
Buíochas leis na húdair
Foilsíodh an t‑alt seo den chéad uair i 1882 – 1982: Beathaisnéis a Ceathair le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. Gabhann Cumann Merriman buíochas leis na húdair as cead a thabhairt chun é a fhoilsiú anseo.


Sorcha i Roisín na Mainiach
Ba í Sorcha Ní Ghuairim an duine ab óige den aon duine dhéag clainne a bhí ag Máirtín Gorham, feirmeoir i Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Catherine Burke. Deirfiúr di Máire Ní Ghuairim. Rugadh í 10 Deireadh Fómhair 1911.
Sorcha an múinteoir agus an t‑iriseoir
Chaith Sorcha Ní Ghuairim tamall i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ag foghlaim faoin Ollamh Tomás Ó Máille. Fuair sí obair mhúinteora Gaeilge faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ó Sheán Beaumont. Tá cuntas ag Éamon Ó Ciosáin (An t‑Éireannach 1934 – 1937: nuachtán sóisialach Gaeltachta, 1993) ar an obair a dhéanadh sí in oifig An t‑Éireannach agus ar an gcomaoin a chuir sí ar an bpáipear sin.
Ar dtús is ag scríobh na nuachta, ag cumadh ceannlínte agus ag scríobh eagarfhocal a bhíodh sí in éineacht le Tomás Ó Flaithearta. Ceapadh í ansin ina heagarthóir ar pá, post a bhí aici go dtí gur theip ar an bpáipéar. Faoin ainm ‘Niamh Chinn Óir’ scríobhadh sí leathanach na bpáistí. I gcomhpháirt le Pádraig Ó Concheanainn d’aistrigh sí ó Bhearla an Chaptaen Charles Mc Guinness an leabhar eachtraíochta Viva Irlanda le cur i gcló sa pháipear agus thug an Gúm amach mar leabhar é, Ceathrar Comrádaí, 1943.
Ina dhiaidh sin bhí sí ina heagarthóir Gaeilge agus ina colúnaí faoin ainm ‘Coisín Siúlach’ in Scéala Éireann. Fuair sí post múinteora Gaeilge i gColáiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath. In Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 1992, déanann Ristéard Ó Glaisne an cur síos seo uirthi: I 1941 ceapadh bean óg chiardhubh álainn aniar as Carna ar chósta Chonamara, Sorcha Ní Ghuairim, mar léachtóir ar an nGaeilge labhartha sa Choláiste; i 1947 bronnadh uirthi an chéim M.A. jure officii. Bhí an dúchas Gaelach aicisi mar nach raibh sé ag morán daoine eile riamh, agus guth binn ceoil
.
Duine de na mic léinn a bhí ag foghlaim uaithi ab ea Douglas Sealy agus faighfear tuairim dá háilleacht, dá pearsantacht, dá hábaltacht mar mhúinteoir, agus dá cumas mar amhránaí in aiste a scríobh sé in Scéala Éireann in Eanair 1977 (i gcló i leabhar Éamoin Uí Chiosáin, chomh maith le pictiúr dubh is bán den phortráid a rinne Charles Lamb).
Sorcha an t-amhránaí sean‑nóis
Is mar amhránaí sean‑nóis is mó a d’fhan cuimhne ar Shorcha Ní Ghuairim. Tá lámhscríbhinn dar dáta 7 Feabhra 1942 i gCnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Téacsanna amhrán atá i gceist maille le heolas orthu agus dúirt sí ann: Ó mo mhuintir a fuair mé a mbunáite seo uilig. Tá corrcheathrú anseo is ansiúd i gcuid de na hamhráin a thóg mé ó bheith ag éisteacht leo dhá ngabháil i dtithe ceoil, ach is beag é. Cés moite de chorrcheann, tá na hamhráin seo ag rith liom ó m'óige. Níor scríobh mé aon cheann acu síos go dtí anois féin, ach iad a thabhairt lion ó bhéal na bhfonnadóirí ar lic an teallaigh. Nuair a bhí mé ag tíocht suas bhíodh oícheanta móra foinn sa teach againn, agus bhíodh m'athair is mo mháthair, go ndéana Dia maith orthu, ag dántaireacht go minic agus, go háithrid, nuair a bhíodh díomá nó buaireamh ar bith orthu
.
Rinne sí roinnt amhrán, chomh maith le scéal amháin, a thaifeadadh do Folkways i Nua‑Eabhrac le linn di bheith ar cuairt ag a deartháireacha i 1945. Bhí duine díobh, Máirtín, ina bhall de Chabhlach na Stat Aontaithe agus tamall maith caite aige ina phríosúnach sa tSeapáin. D'atheisigh Cló Iar‑Chonnachta an taifead mar chaiséad i 1990 faoin teideal An Chéad Dólas.
Sorcha i Londain
Dar le Amarach 15 Aibreán 1955 gur ghlac Sorcha páirt i gclár raidió Abair mar seo é. D'fhág sí Éire tamall ina dhiaidh sin agus bheadh cónaí uirthi feasta i Londain agus obair a bhí go maith faoi bhun a cumais mar shlí bheatha aici.
Meastar gurbh é meath na Gaeltachta agus athruithe mar an cló romhánach agus an Caighdean Oifigiúil a d’fhág gan mhisneach í. Deirtear go raibh foclóir de chora cainte curtha i dtoll a chéile aici agus gur cailleadh é thall.
