Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2003

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Scéal Liom Daoibh — Léann na Gaeilge agus an Pobal

  • Ionad: Bun Raite, Co. an Chláir
  • Dátaí: 31 Eanair – 2 Feabhra 2003
  • Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh

Clár

Ionaid

Is san Ionad Comhdhála in Óstán Fitzpatrick a bheidh na himeachtaí go léir ach Seoladh Leabhar na Bliana, a bheidh ins an Scioból, i nDaonpháirc Bhun Raite.

Dé hAoine 31 Eanáir

5.30
Clárú in Óstán Fitzpatrick
7.15
Fáiltiú (fíon agus sólaistí)
8.15
Oscailt na Scoile
An tOllamh Breandán Ó Madagáin
Cathaoirleach, Bord Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
8.30
Léacht — Gallant allies in Europe: Teangeolaithe agus Rómánsaithe sa Ghearmáin agus in Éirinn
An tOllamh Gearóid Mac Eoin
Ollamh Emeritus, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
10.30
Club Merriman — Ceol le Donncha Ó Loinnse & Caitlín Ní Bheaglaoich

Dé Sathairn 1 Feabhra

10.15
Siompóisiam — Léann na Gaeilge agus an Pobal: Cén léann? Cén pobal? Cén teanga?
Cainteoirí:
An Dr Louis de Paor, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
An Dr Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath
An tOllamh Breandán Ó Buachalla, Ollscoil Notre Dame, Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Cathaoirleach:
An tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
2.15
Seoladh Leabhar na Bliana
An Scioból, Daonpháirc Bhun Raite
Ón Ulán Ramhar Aniar — ag éisteacht le Máirtín Ó Direáin
Le Eoghan Ó hAnluain
Cainteoir: Muiris Mac Conghail
Aoí-amhránaí: Treasa Ní Mhiolláin, Sruthán, Árainn
8.30
Léacht — Cúrsaí an lae — An Léann Ceilteach sa Chomhthéacs Comhaimseartha
An tOllamh Máire Herbert, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
10.30
Ceol le Donncha Ó Loinnse & Caitlín Ní Bheaglaoich

Dé Domhnaigh 2 Feabhra

11.00
Cúirt Éigse na Scoile
Dánta Sean is Nua
Le Biddy Jenkinson
Amhránaí: Pádraig Ó Cearbhaill

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

Tar éis blianta fada ar deoraíocht ó Thuamhumhain agus ó Chontae an Chláir, reachtáilfear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i mBun Raite, in oirdheisceart an chontae, gar do chathair Luimnigh, ó Aoine go Domhnach, 31 Eanáir go 2 Feabhra 2003. In Óstán Fitzpatrick i mBun Raite a bheidh formhór imeachtaí na Scoile agus is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, stiúrthóir na Scoile.

Léann na Gaeilge

Déanfar comóradh le linn na Scoile ar bhunú Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903. Breathnófar, leis, ar chraobhscaoileadh leanúnach thorthaí Léann na Gaeilge i measc an phobail — i measc phobal na Gaeilge go speisialta — agus ar a bhfuil fós le cur i gcrích i réimsí éagsúla léinn i ngort na Gaeilge.

Imeachtaí

Is é an tOllamh Breandán Ó Madagáin, cathaoirleach Bhord Scoil an Léinn Cheiltigh d’Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a osclóidh an Scoil. Luimníoch é an tOllamh Ó Madagáin gan amhras agus Luimníoch eile, an tOllamh Gearóid Mac Eoin, Ollamh Emeritus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thabharfaidh an chéad léacht (Gallant allies in Europe: Teangeolaithe agus Rómánsaithe sa Ghearmáin agus in Éirinn), tráthnóna Dé Aoine. Labhróidh an tOllamh Máire Herbert, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, tráthnóna Dé Sathairn ar Cúrsaí an Lae — an Léann Ceilteach sa Chomhthéacs Comhaimsireach. Beidh siompóisiam maidin an tSathairn leis an Ollamh Máirín Ní Dhonnchadha sa chathaoir. Pléifear “Pobal Léann na Gaeilge” agus is iad an Dr Louis de Paor (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), an Dr Máirín Nic Eoin (Coláiste Phádraig, Droim Chonrach), agus an tOllamh Breandán Ó Buachalla (Ollscoil Notre Dame, Indiana, Meiriceá) na cainteoirí.

Leabhar na Bliana

Is é Ón Ulán Ramhar Siar — ag éisteacht le Máirtín Ó Direáin le Eoghan Ó hAnluain Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman. Muiris Mac Conghail a sheolfaidh an leabhar le linn na Scoile i nDaonpháirc Bhun Raite, agus casfaidh Treasa Ní Mhiolláin, fonnadóir as baile dúchais Mháirtín Uí Dhireáin in Árainn, cúpla amhrán leis an ócáid a cheiliúradh.

Dánta Sean is Nua teideal an tseisiúin filíochta ag Biddy Jenkinson le clabhsúr a chur ar imeachtaí na Scoile. Beidh an fonnadóir Pádraig Ó Cearbhaill ina teannta le rogha d’amhráin mhóra na Gaeilge.

Press release in English

To follow.