Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2002

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Eúró ‘s é do Bheatha Abhaile

  • Ionad: Gleann Maghair, Co. Chorcaí
  • Dátaí: 1 – 3 Feabhra 2002
  • Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh

Clár

Ionaid

Is in Óstán Vienna Woods i nGleann Maghair a bheidh na himeachtaí go léir ach amháin Seoladh Leabhar na Bliana agus an Seisiún Amhránaíochta ar an Satharn.

Dé hAoine 1 Feabhra

5.45
Clárú: Óstán Vienna Woods
7.30
Fáiltiú (fíon, sólaistí)
8.15
Oscailt na Scoile
An tOllamh John A. Murphy
8.30
Léacht — Boston, Berlin agus Béal a’ Mhuirthead
Cathal Mac Coille, craoltóir agus iriseoir
10.30
Club Merriman. Ceol, amhráin, rince agus scléip
Fear a’ tí: Antaine Ó Faracháin

Dé Sathairn 2 Feabhra

10.15
Siompóisiam — Gaelú na hEorpa nó Eorpú na Gaeilge?
Cainteoirí:
An Dr. Grace Neville, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Aodh Ó Canainn, Údar agus aistritheoir
An Dr. Andrea Nic Thaidhg, Scoláire Gearmáinise
Cathaoirleach: An tOllamh Mícheál Mac Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
2.15
Seoladh Leabhar na Bliana i gColáiste ‘n Phiarsaigh, Gleann Maghair
1560 – 1781 Beathaisnéis le Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach
Cainteoir: An tOllamh Seán Ó Coileáin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
3.30
Seisiún Amhránaíochta á riaradh ag Antaine Ó Faracháin
Ionad: Tábhairne an Heron’s Perch, Gleann Maghair
8.30
Léacht — Oscail d’intinn dar tharla ó d’éalaigh na hIarlaí thar sáile: Eorpú an dúchais sa Seachtú hAois Déag
An Dr. Tadhg Ó Dúshláine, Ollscoil na nÉireann, Maigh Nuad
Cathaoirleach: An Dr. Meidhbhín Ní Úrdail, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
10.30
Club Merriman. Ceol, amhráin, rince agus scléip
Fear a’ tí: Antaine Ó Faracháin

Dé Domhnaigh 3 Feabhra

11.00
Cúirt Éigse na Scoile
Dánta Sean is Nua
Le Biddy Jenkinson
Amhránaí: Pádraig Ó Cearbhaill

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

  • Coiste Ghlór na nGael, Gleann Maghair
  • Óstán Vienna Woods
  • Coláiste ‘n Phiarsaigh
  • Tábhairne an Heron’s Perch
  • Bus Éireann
  • Foras na Gaeilge
  • Údarás na Gaeltachta
  • Raidió Telefís Éireann
  • Raidió na Gaeltachta
  • Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
  • Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
  • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Cainteoirí

Preaseisiúint i nGaeilge

Anois teacht an Eúró…

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGleann Maghair, Corcaigh, (den gcéad uair riamh) ó Aoine go Domhnach, 1 – 3 Feabhra 2002. Eúró, ‘sé do Bheatha Abhaile téama na Scoile, an 34ú Scoil Gheimhridh ag Cumann Merriman.

Anois agus an t-aistriú airgeadra ón bPunt Éireannach go dtí an Eúró beagnach curtha i gcrích agus gan ach cúpla lá eile fágtha ag an bPunt, is mithid athmhachnamh a dhéanamh ar an ngaol idir Éire agus tíortha eile an Aontais Eorpaigh. Sin é a bheidh á phlé ag an Scoil Gheimhridh seo. Dhá phríomhábhar a bheidh i gceist: cúrsaí reatha polaitiúla, go háirithe i gcomhthéacs an droim láimhe a thug vótóirí na hÉireann do Chonradh Nice, agus an ceangal cultúir — trí mheán na Gaeilge — idir Éire agus mór-roinn na hEorpa.

Is é an tOllamh John A Murphy a osclóidh an scoil. Cathal Mac Coille ó RTÉ a thabharfaidh an chéad léacht tráthnóna Dé hAoine; Boston, Berlin agus Béal a’ Mhuirthead teideal a chuid cainte. Maidin an tSathairn, labhróidh Grace Neville, Aodh Ó Canainn agus Andrea Nic Thaidhg ar an ábhar Gaelú na hEorpa agus Eorpú na Gaeilge faoi chathaoirleacht Mhíchíl Mhic Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tadhg Ó Dúshláine — ar as Gleann Maghair dó ó thus — a thabharfaidh léacht thráthnóna an tSathairn ar Eorpú an Dúchais sa Seachtú hAois Déag.

Páirteach sa Scoil Gheimhridh beidh: John A Murphy, Cathal Mac Coille, Antaine Ó Faracháin, Mícheál Mac Craith, Grace Neville, Aodh Ó Canainn, Andrea Nic Thaidhg, Seán Ó Coileáin, Tadhg Ó Dúshláine, Meidhbhín Ní Úrdail, Michael Davitt agus Liam Ó Muirthile.

Is é 1560 – 1781 Beathaisnéis le Maire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, an seachtú himleabhar sa sraith iomráiteach de bheathaisnéisí scoláirí agus scríbhneoirí na Gaeilge, Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman. An tOllamh Seán Ó Coileain a sheolfaidh an leabhar ag an Scoil Gheimhridh, iarnóin an tSathairn i gColáiste ‘n Phiarsaigh, Gleann Maghair.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh seo i nGleann Maghair, an chéad scoil riamh ag Cumann Merriman i bpríomhchathair na Mumhan. Cuirfear clabhsúr ar an scoil le Cúirt Éigse, léamh filíochta le Michael Davitt agus Liam Ó Muirthile, beirt de bhunaitheoirí Innti agus beirt Chorcaíoch…

Press release in English

To follow.