Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2008

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Forbairt na Gaeilge 1958 – 2008

Dátaí
1 – 3 Feabhra 2008.
Téama
Forbairt na Gaeilge 1958 – 2008.
Stiúrthóir
Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
Ionad
Óstán Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

An Daicheadú Scoil Gheimhridh

Tionóladh céad Scoil Gheimhridh Chumann Merriman san Aonach, Contae Thiobraid Árann i mbliain a 1969 agus b’é Máirtín Ó Cadhain a thug an chéad léacht, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. B’iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain a stiúraigh an Scoil. Reachtáladh Scoil Gheimhridh gach bliain ó shin i leith. Tionóladh Scoileanna sna hionaid seo a leanas: Cill Dá Lua, An Fhiacail, Baile Uí Bheacháin, Inis, Bun Raite, Luimneach, Cill Áirne, Gaillimh, Cill Chainnigh, Dún Garbhán, Gleann Maghair agus Cathair na Mart. Bhí an Anluanach ina Stiúrthóir ar 22 Scoil as a chéile (1969 go 1992). B’iad Ciarán Mac Mathúna, Diarmuid Breathnach, Máirín Ní Dhonnchadha, Eithne Ní Chonaill, Alan Titley agus Liam Ó Dochartaigh na stiúrthóirí a lean é.

Coiste Scoil Gheimhridh Chathair na Mart

  • Úna Uí Chuinn (Cathaoirleach)
  • Máire Uí Néill
  • Proinsias Ó hAodha
  • Éamonn Ó Gionnáin

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastail ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

  • Óstán Westport
  • Pobal Chathair na Mart
  • Foras na Gaeilge
  • Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
  • Fáilte Ireland

Clár

Ionaid

Is in Óstán Westport a bheidh na himeachtaí go léir ach Seoladh Leabhar na Bliana, a bheidh ar siúl ins An Ionad Scíthe, Sráid Shéamuis.

Dé hAoine 1 Feabhra

5.30 Clárú
Óstán Westport, Cathair na Mart
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile
Éamon Uasal Ó Cuív, TD. Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
8.30 Léacht
Caighdeánú na Gaeilge
An tOllamh Nicholas Williams, Scoil na Gaeilge, An Léinn Cheiltigh, Béaloideas na hÉireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Cathaoirleach: Helen Ó Murchú
10.30 Club Merriman
Ceol le banna Phat Friel

Dé Sathairn 2 Feabhra

10.30 Siompóisiam
‘Beatha teanga a labhairt: buanú teanga a scríobh’
Cainteoirí:
Máire Ní Fhinneadha, múinteoir agus tráchtaire
An Dr. Antain Mac Lochlainn, aistritheoir agus scríbhneoir
An Dr. Pádraig Ó Mianáin, taighdeoir foclóireachta

Cathaoirleach: An Dr. Máirín Nic Eoin.

2.15 Seoladh Leabhar na Bliana
Béarla sa Ghaeilge &‐ Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600 – 1900. le Liam Mac Mathúna
Cainteoir: An tOllamh Máirtín Ó Murchú
Fonnadóir: Tadhg Mac Dhonnagáin
8.30 Léacht
Fís an Fhocail
Cainteoir: Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Cheannasaí ThG4
Cathaoirlach: Edel Ní Chuireáin
11.30 Club Merriman
Ceol le banna Phat Friel

Dé Domhnaigh 3 Feabhra

11.15 Cúirt Éigse na Scoile
Rogha dánta
Léitheoirí: Gabriel Rosenstock agus Colm Breathnach

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

An daicheadú Scoil Gheimhridh

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh na Bliana 2008 i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, thar dheireadh seachtaine na Féile Bríde 1 go 3 Feabhra. Comóradh ar leathchéad bliain ó fhoilsiú Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil sa bhliain 1958 a bheidh mar théama ag Scoil Gheimhridh 2008. Déanfar comóradh ar éacht an Chaighdeáin, agus ar ghaisce eile nach é, ag an naoú Scoil Gheimhridh seo i gCathair na Mart, agus léireofar agus pléifear úsáid chomhaimseartha na Gaeilge sna meáin agus i réimsí eile.

Is é seo an daicheadú Scoil Gheimhridh as a chéile ag Cumann Merriman agus is in Óstán Westport a bheidh formhór na n-imeachtaí. Is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, Stiúrthóir na Scoile arís i mbliana.

