Scoil Chumann Merriman 2006 i mBeirlín

Díreach go: téama | clár.

An leagan Gearmáinise a dhein an scoláire Ludwig Ch. Stern de Chúirt an Mheán Oíche

  • Ionad: Ollscoil Humboldt (Unter den Linden), Beirlín na Gearmáine.
  • Dátaí: 23 – 24 Márta 2006

I 1905 foilsíodh leagan Gearmáinise a dhein an scoláire Ludwig Ch. Stern de Chúirt an Mheán Oíche. I 2006, d’eagraigh Cumann Merriman Scoil ar leith in Ollscoil Humboldt i mBeirlín chun é seo a cheiliúradh.

B’é a Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine a d’oscail an Scoil agus le linn na hoscailte d’fhógar sé maoiniú do sheacht gcinn d’Ollscoileanna Gearmánacha as ‘Ciste Léann na Gaeilge’ chun tacú le teagasc na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin.

I measc na gcainteoirí bhí Liam P. Ó Murchú, Joachim Fischer, an tOllamh Pádraig Ó Riain agus an tOllamh Hildergard Tristram.

Clár

Déardaoin 23ú Márta

18.30 Fáiltiú
Ollscoil Humboldt (Unter den Linden), mar a bhfuil cartlann fuaime, agus neart taifead inti de chainteoirí dúchais Gaeilge, déanta tríd an fichiú aois.
19.30 Oscailt na Scoile
Le hAmbasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, a Shoilse Seán Ó hUiginn.
Cur i láthair
Le Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Chumann Merriman. Bunú, stair agus aidhmeanna Chumann Merriman á bplé, i dteannta cur síos ar Bhrian Merriman agus ar a dhán cháiliúil, Cúirt an Mheán Oíche.
Léacht
An tSlí á Réiteach: Ludwig Stern agus an Léann Ceilteach sa Ghearmáin leis an Ollamh Pádraig Ó Riain, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Duaiseoir Humboldt. Cathaoirleach: Hildegard L.C. Tristram, Ollscoil Freiburg.
21.00 Sleachta as Cúirt an Mheán Oíche
Léite as Gearmáinis ag Hildegard L.C. Tristram is Arne Peters, agus as Gaeilge ag Eoghan Ó hAnluain is Áine Uí Cheallaigh. Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.
22.30 Club Merriman
Caidreamh, caidreáil agus amhránaíocht in Óstán an Chlarion leis na fonnadóirí sean-nóis, Áine Uí Cheallaigh, Pádraig Ó Cearbhaill is Lillis Ó Laoire.

Dé hAoine 24ú Márta

09.30 Léacht
Cúirt Mherriman: ‘Leabhar an Údair Féin’, na Lámhscríbhinní agus na hEagarthóirí le Liam P. Ó Murchú, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cathaoirleach: An Dr. Meidhbhín Ní Úrdail.
10.30 Léacht
Ó Stern go Kirsch: Merriman á nochtú do na Gearmánaigh leis an Dr. Joachim Fischer, Ollscoil Luimnigh. Cathaoirleach: An Dr. Meidhbhín Ní Úrdail.
11.00 Sos tae
Sóláistí.
11.30 Léacht
Léann na Gaeilge agus an Léann Ceilteach i dtíortha na Gearmáinise inniu leis an Ollamh, an Dr. Hildegard L.C. Tristram, Ollscoil Freiburg. Cathaoirleach: An Dr. Liam Mac Mathúna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach.
12.30 Lón
Bialann an Dáréag Aspal.
14.30 Cuairt ar Chartlann Fuaime Ollscoil Humboldt
Á stiúradh ag Sabine Heinz agus riarthóir na cartlainne, Jurgen Marenholz.
19.30 Fáiltiú
Cuireadh go hÁras an Ambasadóra óna Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann go Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.