil Luimnigh): ‘Clocha óige an fhile’
MacDara Ó Conaola, Inis Oírr: ‘Saol amhránaí as Craggy Island’
Cathaoirleach: Deirdre Ní Chonghaile.
2.15 Seoladh Leabhar na Bliana, CD agus taispeántas ealaíona
Leabhar na Bliana: Máirtín Ó Direáin: Dánta
Cainteoir: An tOllamh Seán Ó Coileáin
Fonnadóir: Treasa Ní Mhiolláin
Ealaíontóir: Seán Ó Flaithearta
8.30 Léacht
Coigil aithinne d’aislinge: Máirtín Ó Direáin rí-éigeas Éireann
Cainteoir: An tOllamh Mícheál Mac Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Cathaoirlach: Liam Ó Dochartaigh
11.30 Club Merriman
Ceol, craic agus rínce, le Johnny Connolly is Marcus Ó hIarnáin

Dé Domhnaigh 31 Eanáir

11.15 Cúirt Éigse na Scoile
Sleachta as saothar Mháirtín Uí Direáin
Á léamh ag: Fionnghuala Ní Chon Ceanainn agus Máirtín Jamesie Ó Flatharta

Cainteoirí

An Dochtúr Mairéad Conneely
Scoláire óg as Inis Meáin is ea Mairéad. Fuair sí scoláireacht ón Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtai Sóisialta le leanúint lena taighde dochtúireachta ar ‘Island and Identity: A Post-colonial and Utopian Ananysis of Aran Island Writing’.Tá sí ina cúntóir teagaisc le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochta, an Chultúir agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh.
Johnny Connolly
Is as Inis Bearacháin, amach ó chosta Leitir Móir in iarthar Chonamara, do Johnny — Johnny Phádraic Pheter mar a thugtar air i gceantar Chonamara. Duine de na boscadóirí is fearr in Éirinn é Johnny, agus bíonn an-tóir ag pobal Chonamara agus ag lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta air. Tá riar dlúthcheirní eisithe aige.
Fionnghuala Ní Chon Ceanainn
Tá cónaí ar Fionnghuala ar Oileán Árann (‘sé sin, an t-oileán is mó de thrí Oileán Árann, ar a dtugtar Inis Mór leis) agus is minic le clos í ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Deirdre Ní Chonghaile
Is as Árainn do Dheirdre Ní Chonghaile. Scoláire, craoltóir, scríbhneoir agus ceoltóir í. Ghlac páirt i siomposiam an Scoil Gheimhridh anuiridh: ‘An amhránaíocht Ghaeilge: gabháil, athghabháil, nuaghabháil’, mar a dtug sí caint dar teideal ‘Stór Amhrán Árann ó 1857 anuas: meath nó malartú?’ Tá sí gníomhach i mBailiúchán Béaloideas Árann. Réitigh agus chuir i láthair an tsraith Bailiúchán Bhairbre d’RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá sí i mbun taighde dochtúra faoi láthair; ”ag teacht le cuan’: Irish traditional music and the Aran Islands’ teideal a tráchtais.
Marion Ní Mhaoláin
Scoláire óg as Oileán Árann, í Marion. Bhronn an Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtai Sóisialta scoláireacht uirthi le taighde a dhéanamh ar ábhar béaloidis a bhailigh Robin Flower (1881 go 1946) in Árainn i dtríochaidí an chéid seo caite. Is ar an ábhar seo a labhróidh Marion ag siompóisiam an tSathairn.
Treasa Ní Mhiolláin
Is as Oileán Árann do Threasa, mar a bhfuil sí ina cónaí. Amhránaí is ea í, a bhuaigh Corn Uí Riada i 1972 agus i 1979. Bíonn an-éileamh uirthi mar amhránaí; bhí sí ar an ardán i riar tíortha: an Eilvéis, sa Fhrainc, in Albain, i Sasana agus sa Ghearmáin. Bíonn si ag teagasc amhránaíochta do dhaoine óga don Ghaelacadamh.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith Máire trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair.
An tOllamh Micheál Mac Craith
Ollamh i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea Micheál. Is údar é ar litríocht an 17ú agus an 18ú haois, an tOisíneachas agus forás an Cheilteachais, an spioradáltacht dúchais agus filíocht is prós an 20ú aois. D’fhoilsigh sé Oileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin i 1993.
An Dochtúr Tomás Mac Síomóin
Baile Átha Cliathach is ea Tomás. Bitheolaí agus scríbhneoir is ea é. Fuair sé a PhD in Ollscoil Cornell. Chuaigh sé le scríbhneoireacht go lánaimseartha i mbliain a 1998. Chaith sé tréimhsí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Anois. Fuair sé duais sa ghearrscéalaíocht ag Oireachtas 1974 agus fuair an chéad duais do chnuasach gearrscéalta ag Oireachtais 2005. Fuair a úrscéal, An Tionscadal, príomhdhuais liteartha an Oireachtais i mbliain a 2006. Tá neart ábhar foilsithe aige ar fhilíocht an Direánaigh.
