Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2007

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

‘Anocht is uaigneach Éire’ Imeacht na nIarlaí 1607

Dátaí
26ú – 28ú Eanáir 2007.
Téama
‘Anocht is uaigneach Éire’ Imeacht na nIarlaí 1607.
Stiúrthóir
Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
Ionad
Óstán Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

Coiste Scoil Gheimhridh Chathair na Mart

  • Úna Uí Chuinn (Cathaoirleach)
  • Máire Uí Néill
  • Proinsias Ó hAodha
  • Éamonn Ó Gionnáin

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastail ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

  • Óstán Westport
  • Pobal Chathair na Mart
  • Foras na Gaeilge
  • Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
  • Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

Clár

Ionaid

Is in Óstán Westport a bheidh na himeachtaí uilig ach Seoladh Leabhar na Bliana, a bheidh ar siúl i Leabharlann an Bhaile.

Dé hAoine 26 Eanáir

5.30 Clárú
Óstán Westport, Cathair na Mart
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile
An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
8.30 Léacht
Tadhg Ó Cianáin agus Turas na nIarlaí as Éirinn
An Dr. Diarmuid Ó Doibhlin, Iar-Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Ollscoil Uladh, Cúil Raithin
Cathaoirleach: An tOllamh Nollaig Mac Congáil, Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
10.30 Club Merriman
Ceol le ceoltóirí áitiúla

Dé Sathairn 27 Eanáir

10.30 Léacht
‘Gé beag ar na bráithribh thú’: ‘the perfidious Machiavellian friars of Louvain’
An tOllamh Micheál Mac Craith, Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh.
12.00 Céadtaispeáint Scannáin
‘Ar lorg Shorcha’ le Bríona Nic Dhiarmada
Mórscannán nua faisnéise ar Shorcha Ní Ghuairim, an t-amhránaí cáiliúil as Roisín na Mainiach in Iorras Aithneach; á thaispeáint le caoinchead TG4.
2.15 Seoladh Leabhar na Bliana
Éigse Chairbre. Filíocht ó Chairbreacha i gContae Chorcaí agus ón gceantar máguaird 1750-1850, le Bláthnaid Uí Chatháin
Cainteoir: An tOllamh Seán Ó Coileáin
Fonnadóir: Pádraigín Ní Uallacháin
8.30 Léacht
Imeacht na nÍarlaí: fairsinge agus buaine na hinsinte fileata
Cainteoir: An Dr. Michelle Ní Ríordáin, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
Cathaoirlach: An Dr. Nollaig Ó Muiríle, Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
11.30 Club Merriman
Ceol le ceoltóirí áitiúla

Dé Domhnaigh 28 Eanáir

11.15 Cúirt Éigse na Scoile
Rogha Dánta a bhaineann leis an tréimhse, 1560-1630
Léitheoirí: Liam Ó Muirthile agus Michelle Ní Ríordáin
Amhránaí: Pádraigín Ní Uallacháin