Tionóladh céad Scoil Gheimhridh Chumann Merriman san Aonach, Contae Thiobraid Árann sa bhliain 1969 agus b’é Máirtín Ó Cadhain a thug an chéad léacht, ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’. Reachtáladh Scoil Gheimhridh gach uile bhliain ó shin i leith. Chomh maith leis an Aonach, tionóladh Scoileanna sna hionaid seo a leanas: Cill Dá Lua, An Fhiacail, Baile Uí Bheacháin, Inis, Bun Raite, Luimneach, Cill Áirne, Gaillimh, Cill Chainnigh, Dún Garbhán, Gleann Maghair (i gCorcaigh) agus Cathair na Mart. B’iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain a stiúraigh an chéad Scoil Gheimhridh. Bhí Eoghan Ó hAnluain ina Stiúrthóir ar 22 Scoil as a chéile (1969 go 1992) agus b’iad Ciarán Mac Mathúna, Diarmuid Breathnach, Máirín Ní Dhonnchadha, Eithne Ní Chonaill, Alan Titley agus Liam Ó Dochartaigh na stiúrthóirí a lean é.

Cainteoirí

Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a osclóidh an Scoil Gheimhridh 2008 tráthnóna na hAoine, 1 Feabhra. Is é an tOllamh Nicholas Williams ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, a thabharfaidh an chéad léacht ar ‘Chaighdeánú na Gaeilge’. Is í Helen Ó Murchú, a bheidh sa chathaoir ar an léacht tosaigh seo.

Beidh siompósiaim dar teideal ‘Beatha teanga a labhairt: buanú teanga a scríobh’ ann maidin an tSathairn. Is iad Máire Ní Fhinneadha, an Dr Antain Mac Lochlainn agus an Dr Pádraig Ó Mianáin na cainteoirí aguis is í an Dr Máirín Nic Eoin a bheidh sa chathaoir. Tráthnóna an tSathairn, tabharfaidh Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Cheannasaí TG4, léacht dar teideal ‘Fís an Fhocail’, léirithe le samplaí ó chláracha TG4; í Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina cathaoirleach ar an seisiún seo.

Leabhar na Bliana

Béarla sa Ghaeilge — Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900 leis an Ollamh Liam Mac Mathúna teideal Leabhar na Bliana 2008 Chumann Merriman, mórshaothar scolártha nua a bhaineann go dlúth le téama na Scoile. Seolfaidh an tOllamh Máirtín Ó Murchú an leabhar i bPáirc Scíthe, Spraoi agus Sláinte Chathair na Mart, iarnóin an tSathairn. Mar is iondúil, beidh amhráin á gcasadh ar an ócaid seo agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, as Maigh Eo, an t-aoifhonnadóir i mbliana.

Ceol agus Caidreamh!

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an naoú Scoil Gheimhridh seo ag Cumann Merriman i gCathair na Mart. Ceoltóirí áitiúla a bheidh i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.

Cuirfidh na filí Gabriel Rosenstock agus Colm Breathnach, clabhsúr ar imeachtaí Scoil Gheimhridh 2008 maidin Domhnaigh, 3 Feabhra, ag Cúirt Éigse na Scoile.

CRÍOCH

Press release in English

START

The fortieth Merriman Winter School

Cumann Merriman will hold its fortieth annual Winter School in Westport, Co. Mayo, from 1 to 3 February 2008. The Director of the 2008 Winter School is Liam Ó Dochartaigh of the University of Limerick. The principal location will be Hotel Westport.

The theme of the 2008 Winter School commemorates the publication of the ‘Official Standard’ for Irish grammar and orthography published in final form in 1958 (Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil) and contemporary usage of Irish in the media and other domains. The Winter School will be opened by Éamon Ó Cuív TD, Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs.

The 2008 Winter School will be Cumann Merriman’s 40th consecutive Winter School. The first was held in Nenagh in 1969, within the historical region of Thomond, and subsequent schools were held in Killaloe, Feakle, Ballyvaughan, Ennis, Bunratty and Limerick, and also in Killarney, Galway, Kilkenny, Dungarvan, Glanmire (in Cork) and Westport.

Speakers

The principal topics to be discussed in the formal lectures will be issues associated with the standardisation of Irish; contemporary usage of Irish in education, journalism, translation, and lexicography; and in broadcast media, and in TG4 in particular. The lecturers will be Professor Nicholas Williams (UCD), Pádhraic Ó Ciardha (TG4), Máire Ní Fhinneadha (teacher and commentator), Dr Antain Mac Lochlainn (translator and writer in Irish), and Dr Pádraig Ó Mianáin (lexicographer). Other participants in the school will be Helen Ó Murchú (former Cathaoirleach of Foras na Gaeilge), Dr Máirín Nic Eoin (St Patrick’s College, Drumcondra) and Edel Ní Chuireáin (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Book of the Year

Cumann Merriman’s annual publication is Béarla sa Ghaeilge — Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600-1900, a study of the influence of English on the Irish language as illustrated in Irish language literature, by Professor Liam Mac Mathúna (UCD). The book will be launched by Professor Máirtín Ó Murchú on Saturday afternoon in the Westport Leisure Centre. Mayoman Tadhg Mac Dhonnagáin will be the guest singer at this event.

Music and Conviviality!

The Merriman Winter School in Westport will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided by local musicians.

The fortieth Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 3 February with a poetry reading by leading Irish language poets Gabriel Rosenstock and Colm Breathnach.

END