An tOllamh Seán Ó Coileáin
Scoláire agus scríbhneoir is ea Seán. Shaothraigh sé a chéimeanna BA agus M.A. i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus shaothraigh a chéim dochtúireachta in Ollscoil Harvard i mbliain a 1972; ‘The Guaire cycle: a study in Irish tradition’ teideal a thráchtais. Ollamh na Nua Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ab ea é le blianta go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2006. D’fhoilsigh an Coileánach beathaisnéis an fhile Sheáin Uí Ríordáin, Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, i mbliain a 1982, a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí dh bhliain ina dhiaidh. B’é a réitigh eagrán 2002 d’An tOileánach, le Tomás Ó Criomhthain.
MacDara Ó Conaola
As Inis Oírr do Mhacdara. Amhránaí óg is ea é, a nascann amhráin thraidisiúnta le stíl chomhaimseartha. D’eisigh dlúthdhiosca, The Love Token ag tosach na bliana 2007. Dreatháir é leis an amhránaí Lasairfhíona Ní Chonaola. Bíonn éileamh ar ag féilte amhránaíochta agus ceoil in Éirinn agus thar lear.
Liam Ó Dochartaigh
Cathaoirleach reatha Chumann Merriman agus Stiúrthóir rialta ar an Scoil Gheimhridh. Anois ar scor óna phost mar Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscolil Luimnigh. Bhí Liam i láthair ag an gcéad Scoil riamh de chuid Chumann Merriman agus tá baint aige leis an gCumann ó shin i leith. Tá an-spreagadh á thabhairt aige faoi láthair don bhfoireann sa tSeapáin atá i mbun leagan Seapánaise de Chúirt an Mheán Oíche a ullmhú.
Seán Ó Flaithearta
Rugadh Seán in Árainn i mbliain a 1964. Dhein staidéar i gColáiste Náisiúnta an Ealaín agus an Dearadh i mBaile Átha Cliath agus fuair scoláireachtaí chun staidéar a dhéanamh in san Pennsylvania School of Arts sna Stáit Aontaithe, agus in san Ecole Nationale Superieure des Arts de la Cambre sa Bhruiséal. I measc a chuid taispeántas tá ‘Dúch/Liv/Encre’ in san Ionad Tionsclaíoch i gCasla agus ag Féile Idircheilteach L’oriant, agus ‘Deora Sáile’ in Áras Éinne, Inis Oírr.
Máirtín Jamesie Ó Flatharta
As Inis Mór, Oileán Arann, do Mháirtín. Craoltóir aitheanta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le blianta fada, agus an-aithne air mar aisteoir cumasach freisin. Is minic ar an ardán é i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus in Amharclann Druid. Tá spéis ar leith ag Máirtín ina chomh-Árannach, Máirtín Ó Direáin agus tá an-eolas aige ar ghinealach an fhile.
Marcus Ó hIarnáin
Duine de mhuíntir cheolmhar Iarnáin as Roisín na Mainiach, Iorras Aithneach, in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe. Ceoltóir is ea é, a chasann an fheadóg mhór. D’eisigh sé féin is dheartháir, an boscadóir P.J., dlúthdhiosca dar teideal An Chearc Fhraoigh ar a bhfuil trí fhonn is fiche a chum Marcus féin. Déanann agus díolann sé feadóga móra.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Comóradh ar chéad bliain ó rugadh an file iomráiteach Máirtín Ó Direáin a bheidh mar théama ag Scoil Gheimhridh 2010, a reachtáilfear i nGaillimh thar dheireadh seachtaine an 29ú go 31ú Eanáir. Maítear gurb é an Diréanach a chuir tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge sa bhliain 1938.

Is é seo an dara Scoil Gheimhridh is daichead as a chéile ag Cumann Merriman agus is in Óstán Meyrick, an Fhaiche Mhór, Gaillimh (+ 353 91 564 041) a bheidh formhór na n-imeachtaí. Is iad Máire Ní Neachtain (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach) agus Liam Ó Dochartaigh (Ollscoil Luimnigh) Stiúrthóirí na Scoile arís i mbliana.

Beidh an-bhéim ar Árainn i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Máirtín Jamesie Ó Flatharta a osclóidh an Scoil le cur síos ar chúlra an fhile agus is é an Dochtúir Tomás Mac Síomóin, a bheas ag teacht chugainn ón gCatalóin don Scoil, a thabharfas an chéad léacht, ‘Oileánach san Ardchathair’, tráthnóna Dé hAoine. Is é an tOllamh Mícheal Mac Craith OFM, as Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a thabharfas an dara mórléacht tráthnóna an tSathairn, ‘Coigil aithinne d’aislinge: Máirtín Ó Direáin rí-éigeas Éireann’.