Cainteoirí

An tOllamh Nollaig Mac Congáil
Ollamh i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea Nollaig. Tá canúineolaíocht, scríbhneoireacht na gConallach, litríocht réigiúnach, gramadach na Nua-Ghaeilge, bibleagrafaíocht, litríocht na Nua-Ghaeilge i bhfoirm aistrithe, agus irisí is nuachtáin na Gaeilge i measc a chuid spéiseanna taighde.
An tOllamh Micheál Mac Craith
Ollamh i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea Micheál. Bliain ghnóthach a bheidh sa bhliain seo do Mhicheál mar go mbeidh sé páirteach i roinnt mhaith de na himeachtaí a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheithre chéad bliain na bProinsiascánach sa Lováin. Is údar é ar litríocht an 17ú agus an 18ú haois, an tOisíneachas agus forás an Cheilteachais, an spioradáltacht dúchais agus filíocht is prós an 20ú aois.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith Máire trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair.
An Dr. Michelle Ní Ríordáin
Is Ollamh Cúnta í Michelle i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Is í Oifigeach na bhFoilseachán sa Scoil í agus is saineolaí í ar an seachtú céad déag in Éirinn.
Pádraigín Ní Uallacháin
Is as Airgíalla, in oirdheisceart Uladh do Phadraigin Ni Uallacháin agus tógadh ann le Gaeilge í. Cónaíonn sí anois i mBéal Feirste, mar a bhfuil sí ina amhránaí cónaithe in Ollscoil na Banríona. D’oibrigh sí mar láithreoir agus mar léiritheoir do Raidió Teilifís Éireann i mBaile Átha Cliath ar feadh cúig bliana agus mar mhúinteoir ar feadh cúig bliana déag ina dhiaidh sin sara chughaigh sí le hamhránaíocht ar bhonn gairmiúil i 1999.
Bríona Nic Dhiarmada
Is léachtóir í Bríona i Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir in Ollscoil Luimnigh. Is í údar Téacs Baineann: Téacs Mná, an leabhar a roghnaigh Cumann Merriman mar leabhar na bliana in 2006. Chaith Bríona blianta i dtionscal na teilifíse sara ndeachaigh sí le léachtóireacht.
An Dr. Diarmuid Ó Doibhlin
Is iar-Léachtóir Sinsearach le Gaeilge é Diarmuid, in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.
An Dr. Nollaig Ó Muiríle
Is léachtóir sínsearach é Nollaig i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá spéis ghairmiúil aige i logainmneacha, i nGinealaigh, in ainmneacha pearsanta agus sloinnte, sna teaghlaigh léannta agus i dtraidisiún na lámhscríbhinní déanacha.
An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh
Is Ollamh é Gearóid i Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá stair na hÉireann agus na Breataine sa 19ú agus sa 20ú aois, maraon le stair chomhaimseartha na hEorpa, impiriúlachas comhaimseartha agus stair na smaointeoireachta ar a chuid spéiseanna gairmiúla. É nuacheaptha ag an Rialtas mar Chathaoirleach ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bláthnaid Uí Chatháin
Saolaíodh agus tógadh Bláthnaid i mBaile Átha Cliath. I Scoil Chaitriona, Sráid Eccles, mar a raibh sí féin ina dálta, a fuair sí a céad phost múinteoireachta. Cónai uirthi i gCorcaigh on mbliain 1976, mar a bhfuil tréimhsí caite aici mar mhúinteoir iar-bhunscoile agus mar theagascóir ollscoile. Bhain sí céim dochtúireachta amach sa Nua-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí sa bhliain 1999. Spéis ar leith aici in oidhreacht Chairbre, Contae Chorcaí.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Oscailt na Scoile

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh na Bliana 2007 i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, ón 26ú go dtí an 28ú Eanáir. Comóradh ar 400 bliain ó Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, nó ‘Teitheadh na nIarlaí’ mar a thugtaí air, an eachtra chinniúnach i stair na hÉireann i dtús an tseachtú céad déag, a bheidh mar théama ag Scoil Gheimhridh 2007, agus líne as dán comhaimseartha atá in úsáid i dtéama na scoile, ‘Anocht is uaigneach Éire’. In Óstán Westport a bheidh formhór na n-imeachtaí.

Is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, an Stiúrthóir arís i mbliana, an 10ú bliain as a chéile aige mar stiúrthóir ar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman.

Cainteoirí

An tOllamh An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), staraí aitheanta agus sárchainteoir, a osclóidh an Scoil tráthnóna na hAoine 26 Eanáir. Is é an Dr. Diarmaid Ó Doibhlin, iarléachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, a thabharfaidh an chéad léacht, ‘Tadhg Ó Cianáin agus Turas na nIarlaí as Éirinn’, ina mbeidh cur síos ar an gcuntas a scríobh an Cianánach ar thuras na n-iarlaí agus na ndaoine a d’imigh as Éirinn leo, ó d’fhágadar Ráth Maoláin i dTír Chonaill gur bhain cuid acu an Róimh amach, agus ar tharla dóibh le linn an aistir fhada sin. Ultach eile, an tOllamh An tOllamh Nollaig Mac Congáil (Ollscoil na nÉireann, Gaillimh), a bheidh sa chathaoir ar an léacht tosaigh seo.

Beidh dara léacht na Scoile maidin an tSathairn, 27 Eanáir, leis an Ollamh Micheál Mac Craith OFM (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) ar pháirt na bPrionsiasach Éireannach i gcaomhnú an chreidimh chaitlicigh agus an traidisiúin Ghaelaigh sna blianta corraitheacha ag tús an tseachtú céad déag agus iad lonnaithe i Lobháin na Beilge. (Teideal na léachta: ‘Gé beag ar na bráithribh thú’: ‘the perfidious Machiavellian friars of Louvain’.) Is í Máire Ní Neachtain, Leas-Chathaoirleach Chumann Merriman, a bheidh sa chathaoir don léacht seo.

