Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2004

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Prós Liteartha na Gaeilge 1904 – 2004

  • Ionad: Bun Raite, Co. an Chláir
  • Dátaí: 30 Eanair – 1 Feabhra 2004
  • Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh

Clár

Ionaid

Is ins an Ionad Comhdhála in Óstán Fitzpatrick (+353 (0)61 361 177) a bheidh an dá léacht, an siompóisiam agus an Chúirt Éigse.

Is in Óstán Chaisleán Bhun Raite (trasna an bhóthair) a bheidh Seoladh Leabhar na Bliana.

Is i Seomra Chluain Monaidh in Óstán Fitzpatrick a bheidh Club Merriman an dá oíche.

Dé hAoine 30 Eanáir

5.30
Clárú in Óstán Fitzpatrick, Bun Raite
7.15
Fáiltiú (fíon & sólaistí)
8.15
Oscailt na Scoile
Le Siobhán Ní Shúilleabháin
8.30
Léacht — Séadna in aois a chéid
Leis an Dr. Liam Mac Mathúna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Cathaoirleach: An Dr. Pádraigín Riggs
10.30
Club Merriman — Ceol le Donncha Ó Loinnse & Caitlín Ní Bheaglaoich

Dé Sathairn 31 Eanáir

10.30
Siompóisiam —
Diamaint as gual: prós na Gaeilge ag tús na mílaoise
Leis an Dr. Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann Má Nuad
Éan bréan a mholas é féin
Le Joe Steve Ó Neachtain
Cathaoirleach: An Dr Bríona Nic Dhiarmada
14.15
Seoladh Leabhar na Bliana — 1983 – 2002 Beathaisnéis
Le Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach
Cainteoir: An Dr. Angela Bourke
Aoi-amhránaí: Pádraigín Ní Uallacháin
8.30
Léacht — Idir Eagúil is Ammassalik: Scríoba Pinn
Le Pádraic Breathnach, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Cathaoirleach: An Dr. Gearóid Denvir
Club Merriman — Ceol le Donncha Ó Loinnse & Caitlín Ní Bheaglaoich

Dé Domhnaigh 1 Feabhra

11.00
Cúirt Éigse na Scoile
Le Joe Steve Ó Neachtain, Déirdre Ní Ghrianna, Pádraig Ó Cíobháin & Alan Titley

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

Reachtálfar 36ú Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i mBun Raite, in oirdheisceart Chontae an Chláir, gar do chathair Luimnigh, ó Aoine go Domhnach, 30 Eanáir go 1 Feabhra 2004. In Óstán Fitzpatrick i mBun Raite a bheidh formhór imeachtaí na Scoile agus is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, stiúrthóir na scoile don seachtú bliain as a chéile.

Déanfar comóradh le linn na Scoile ar fhoilsiú Séadna, leis an Athair Peadair, i bhfoirm leabhair i 1904. Breathnófar chomh maith ar phrós comhaimseartha na Gaeilge, 100 bliain tar éis don Phiarsach a fhógairt Here at last is literature.

Siobhán Ní Shúilleabháin, duine de phríomhúdair na Gaeilge in iliomad genre, a osclóidh an Scoil. Is de bhunadh Chorca Dhuibhne í agus cónaí uirthi i gCathair na Gaillimhe le blianta fada.

An Dr. Liam Mac Mathúna, Cláraitheoir Choláiste Phádraig Droim Conrach, a thabharfaidh an chéad léacht tráthnóna Dé Aoine, Séadna in aois a chéid. Gaillimheánach lonnaithe i Luimneach, Pádraic Breathnach, Coláiste Mhuire gan Smál, a thabharfaidh léacht thráthnóna an tSathairn ar a shaol scríbhneora féin.

Beidh siompóisiam maidin an tSathairn leis an Dr Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ag trácht ar staid reatha fhoilsiú an phróis agus Joe Steve Ó Neachtain, gearrscéalaí agus úrscéalaí, gan trácht ar a shaothar ilghnéitheach eile, ag caint ar a shaothar féin. (Éan bréan a mholas é féin, a deir sé.) Páirteach sa Scoil freisin beidh an Dr. Pádraigín Riggs (Corcaigh), an Dr. Bríona Nic Dhiarmada (Luimneach) agus an Dr. Gearóid Denvir (Gaillimh).

Ócáid ríspeisialta i mbliana is ea foilsiú Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman, 1983 – 2002 Beathaisnéis le Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach. Seo é an tOchtú Imleabhar sa sraith seo ó na húdair chéanna. Éacht taighde, scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta is ea an tionscadal seo ar cuireadh tús leis breis is 20 bliain ó shin. Déanfar ceiliúradh cuí ar shraith na mBeathaisnéisí ag an Scoil Gheimhridh agus is í an Dr. Angela Bourke (Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath) a sheolfaidh an t-imleabhar is deireanaí i mBun Raite. Casfaidh Pádraigín Ní Uallacháin cúpla amhrán leis an ócáid a cheiliúradh.

Beidh Léamh Próis maidin an Domhnaigh (Lá ‘le Bríde) le clabhsúr a chur ar imeachtaí na Scoile. Léifidh Joe Steve Ó Neachtain, Déirdre Ní Ghrianna, Pádraig Ó Cíobháin agus Alan Titley sleachta as a saothar féin.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh i mBun Raite. Is iad Donncha Ó Loinnse agus Caitlín Ní Bheaglaoich a bheidh i bhfeighil Chlub Merriman an dá oíche.

Press release in English

To follow.