Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2005

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Brian Merriman 1749 – 1805

  • Ionad: Bun Raite, Co. an Chláir
  • Dátaí: 28 – 30 Eanáir 2005
  • Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

  • Óstán Shannon Shamrock, Bun Raite
  • Óstán Chaisleán Bhun Raite
  • Leabharlann Chontae an Chláir
  • Foras na Gaeilge
  • Raidió na Gaeltachta
  • TG4
  • Ollscoil Luimnigh

Clár

Ionaid

San Ionad Comhdhála in Óstán Shannon Shamrock (+353 (0)61 361 177) a bheidh an léacht, Cúirt na mBan, léamh Chúirt an Mheon-Oíche, agus an Chúirt Éigse.

In Óstán Chaisleán Bhun Raite (trasna an bhóthair) a bheidh Seoladh Leabhar na Bliana agus taispeáint an scannáin.

I Seomra Chluain Muine in Óstán Shannon Shamrock a bheidh Club Merriman an dá oíche.

Tá eolas breise ar fáil ach teagmháil a dhéanamh linn.

Dé hAoine 28 Eanáir

5.30 Clárú
Óstán Shannon Shamrock, Bun Raite
7.15 Fáiltiú
‘Pláta te’ & fíon
8.15 Oscailt na Scoile
Nuala Ní Dhomhnaill
8.30 Léacht
Curadhmhíreanna agus míreanna mearaí eile: ó Bhrian Merriman go dtí Máirtín Ó Cadhain — agus níos faide fós!
An Dr. Gearóid Denvir, Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Cathaoirleach: An Dr Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
10.30 Club Merriman
Ceol le Líadan
(Síle Denvir, Valerie Ní Chathasaigh, Sarah Jane Ní Choillte, Elaine Ní Chormacáin, Claire Ní Dhóláin & Deirdre de Cailce)

Dé Sathairn 29 Eanáir

10.30 Siompóisiam
‘Cúirt na mBan’
An Dr. Grace Neville, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Ana Ní Shúilleabháin, Iriseoir le LÁ
An Dr. Úna Nic Éinrí, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
An Dr. Bríona Nic Dhiarmada, Ollscoil Luimnigh
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
2.15 Seoladh Leabhar na Bliana
Merriman: I bhFábhar Béithe le Liam P. Ó Murchú
Cainteoir: An tOllamh Breandán Ó Buachalla, Ollscoil Notre Dame, Stáit Aontaithe Mheiriceá
3.30 Taispeáint Eisíoch Scannáin
Cosc ar Ghnéas le Louis Marcus, le caoinchead TG4
8.00 Cúirt an Mheon-Oíche
Réamhchaint, Pearsana na Cúirte, Liam P. O Murchú, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Cúirt an Mheon-Oíche á léamh
An File: Eoghan Ó hAnluain
An Báille: Áine Ó Ceallaigh
An Spéirbhean: Audrey Ní Fhearghail
An Seanduine: Alan Titley
Aoibheall: Doireann Ní Bhriain
Léiritheoir: Darach Mac Con Iomaire
11.30 Club Merriman
Ceol le Líadan

Dé Domhnaigh 30 Eanáir

11.00 Cúirt Éigse na Scoile
Biddy Jenkinson & Nuala Ní Dhomhnaill

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh an Dá Chéad Chumann Merriman i mBun Raite, Contae an Chláir ón 28ú go dtí an 30ú Eanáir. In Óstán Shannon Shamrock a bheidh formhór na n-imeachtaí. Is é Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir an Oideachais Idirnáisiúnta in Ollscoil Luimnigh, an Stiúrthóir arís i mbliana.

Aoianna & cainteoiri

Nuala Ní Dhomhnaill, príomhfhile na Gaeilge ár linne, a osclóidh an scoil. Is é an Dr. Gearóid Denvir a thabharfaidh an chéad léacht ar réamhtheachtaí Mherriman san Eoraip agus in Éirinn agus ar scríbhneoirí Gaeilge a tháinig faoin anáil Mherriman ó cumadh Cúirt an Mheán Oíche sa bhliain 1780. An Dr. Máire Ní Annracháin a bheidh i mbun cathaoirleachta ar an léacht tosaigh seo.

Cruinneoidh ‘Cúirt na mBan’ le chéile maidin an tSathairn, 29 Eanáir, le breithiúntas a thabhairt ar mhórshaothar Mherriman; sin iad an Dr. Grace Neville, Ana Ní Shúilleabháin, an Dr. Úna Nic Éinrí agus Dr. Bríona Nic Dhiarmada. Beidh Máire Ní Neachtain ina reachtaire ar Chúirt seo na mbua agus na mbéithe.