Céadtaispeáint Scannáin

I ndiaidh na léachta seo, ar mheán lae ar an Satharn 27ú Eanáir, le caoinchead TG4, beidh céadtaispeáint mhórscannáin nua faisnéise ar an amhránaí cáiliúil sean nóis, Sorcha Ní Ghuairim, dar teideal Ar Lorg Shorcha arna stiúradh ag Bríona Nic Dhiarmada (Ollscoil Luimnigh).

Táthar ag súil go mór leis an tríú léacht chomh maith ina labhróidh an Dr. Michelle Ní Ríordáin (Scoil an Léinn Cheiltigh, BÁC) ar dhearcadh agus ar thuiscintí na bhfilí comhaimseartha ar imeacht na nIarlaí agus ar threascairt an chórais Ghaelaigh sa tréimhse seo. (‘Imeacht na nIarlaí: fairsinge agus buaine na hinsinte fileata’ an teideal.) An Dr. Nollaig Ó Muiríle (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) a bheidh sa chathaoir.

Leabhar na Bliana

Éigse Chairbre: filíocht ó Chairbreacha i gContae Chorcaí agus ón gceantar máguaird 1750 go 1850 le Bláthnaid Uí Chatháin is teideal do Leabhar na Bliana 2007 Chumann Merriman, mórshaothar scolártha nua ar fhilí agus ar fhilíocht iarthair Chorcaí. Seolfaidh An tOllamh Seán Ó Coileáin an leabhar i Leabharlann an Bhaile i gCathair na Mart, iarnóin an tSathairn. Mar is iondúil, beidh amhráin á gcasadh ar an ócaid seo agus is í Pádraigín Ní Uallacháin an t-aoifhonnadóir i mbliana.

Ceol agus Caidreamh!

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an ochtú Scoil Gheimhridh seo ag Cumann Merriman i gCathair na Mart. Ceoltóirí áitiúla a bheidh i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.

Cuirfidh Liam Ó Muirthile i gcuideachta Mhichelle Ní Ríordáin, clabhsúr ar imeachtaí Scoil Gheimhridh 2007 agus a rogha féin de dhánta Gaeilge ón tréimhse 1560 go 1630 á léamh acu. Beidh amhráin á gcasadh ag Pádraigín Ní Uallacháin ag an seisiún scoir seo, maidin Domhnaigh, 28 Eanáir.

CRÍOCH

Press release in English

START

The Opening Night

Cumann Merriman will hold its 39th annual Winter School in Westport, Co. Mayo, from the 26th to the 28th January 2006. The Director of the 2006 Winter School is Liam Ó Dochartaigh of the University of Limerick. The principal location will be Hotel Westport.

The theme of the 2007 Winter School commemorates 400 years since the Flight of the Earls in 1607.

Speakers

The Winter School will be opened by Professor Gearóid Ó Tuathaigh (NUIG). The principal topics to be discussed in the formal lectures will be a contemporary account of the epic journey of the earls and their companions and retainers from their departure from Rathmullen in September 1607 to their arrival at their ultimate destination, Rome; the role of the Irish Franciscans in Louvain/Leuven at the end of the sixteenth and the beginning of the seventeenth centuries both in countering the effects of the Reformation and in the heroic work of preservation of Gaelic literature and culture; and the reaction of the Irish poets at the time to contemporary events so fateful for Gaelic Ireland. The lecturers will be Dr. Diarmuid Ó Doibhlin, formerly senior lecturer in Irish at UU Coleraine; Professor Micheál Mac Craith OFM (NUIG), and Dr. Michelle O Riordan (School of Celtic Studies, Dublin).

Film Premiere

A much anticipated event at the Winter School will be a first public showing at mid-day on Saturday 27th January of a major film commissioned by TG4 on the sean nós singer Sorcha Ní Ghuairim (1911 to 1976) from Carna in Conamara who taught for a time in Trinity College Dublin.

Book of the Year

Cumann Merriman’s annual publication is Éigse Chairbre, a scholarly edition by Bláthnaid Uí Chatháin of poems from the period 1750 to 1850 from Carberry in west Cork. The book will be launched by Professor Seán Ó Coileáin on Saturday afternoon in Westport Library. The well-known and polished artist, Pádraigín Ní Uallacháin, will be guest singer at this event.

Music and Conviviality!

The Merriman Winter School in Westport will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided by local musicians.

The 39th Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 28th January, with a joint reading of a selection of poems in Irish from the period 1560 to 1630 by foremost Irish language poet, Liam Ó Muirthile, with Michelle O Riordan, along with a selection of songs from Ulster sung by Pádraigín Ní Uallacháin.

END