Táthar ag súil go mór leis an siompóisiam maidin an tSathairn (‘Trí amharc as Oileáin Árann’) mar a gcloisfear cainteoir óg as chuile oileán de thrí oileán Árann ag trácht ar ábhair éagsúla, an dá scoláire Marion Ní Mhaoláin (Árainn) agus an Dochtúir Mairéad Conneely (Inis Meáin) ag trácht ar a gcuid ábhar taighde féin, agus an fonnadóir MacDara Ó Conaola (Inis Oírr) ag caint ar shaol amhránaí as Craggy Island!

Beidh ócáid faoi leith ann iarnóin an tSathairn in Ionad Ealaíon na Gaillimhe. Seolfar Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman: Máirtín Ó Direáin: Dánta, eagrán nua den chnuasach a foilsíodh ar dtús 30 bliain ó shin arna thiomsú le dánta breise agus le réamhrá nua ag Eoghan Ó hAnluain. Is iad Cló Iar-Chonnachta / An Clóchomhar na foilsitheoirí agus is é an tOllamh Seán Ó Coileáin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a sheolfaidh an leabhar.

Ina theannta sin, seolfaidh Gael Linn dlúthdhiosca athmháistrithe den cheirnín den Direánach ag léamh a shaothair féin, agus mar sméara mullaigh, tá súil againn go mbeidh Treasa Ní Mhiolláin, comharsa le muintir Uí Dhireáin in Árainn linn le cúpla amhrán a rá, agus beidh taispeántas ealaíne le Seán Ó Flaithearta as Árainn, dar teideal ‘Go bhfeicfidh tú dán’, bunaithe ar shaothar an fhile, le feiceáil ag lucht freastail na Scoile. Beidh na léaraidí seo le feiceáil chomh maith san eagrán nua de dhánta Uí Dhireáin.

Léifidh Fionnghuala Ní Chonceanainn agus Máirtín Jamesie Ó Flatharta sleachta as saothar Mháirtín Uí Dhireain maidin Domhnaigh, 31ú Eanáir, agus clabhsúr á chur acu ar imeachtaí Scoil Gheimhridh Merriman 2010.

CRÍOCH

Press release in English

START

Cumann Merriman will hold its 42nd annual Winter School in Galway, from the 29th to the 31st January 2010. The principal location will be the Meyrick Hotel, Eyre Square, Galway (+353 91 564 041).

The theme of the 2010 Winter School will be a commemoration of the centenary of the birth of the poet Máirtín Ó Direáin, who is credited with creating a new movement in modern poetry in Irish in 1938. The school will be opened by Aran man, Máirtín Jamesie Ó Flatharta (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

The Directors of the 2010 Winter School are Máire Ní Neachtain, Mary Immaculate College, Limerick, and Liam Ó Dochartaigh of the University of Limerick.

The topics to be discussed in the formal lectures will be ‘Oileánach san Ardchathair’ (An Islandman in the Capital City) by Doctorr Tomás Mac Siomóin, the Irish language poet now resident in Catalunya, and ‘Coigil aithinne d’aislinge: Máirtín Ó Direáin rí-eigeas Éireann’ (Protect the embers of your dream: Máirtín Ó Direáin: Ireland’s premier poet) by Professor Mícheál Mac Craith OFM, NUIG. Young voices from all three of the Aran islands will be heard at the Symposium on Saturday morning i.e. Marion Ní Mhaoláin (Árainn) will talk about a folklore collection made by Robin Flower in Aran, Doctor Mairéad Conneely (Inis Meáin) on the importance of the poet’s youth in Aran and MacDara Ó Conaola (Inis Oírr) on his experience as a singer from Craggy Island!

Cumann Merriman’s annual publication will be Máirtín Ó Direáin: Dánta, the complete poems, with an introduction by Eoghan Ó hAnluain (formerly of University College Dublin). The book will be launched by Professor Seán Ó Coileáin on Saturday afternoon in the Galway Arts Centre. It is hoped that the singer from Aran, Treasa Ní Mhiolláin, will be present. In addition, an exhibition of new illustrations by Seán Ó Flaithearta, also from Aran, for the new edition of the Complete Poems, will be shown in the Galway Arts Centre.

The Merriman Winter School in Galway will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided by Johnny Connolly and Marcus Hernon.

The 42nd Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 31st January, with Fionnghuala Ní Chonceanainn and Máirtín Jamesie Ó Flatharta reading a selection of Máirtín Ó Direáin’s poems and prose.

END