Mórimeacht Scoil Gheimhridh 2005 is ea léamh den 1,026 líne de théacs iomlán Chúirt an Mheon-Oíche (teideal an fhile féin ar a dhán), oíche an tSathairn. Is iad na léitheoirí: Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain, agus is é Darach Mac Con Iomaire ó Thaibhdhearc na Gaillimhe a bheidh i mbun léirithe. Cuirfidh an scoláire, Liam P. Ó Murchú as Corcaigh, an seisiún seo i láthair.

Foillsiúchán

Merriman: I bhFábhar Béithe is teideal do Leabhar na Bliana 2005 Chumann Merriman, aistí nua le Liam P. Ó Murchú ar Bhrian Merriman agus ar a shaothar, maille le heagrán deifnídeach an scoláire chéanna, Cúirt an Mheon-Oíche (1982) ceangailte in aon leabhar amháin. An tOllamh Breandán Ó Buachalla, Ollscoil Notre Dame, SAM, a sheolfaidh an leabhar in Óstán Chaisleán Bhun Raite, iarnóin an tSathairn.

Ábhair faoi leith

Le caoinchead TG4, den chéad uair, taispéanfar scannán nua le Louis Marcus, Cosc ar Ghnéas ag Scoil Gheimhridh 2005 ar théama na cinsireachta liteartha in Éirinn, le béim faoi leith ar aistriúchán Frank O’Connor de Chúirt an Mheán Oíche.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an tríú Scoil Gheimhridh seo i mBun Raite. Grúpa nua bancheoltóirí, Líadan, iarscoláirí uile ó Ionad Cheol Cruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh, a bheidh i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.

Cuirfidh Biddy Jenkinson agus Nuala Ní Dhomhnaill clabhsúr cuí le himeachtaí Scoil Gheimhridh an Dá Chéad Chumann Merriman le léamh filíochta maidin Domhnaigh, 30 Eanáir.

CRÍOCH

Press release in English

START

Cumann Merriman will hold its bicentenial Winter School in Bunratty, County Clare, from 28 – 30 January 2005. The principal location will be the Shannon Shamrock Hotel (+353 (0)61 361 177). The Director of the 2005 Winter School is Liam Ó Dochartaigh, Director International Education, at the University of Limerick.

Guests & speakers

The Winter School will be opened by the leading poet in Irish, Nuala Ní Dhomhnaill. The opening lecture will be given by Dr. Gearóid Denvir of NUI Galway on Merriman’s European and Irish literary antecedents and descendants. Dr. Máire Ní Annracháin of NUI Maynooth will chair this session.

A Court of Women (‘Cúirt na mBan’) will pass judgement on Merriman’s masterpiece on Saturday, 29 January (Dr. Grace Neville, Ana Ní Shúilleabháin, Dr. Úna Nic Éinrí and Dr. Bríona Nic Dhiarmada, with Máire Ní Neachtain, Mary Immaculate College, Limerick, presiding).

The major event at the Winter School will be a reading on Saturday evening of the entire 1,026 lines of the original Cúirt an Mheon-Oíche (Merriman’s own spelling of the title of his poem), written in 1780. The readers will be Eoghan Ó hAnluain, Áine Uí Cheallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley and Doireann Ní Bhriain. The reading will be produced by Darach Mac Con Iomaire (Taibhdhearc na Gaillimhe), and will be introduced by UCC scholar, Liam P. Ó Murchú.

Publication

Cumann Merriman’s annual publication is Merriman: I bhFábhar Béithe (Merriman: In favour of Women), recent essays on Brian Merriman by Liam P. Ó Murchú, along with a reprint of the definitive 1982 edition of Cúirt an Mheon-Oíche by the same author. The book will be launched on Saturday afternoon in Bunratty Castle Hotel by Professor Breandan Ó Buachalla of the University of Notre Dame, USA, a powerful and engaging speaker.

Features

TG4 have arranged a preview of a new film by Louis Marcus, Cosc ar Ghnéas, which will be shown following the book launch on Saturday afternoon. This film deals with literary censorship in Ireland and in particular with the banning of Frank O’Connor’s translation of Chúirt an Mheán Oíche.

The Merriman Winter School in Bunratty will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided in the Clonmoney Suite, Shannon Shamrock Hotel, by the group Líadan, all women, and all graduates of the Irish World Music Centre at the University of Limerick.

The Bicentenary Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 30 January, with a joint poetry reading by Nuala Ní Dhomhnaill and Biddy Jenkinson, the leading women poets in Irish of their generation.

END