I Londain a bhásaigh Sorcha. In aiste thathagach ar a saol, ‘ "Is í an Fhilíocht anam an Cheoil" — Sorcha Ní Ghuairim, Amhránaí Roisín na Mainiach’ (Bliainiris 2002), deir Ríonach uí Ógáin gur ar 15 Nollaig 1976 a cailleadh í. Cuireadh i gCarna í Oíche Nollag.
Deir Éamon Ó Ciosain go raibh sí mór le Éamonn Mc Grotty a maraíodh i gCath Jarama sa Spáinn 23 Feabhra 1937.
Sorcha ar dlúthcheirnín

I 2002 d’eisigh Gael Linn Sorcha, cnuasach nua ar dlúthcheirnín de thaifid a dhein Sorcha Ní Ghuairim. Fuarthas míreanna an chnuasaigh ó foinsí éagsúla agus deineadh athmháistriú digiteach orthu uilig. Ríonach uí Ógáin a léirigh an t‑albam, uimhir chatalóige CEFCD182. B'í Ríonach a chuir an scannán faisnéise ar shaol Shorcha, Ar Lorg Shorcha, i láthair. Seoladh an scannán seo le linn Scoil Gheimhridh Mherriman 2007 i gCathair na Mart. Bhí leabhrán de shé leathanach déag ar cheithre fichead as Béarla agus as Gaelainn, i dteannta an chnuasaigh, agus i measc na n-abhar bhí alt ar shaol Shorcha, faisnéis ar na taifid, liricí na n‑amhrán (mar aon le nótaí ortha a scrígh Sorcha féin) agus roinnt grianghraif de Shorcha agus a muintir.
Gael Linn
Tá Cumann Merriman buíoch de Ghael Linn as ucht cead a thabhairt dúinn chun íomhánna, fuaimghiotáin den chnuasach agus giotáin de nótaí Shorcha a chur i láthair anseo. Tá siad uilig cóipcheart Ghael Linn. Tá an t‑albam ar fáil le ceannach ar a láithreán féin nó i siopaí maithe ceirníní.
Fondúireacht neamhpholaitiúil, neamhrialtasach is ea Gael Linn, a bunaíodh sa mbliain 1953 agus a bhfuil mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fuad na hÉireann trí cheol, amhránaíocht, spórt, díospóireacht, cúrsaí agus réimse leathan d’imeachtaí eile.
Aithnítear lipéad ceoil Gael Linn mar chomhartha de cheol traidisiúnta agus d’amhránaíocht den scoth. I measc na n‑oirfideach ar chatalóg Gael Linn tá Seán Ó Riada, Aoife Ní Fhearraigh, Áine Uí Cheallaigh, Seosamh Ó hÉanaí agus Paddy Glackin. Reáchtáileann Gael Linn gnó dáileachán ceoil leis, a bhfuil breis agus 30 lipéad eile san áireamh. Cuireann siad so réimse leathan abhair ar fáil: ceol traidisiúnta agus cheol comhaimseartha na tíre seo, ceol eitneach, agus ceol dúchasach an domhain mhóir.
Digeas, Ó Deabhas, Ó
460KB / 0:19sThis is apparently a dance‑song and a matchmaking song. I never heard anyone else sing it apart from my mother who sang it whil she was dandling my sister’s child. I would not have heard it except for the fact that it related to the event.
Caoineadh na dTrí Muire
2.05MB / 1:27sI heard some of the words of the song from my sister Máire, and a line here and there from other people from time to time. I learned the accompanying lament from my mother.
An Sceilpín Draighneach
1.40MB / 0:58sThis song was so popular when I was a child I could not have avoided knowing it. I could not say from whom I learned it... I am not too sure if the ninth verse is part of it. I never heard this verse in it until last year when I heard my father sing it, but his memory was failing by then.
Amhrán na Trá Báine
1.17MB / 0:49sThis song is very highly thought of in Iorras Aithneach because it was composed by Bríd Ní Mháile, a woman from An Trá Bhán. A woman from An Tullach was telling me that she knew Bríd Ní Mháile in America and when she heard that her brothers had drowned, that she did not shed a tear until she composed this song.
Hó-bha‑in
1.34MB / 0:57sEveryone had their own version of this lullaby long ago. Like the lament, everyone put their own words with it, as it suited them. But they all had
Hó-bha‑in mo leanbh is gabh amach a bhobogha
[Hó-bha-in my child and go out bogey‑man
] as they rocked the child.
Is Óra a Mhíle Grá
1.47MB / 1:02sAll the young people composed these songs when I was a young girl. They all composed and sang them when they were herding on the hill or drawing turf. Two people, or two groups of people... would sing back and forth to one another.
An Ceannaí Fírinneach is an Ceannaí Bréagach
1.5MB / 1:04sSorcha’s version of a well‑documented international folktale... ‘At a gathering of cats a blind man overhears secrets which enable him to recover his sight and cure the King’s daughter. His wicked, untruthful companion, however, attempts to emulate him and has his eyes pulled out.'
An Draighneán Donn
1.90MB / 1:22sA young man used to visit a fair in a certain place and he met a young girl there and they fell in love. Then the fairs were discontinued and they did not see one another again until the night of his wedding feast. She came to the wedding feast dressed as a travelling woman.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil