Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2001

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

An Creideamh Athartha — Críoch nó Athfhás?

  • Ionad: Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
  • Dátaí: 2 – 4 Feabhra 2001
  • Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh

Clár

Ionaid

In Óstán na Páirce i nDún Garbhán a bheidh na himeachtaí go léir ach amháin Seoladh Leabhar na Bliana agus an Seisiún Amhránaíochta ar an Satharn.

Dé hAoine 2 Feabhra

5.45
Clárú: Óstán na Páirce
7.30
Fáiltiú (fíon, sólaistí).
8.15
Oscailt na Scoile.
An tOllamh John A. Murphy.
8.30
Léacht — An Spioradáltacht Cheilteach: Cumar na dTrí nUisce
An Dr. Seán Ó Duinn, O.S.B., Mainistir Ghleann Stáil.
10.30
Club Merriman. Ceol, amhráin, rince agus scléip.
Fear a’ tí: Antaine Ó Faracháin.

Dé Sathairn 3 Feabhra

10.15
Siompóisiam
Radharc ó Eaglais na hÉireann leis An Dr. Valerie Jones
Go dteaga Do Ríocht le Máirtín Mac Donnchadha.
An Creideamh Máthartha le Irena Ní Mháille
Cathaoirleach: Seán Óg Ó Baoill
2.15
Seoladh Leabhar na Bliana i Leabharlann Dhún Garbhán, Na Céanna.
Saoi na hÉigse: Féilscríbhinn Sheáin Uí Thuama. Eagg. Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin.
Cainteoir: An tOllamh Máirtín Ó Murchú
3.30
Seisiún Amhránaíochta á riaradh ag Antaine Ó Faracháin.
Ionad: The Sailing Club, Na Céanna, Dún Garbhán.
8.30
Léacht — An Réicbhuile Gaelach agus an Réabhlóid Deabhóide
An Dr. Úna Nic Éinrí, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Cathaoirleach: An Dr. Niall Ó Ciosáin.
10.30
Club Merriman. Ceol, amhráin, rince agus scléip
Fear a’ tí: Antaine Ó Faracháin.

Dé Domhnaigh 4 Feabhra

11.30
Reacaireacht na Scoile, á cur i láthair ag Seán Mac Réamoinn.

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

Scoil Gheimhridh na Fíor-Mhílaoise

Tionóladh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nDún Garbhán den chéad uair riamh anuraidh. Bhain an lucht freastail ana-shásamh as an Scoil sin agus go háirithe, ba mhór acu an deis cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht uasal na Rinne. An Ghaeilge féin a bhí mar théama anuraidh againn; cúrsaí creidimh atá faoi chaibidil i mbliana. Arís, ní hiontas go gcuirfeadh Cumann Merriman suim san ábhar seo, gné lárnach de chultúr na hÉireann san am a caitheadh agus gné láidir fós i saol príobháideach na muintire, fiú má tá an ghné phoiblí faoi léigear faoi láthair.

Ábhair agus daoine

Táthar ag súil go mbeidh seisiúin ag an Scoil ar na hábhair seo a leanas: an traidisiún Gaelach críostaí; géarchéim na hEaglaise Rómhánaí in Éirinn; iarrachtaí ag daoine éagúla athfhás a spreagadh san eaglais sin (mná go háirithe); dearcadh ar Éirinn ó dhaoine a chaith blianta sa treas domhan; traidisiúin eile seachas an eaglais rómhánach; gluaiseachtaí agus creidimh nua ag teacht go hÉirinn le blianta beaga anuas; agus filíocht agus amhráin ar théama na Scoile.

Páirteach sa Scoil beidh: Louis Marcus, Seán Ó Duinn O.S.B., Seán Óg Ó Baoill, Máirtín Mac Donnchadha, Irene Ní Mháille, Úna Nic Éinrí, Máirtín Ó Murchú, Seán Mac Réamoinn, Doireann Ní Bhriain agus Eoghan Ó hAnluain.

Leabhar na bliana

Is é Saoi na hÉigse: Féilscríbhinn Sheáin Uí Thuama (Eagarthóirí: Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin) Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman. An tOllamh Máirtín Ó Murchú a sheolfaidh an leabhar ag an Scoil Gheimhridh.

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh i nDún Garbhán, an dara Scoil Gheimhridh ag Cumann Merriman sna Déisibh.

Press release in English

To follow.