Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Gleann Maghair

Ar an leathanach seo tá alt ar Ghleann Maghair, a bhfuil naisc aige le fillíocht, ó Dhámhscoil na Blarnan go hInnti.

Ar an Leathanach seo

  1. Liosta Scoileanna a reachtáileadh i nGleann Maghair
  2. Blaiseadh de stair Ghleann Maghair
  3. Cumann Merriman i gCorcaigh

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Scoileanna i nGleann Maghair

Reachtáileadh na Scoileanna seo a leanas in Gleann Maghair:

Talamh beannaithe

Talamh beannaithe is ea Gleann Maghair, ball a thaithíodh filí Dhámhscoil na Blarnan agus filí Chúirt Éigse Charraig na bhFear — gan trácht thar fhilí Innti! Bhíodh triall scríobhaithe Chorcaí ar an mbaile agus ba mhinic cónaí ar Mhicheál Óg Ó Longáin ann. Ann a rugadh an tAthair Conchubhar Mac Cairteáin a chuir Agallamh na bhFíoraon ar fáil agus a chaoin Ó Bruadairi véarsaí Laidine. Chaith Seán Ó Murchú na Ráithíneach tamall ina chléireach cúirte ann. Agus nach ar mullach an Charraigín Mhóir ar bruach Ghleanna Maghair a chuir bantiarnaí Pharlaimint na mBan a gcúirt á tógáil sa bhliain 1697? Bhí sé thar am ag Cumann Merriman an Scoil Gheimhridh a thabhairt ann.

Merriman i gCorcaigh

Is fada Cumann Merriman ag bagairt Scoil Gheimhridh a reachtáil i gCorcaigh, tharla ana-bhaint a bheith ag scoláirí ón chathair sin le stair an Chumainn. Bhí an tOllamh Seán Ó Tuama ar bhunaitheoirí Chumann Merriman agus is mó sin scoláire Gaelainne san Ollscoil ar roghnaíodh leabhar leo mar leabhar bliana an Chumainn, ina measc an t‑eagrán deifnídeach de Chúirt an Mheon‑oíche le Liam P. Ó Murchú. Tá an tOllamh John A. Murphy ar na cairde is dílse ag an gCumann, agus rinne Áine de Baróid agus Leachlainn Ó Catháin a gcion féin dúinn thar na blianta. Dá réir sin, tá muid fíorbhuíoch de Choiste Ghlór na nGael, Ghleann Maghair as cuireadh a thabhairt do Chumann Merriman ár gcéad Scoil riamh a reachtáil i bpríomhchathair na Mumhan.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2012 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.