Scoileanna i mBun Raite
Reachtáileadh na Scoileanna seo a leanas mBun Raite:
Moladh an Nuintis
Is ródhócha gur i gCaisleán Bhun Raite a rugadh Máire Rua Nic Conmara, ar Bhrianach a máthair. Sa bhliain 1646 dúirt Rinnucini, Nuinteas an Phápa, faoin Chaisleán: In Italy there is nothing like the palace and grounds of the Lord Thomond, nothing like its ponds and park with its three thousand head of deer
. Buanchara le Cumann Merriman, Caoimhín Ó Danachair, a leag amach an Daonpháirc agus tá rian a láimhe le feiscint fós sa chomharthaíocht dhátheangach ar na tithe bunaidh. Ní fada uainn An Chreatalach, áit dhúchais Dhonncha Rua Mhic Conmara (1715 – 1810) (Bánchnoic Éireann Ó) agus Edward Lysaght (1763 – 1809) (a chum an t‑amhrán Cáit ó Gharrán a’ Bhile) agus thiar uainn tá Droim Eolaing, mar ar rugadh William Smith O’Brien. I mBarúntacht Bhun Raite Uachtair atá Magh Adhair, mar a ndeir na Ceithre Máistrí a teascadh an Bile Aonaigh — ionad ársa insealbhaithe Dhál gCais agus na mBrianach ina ndiaidh — sa bhliain 982, iarna thochailt ó na préamhacha aníos ag Maolsheachlainn Rí Éireann.
Na Merry Men i mBun Raite
Scríobh an file Seán Ó Ríordáin alt géar san Irish Times, 1 Meitheamh 1968, dar teideal Na Merry Men i mBun Raite. I measc a raibh le rá aige ag an am bhí an méid seo: Dealraíonn sé go bhfuil glacaithe ag Cumann Merriman le fealsúnacht Frank O’Connor agus Thomas Kinsella .i. gur éag litríocht na Gaeilge san 18ú aois, ná fuil d’fháil ar an litríocht san inniu ach an fháil atá uirthi ins an mBéarla a scríobhann Éireannaigh agus dá bhrí sin gurb iad filí an Bhéarla oidhrí dílse Mherriman. Is deacair a thuiscint conas a fhéadfadh teanga amháin bheith ina cuid de theanga eile, go háirithe sa chás ina bhfuil na teangacha i gceist chomh deifriúil.
Foilsíodh an t‑alt seo roimh an chéad Scoil Samhraidh i 1968 agus sular beartaíodh ar Scoileanna Geimhridh Gaeilge a reachtáil. Níor ghlac bunaitheoirí Chumann Merriman riamh leis an leagan amach a chuir an Ríordánach i leith Kinsella, ach tugadh cead cainte don fhile Béarla ag an gcéad Scoil Samhraidh. Labhair Seán Ó Ríordáin ag an gcéad Scoil Gheimhridh in Aonach Urmhumhan i 1969, agus ó shin i leith, tá a chion féin déanta ag Cumann Merriman chun a gceart lárnach féin a thabhairt do litríocht agus do shaíocht na Gaeilge i gcultúr na hÉireann. Ní hionann sin agus a rá, áfach, nach bhfuil ábhar dlisteanach machnaimh i ndearcadh an Ríordánaigh, go háirithe i gcomhthéacs an teacht atá ag pobal na Gaeilge ar an litríocht a scríobhadh i nGaeilge ó Dhallán Forgaill anall.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil i dtaobh an bhaill seo, tá alt mar gheall air ag Wikipedia agus tá alt mar gheall ar Chaisleáin Bhun Raite ag Shannon Heritige.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil