Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Cathair na Mart

Ar an leathanach seo tá alt ar Chathair na Mart, baile deartha a tógadh san áit ina raibh dúnáras ag Muintir Uí Mháilligh.

Ar an Leathanach seo

  1. Liosta Scoileanna a reachtáileadh i gCathair na Mart
  2. Mar gheall ar Chathair na Mart
  3. Máirtín Ó Cadhain, Cathair na Mart agus Cumann Merriman

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Scoileanna i gCathair na Mart

Reachtáileadh na Scoileanna seo a leanas i gCathair na Mart:

Cathair na Mart – baile pleanáilte

Baile breá pleanáilte, idir shráideanna, dhroichid agus go fiú Abhainn na Ceathrún Bige féin is ea Cathair na Mart. Ag féachaint duit ar an meal, ar na foirgnimh ghrástúla agus ar an gcearnóg fhairsing, chaithfeá a rá gur baile ríthaitneamhach é. Tá dúiche álainn mór‑thimpeall: Cruach Phádraig (that conical mountain to the left is Croagh Patrick, The Irish Sketch Book le Thackeray), Néifinn Bheag, Cuan Mó gona chéadta oileán…

Baile mór turasóireachta é Cathair na Mart agus tá a rian san le feiscint ar éagsúlacht agus ar bhreáthacht na siopaí agus ar a raidhsiúlacht, agus ar fheabhas na mbialanna, na dtithe lóistín agus na dtithe ósta ann.

Máirtín Ó Cadhain, Cathair na Mart agus Cumann Merriman

I gCathair na Mart a cuireadh cló ar Cré na Cille. Arna chur i gcló do Sháirséal agus Dill Teo. ag Foilseacháin Náisiúnta Teo., Cathair na Mart, idir Lá Fhéile Muire sa bhFómhar agus Lá Nollag 1949, a deirtear ar chúl an leabhair. Is cuí mar sin go dtiocfadh Scoil Gheimhridh na bliana 2006 go dtí an ball, i gcomóradh ar bhliain bhreithe an Chadhnaigh.

I gCathair na Mart, leis, a bhí cónaí ar chara dlúth agus comhfhreagraí leis an gCadhnach, Eoghan Ó hAodha, comhairleoir contae.

Máirtín Ó Cadhain a thug an chéad léacht ag céad Scoil Gheimhridh Chumann Merriman ar an Aonach i gCo. Thiobraid Árann i 1969 agus scaipeadh Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ar bhaill an Chumainn an bhliain dár gcionn.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2012 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.